Rule Brittania agus Brexit Rules OK, mar a chéile iad

An rud céanna a spreag plúr na bhfear óg chun cogaidh agus chun báis chun glóire an Rí agus na Ríochta a spreag an chosmhuintir chun vótáil ar son an Bhreatimeachta

Rule Brittania agus Brexit Rules OK, mar a chéile iad

Tá breis is mí caite ag Alexander Boris de Pfeffel Johnson mar Phríomh-Aire ar an dtír úd thall, agus thabharfá an leabhar go bhfuil sásamh á bhaint aige as, ó bíonn clab go cluas coitianta air agus é ag gabháilt ó áit go háit ag caitheamh a thóna.

Chuirfeadh sé Néaró Fidléara i gcuimhne dhuit, nó na Tiarnaí Talún a bhí coitianta anso anallód agus iad ag sodar timpeall na dúthaí ar nós déithe ach gan tráithnín sa tsaol acu.

Nuair a chím Johnson agus é ag caint ar mhór-éachtaí na Ríochta Aontaithe, agus é á thabhairt le fios nach gcuirfidh an Breatimeacht isteach ná amach ar gheilleagar na tíre, ritheann seanrá liom – mustar gan ghustal.

Cé go bhfuil cuma na halfraitse air, ní haon amadán é, áfach. Tá na cleasanna céanna á n-úsáid ag Johnson is atá úsáidte ag scata polaiteoirí pobalacha leis na cianta chun cumhacht a tharrac chucu féin, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leis. Ina chainteanna agus ina ghníomhartha, cruthaíonn sé íomhá den Ríocht Aontaithe mar Útóipe, mar uaisle thar uaisle agus mar náisiún le stair uasal iomráiteach, rud a spreagann rómhórtas cine, i ngiorracht an chiníochais, i measc na cosmhuintire. Rule Brittania, Brexit Rules OK.

An Ríocht Aontaithe i gcoinne an domhain ar fad, fé mar a bhí tráth. Canathaobh go mbeadh An Ríocht Aontaithe i gcómhargadh, i gcomhaontas agus ar comhchéim le seacht dtír is fiche eile, nuair gurb é ord nádúrtha na cruinne go mbeadh an Sasanach i gceannas ar dhaoine eile?

Ní haon ionadh go mbeadh an fhealsúnacht seo ag Boris Johnson. Deir sé gurb é Winston Churchill a laoch, an fear céanna a chreid gur saghas cumann carthanachta a bhí in Impireacht na Breataine, foras chun maitheasa dos na náisiún a thógadar ina gcrúca, an fear céanna a sheol na Tans chughainne i rith Chogadh na Saoirse, agus an fear céanna a sheol na mílte de bhochtáin na Breataine agus na tíre seo chun báis i mBá Suvla.

Fé láthair, is iad riarthóirí an Aontais Eorpaigh na drochbhuachaillí is measa i bhfealsúnacht Bhuirís, scata Napoléon á bhféachaint le Boris Wellington. Cleas eile i hata an phobalachais; cruthaigh naimhde nó ar a laghad cruthaigh ‘sinne’ agus ‘iadsan’. Sin atá á dhéanamh aige nuair a bhíonn sé ag trácht ar ‘piccaninnies’, ‘bumboys’ agus ‘letterboxes’ agus nuair a bhíonn sé ag fiafraí canathaobh nach ‘Murphy’ atá ar ár dTaoiseach-ne. Léiríonn sé an sainmhíniú cúng atá aige ar Bhiotanachas. Sinne i gcoinne iadsan.

Sa tslí chéanna inar úsáid prócadóirí na Ríochta agus na hImpireachta in Oirthuaisceart Uladh cúrsaí creidimh, sé sin an Protastúnachas, chun a gcomhchreidmhigh i measc an lucht oibre a mhealladh chucu féin fé bhratach an Aontachais, úsáideann Johnson an teanga mar chomharthaí sóirt an chineáil náisiúnachais atá á chur chun cinn aige.

Nuair a deir sé gurb é an rud is tábhachtaí le go mbeadh gach imirceach a thagann chun na Ríochta Aontaithe ina mBriotanach ná go bhfoghlaimeoidís Béarla, agus gur mór an scrupall é go bhfuil daoine sa tír le máthairtheanga éigin eile, sin é ag úsáid na teanga chun a phobal a mhealladh ina thimpeall. Ní chuimhníonn sé go bhfuil teangacha dúchasacha eile sa Ríocht Aontaithe, agus gur féidir le duine bheith ilteangach. Sin Breatain aonchineálach Bhoris.

Dúirt an tUrramach Martin Luther King uair gurb é an rud a thóg ar lucht rachmais Dheisceart na Stát Aontaithe na ciníocha a dheighilt óna chéile ná an eagla a bhí orthu go dtiocfadh na sclábhaithe nua-shaortha agus an pobal bocht geal le chéile ar bhonn aicme chun cearta agus feabhas saoil a éileamh.

D’úsáid an lucht rachmais an rud a bhí i gcoiteann acu leis an gcosmhuintir gheal, sé sin dath a gcraicinn, chun iad a mhealladh ina dtreo féin. Tá drochamhras orm go bhfuil an náisiúnachas Briotanach á dh’úsáid ag Boris agus ag piardaí móra an Bhreatimeachta sa tslí céanna.

Tá Gluaiseacht an Bhreatimeachta fréamhaithe sa náisiúnachas ar ar thug an t-eolaí polaitíochta Benedict Anderson ‘Pobal Samhlaithe’: “It is imagined as a community,” a deir sé, “regardless of the actual inequality and exploitation that may prevail in each, the nation is always conceived as a deep, horizontal comradeship.”

Úsáidtear íomhá shollúnta an náisiúin, nó na himpireachta, chun an chosmhuintir a ghríosú; sin a spreag plúr na bhfear óg chun cogaidh agus chun báis aríst is aríst eile chun glóire an Rí agus na Ríochta, agus sin a spreag an chosmhuintir chéanna chun vótáil ar son an Bhreatimeachta.

Ní chun maitheasa aicme an lucht oibre a bheidh an Breatimeacht, ach ní déarfaidh Johnson é sin leo. Gheobhaidh siad na rudaí tábhachtacha i ndomhan Bhoris, áfach. Bratach na Ríochta ar uimhreacha cláraithe a gcairteacha. Pasanna gorma. Cruicéad ar an teilifís saor in aisce. An sórt san ruda.

Fág freagra ar 'Rule Brittania agus Brexit Rules OK, mar a chéile iad'

  • Aonghus

    Is fada uathu anois impireacht agus comhlathas agus tá a Ríocht Aontaithe ag titim as a chéile ach ná bac sin. Seo chucu Don Quixote Johnson an laoch a chuireas forlámhas na Sassanach i réim arís.

    Brittania Rues the Ways!

  • An Teanga Bheo

    Ríocht eas aontaithe dá chothú agus an Rí ar bharr na dtonn!