Rúin le plé agus uachtarán le ceapadh, ach cathain a bheidh cluichí againn?

Tá aicsean de shórt eile againn an deireadh seachtaine seo ó Chomhdháil Bhliantúil CLG

Rúin le plé agus uachtarán le ceapadh, ach cathain a bheidh cluichí againn?

Staid Semple. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhí briseadh beag againn ón ngruaim ar fad Dé Sathairn seo caite agus muid ag féachaint ar na gradaim All Stars á mbronnadh ar RTÉ.

Chonaiceamar míreanna aicsin le réalta móra CLG 2020 . Agus mar a cheapamar Luimneach a fuair tromlach na ngradam agus Gearóid Hegarty a fuair gradam imreoir na bliana. Cuireadh Uachtarán an Chumainn John Horan faoi agallamh agus eisean den tuairim go mbeadh cluichí idirchontae againn roimh dheireadh an Mhárta.  Dúirt iarphríomh-aire Shasana Harold Wilson siar sna seascaidí ‘is fada an t-achar ama seachtain sa pholaitíocht’. Bhuel cad déarfadh sé faoi sheachtain den Covid-19? Cathain a bheimid ag féachaint ar ár gcluichí arís ? Nach in í an cheist?

Bhí mórán ráflaí agus tuairimíochta faoi seo sna meáin le tamall anuas agus an tuiscint ann go gcaithfear cloí le moltaí NPHET agus an Rialtais. Ansin buaileadh buille trom ar thuairimí Horan Dé Máirt le ráiteas an Taoisigh go mbeadh mí eile den dianghlasáil ann agus go mbeadh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a luaithe. Mar a dúirt ceannteideal spóirt an Examiner maidin De Céadaoin ‘Gach seans nach dtosóidh séasúr CLG go ceann deich seachtaine eile’.

Bhí craobhacha na sraithe iomána le bheith ann deireadh seachtaine an 10-11 Aibreán agus craobh na Mumhan sa pheil le tosnú an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.

Anois tá an lasair sa bharrach arís agus cinntí móra le déanamh faoi struchtúr an fhéilire.

Ar an gCéadaoin labhair Horan arís le RTÉ agus é fós dóchasach go bhféadfaidís na comórtais go léir idir chlub agus chontae a reáchtáil roimh dheireadh na bliana.

Mar a déarfadh mo Mham fadó, ‘I hope it stays fine for him’.

Tá aicsean de shórt eile againn an deireadh seachtaine seo ó Chomhdháil Bhliantúil an chumainn atá ar siúl go fíorúil inniu. Tá 47 rún ar an gclár ach beidh deich gcinn á bplé níos déanaí ag comhdháil speisialta.

Beidh mórán suime ag muintir na hiomána i Rún 20 a phléann le himirt shoiniciúil a tharlaíonn taobh istigh den líne 20 méadar.  Bhí mórán tuairimíochta ar na meáin faoin ábhar seo le déanaí.  De réir an rúin thabharfaí calaois shoiniciúil ar chalaois le lámh, cos nó camán. Má bhíonn an lá leis an rún gearrfaidh na réiteoirí pionós ar imreoir má dhéanann sé calaois ar imreoir a bhí díreach ar tí cúl a scóráil taobh istigh den líne 20 méadar. Chomh maith leis sin bhronnfaí cárta buí ar an té a bheadh ciontach agus thabharfadh sé deich nóiméad sa loca pionóis. Dar ndóigh beidh ar an moladh tacaíocht a fháil ó 60%. Níl aon dabht ach go bhfuil chuid maith den tsoiniciúlacht tagtha isteach san iomáint le tamall anois agus imreoirí breá sásta cárta buí a fháil ‘ar son na foirne’ agus chun stop a chur le seans maith ar chúl.

Ócáid stairiúil a bheidh ann inniu freisin nuair a thiocfaidh an tUachtarán nua Larry McCarthy ó Nua-Eabhrac i gceannas ar an gCumann. Sea, Corcaíoch lonnaithe sna Stáit Aontaithe a bheidh mar cheannaire don chéad trí bliana eile. Dar ndóigh is onóir agus pribhléid mhór é bheith mar uachtarán ach beidh mórán dúshlán ag baint leis d’fhear ata ina chónaí i Meiriceá agus é ag tosú amach tráth a bhfuil na fadhbanna go léir a bhaineann le Covid-19 linn i gcónaí. Guímid gach rath air. Beidh sé ag teastáil déarfainn.

Fág freagra ar 'Rúin le plé agus uachtarán le ceapadh, ach cathain a bheidh cluichí againn?'