‘Rugadh muid i lár na coimhlinte, ní raibh cur amach againn ar aon saol eile ach é’

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

‘Rugadh muid i lár na coimhlinte, ní raibh cur amach againn ar aon saol eile ach é’

Tá cuimhní ann a fhanann i m’intinn, in ainneoin imeacht na mblianta, agus tá síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta ina measc. Is i nDún Lúiche, i nGaeltacht ghalánta Thír Chonaill, a bhí mé ag an am, ag freastal ar chúrsa seachtaine Cásca do dhaltaí meánscoile. Bhí mé díreach i ndiaidh 16 bliana a bhaint amach dhá lá roimhe, bhí an chraic faoi lán seoil agam féin agus ag mo chairde i gcuideachta déagóirí eile as gach cearn den tuaisceart, agus bhí boladh suairc an earraigh san aer.

Cé nach raibh muid i dteideal vóta a chaitheamh go fóill, bhí an Comhaontú faoi chaibidil go pointe ag m’aoisghrúpa an tráth sin, taobh istigh den seomra ranga agus taobh amuigh de araon. Rugadh muid i lár na coimhlinte, ní raibh cur amach againn ar aon saol eile ach é, agus bhí suim againn a fháil amach an osclófaí na doirse i dtreo saol de chineál éigin eile san am a bhí le teacht.

Agus an phreasócáid ar siúl ag Stormont tráthnóna Dé hAoine, is i gcarr ár múinteora ar bhóthar cnapánach ag bun na hEaragaile a bhí muid, ag éisteacht le ráitis na bpolaiteoirí ar an raidió. Bhí sé díreach luaite ag an mháistir go mb’fhéidir go mbeadh impleachtaí ag an Chomhaontú don Ghaeilge ó thuaidh, agus nuair a chuala muid Gerry Adams ag labhairt i nGaeilge cúpla bomaite ina dhiaidh sin, lig an fear ard as an Dún gáir mhór ghairdis uaidh a d’fhéadfaí a chluinstin ar ais ina chontae dúchais.

Ní hamháin gur thuig muid ansin go raibh lá tábhachtach ann ó thaobh na síochána de, ach ba léir dúinn chomh maith go raibh ról ar leith ag ár dteanga féin i mórscéal na tíre, agus go raibh cumhacht ag baint léi lena chois.

 

Ní bheinn in ann a shamhlú an lá sin an t-athrú a bhí le teacht ar mo dhúiche áitiúil féin sna blianta i ndiaidh shíniú an Chomhaontaithe. Is duine teorann mise. D’fhás mé aníos taobh amuigh den Iúr i ndeisceart Ard Mhacha nuair a bhí an ceantar ardáilleachta ar an limistéar is míleataithe in iarthar na hEorpa. Bhí seicphointe ag arm na Breataine idir mo theach agus an scoil. D’amharc túr faire dá gcuid aníos orm gach lá ón chnoc os comhair an tí. Ba é drantán a gcuid héileacaptar fuaimrian m’óige. Ní áirím na saighdiúirí féin, buachaillí duairce duaithnithe ag díriú a ngunnaí ó chúl na seochanna. Ní láithreach bonn a athraíodh an tírdhreach mínádúrtha sin ach faoi lár na chéad deacáide den mhílaois nua bhí an bonneagar bagrach bainte anuas agus bhí an talamh, agus na daoine a chónaigh uirthi, in ann análú go réidh arís.

Ag amharc siar ar na 25 bliana atá imithe ó Aoine an Chéasta 1998, caithfidh muid a bheith buíoch de na rannpháirtithe ar fad a rinne na cinntí cróga le linn na gcainteanna agus a chuidigh chun ré nua níos síochánta a bhunú in Éirinn. Ag an am céanna tá sé tábhachtach nach dtéitear thar fóir leis an cheiliúradh, rud is dual agus próiseas síochána an tuaiscirt á phlé, go háirithe ar an ardán idirnáisiúnta.

Óir, mar atá a fhios againn uilig, lean eachtraí uafásacha foréigin ar aghaidh sna blianta i ndiaidh an Chomhaontaithe; tá tionchar na coimhlinte fós linn i bhfoirm an tráma idirghlúine atá ag dul i bhfeidhm ar an mheabhairshláinte go háirithe, tráma ar gá aghaidh a thabhairt air go cuí agus go cruthaitheach; tá éagothromaíochtaí córasacha sa tsochaí go fóill, thuaidh agus theas; is iad an mhífheidhmiúlacht agus an neamh-inmharthanacht na saintréithe is mó atá ag Stormont i gcónaí; gan trácht ar na monaróirí arm míleata domhanda atá i mbun oibre gach lá sa tuaisceart agus a fhaigheann maoiniú suntasach ó rialtas na Breataine – ní féidir labhairt go macánta ar an tsíocháin a chothú nuair atá a gcuid táirgí siúd ag scriosadh beatha daoine ar fud an phláinéid.

Mar sin is fada uainn an pobal cneasaithe atá mar sprioc againn. Is fada uainn sochaí chóir chothrom. Is fada uainn an fhíorshíocháin atá i ndán dúinn, mar dhaoine aonair agus mar chine daonna. Agus, ar a bharr sin uilig, níl an tír féin leigheasta againn go fóill ach oiread agus colm nimhiúil fós ina luí ar a dromchla ó Loch Cairlinn go Loch Feabhail, agus ar a hanam ó Shliabh gCuillinn go Sliabh Mis.

A bhuí le clocha míle ar nós an Chomhaontaithe, áfach, tá creatlach againn a chuireann ar ár gcumas na spriocanna sin a shroicheadh go síochánta agus céimeanna eile a thógáil i dtreo todhchaí níos gile do gach duine againn. Tá go leor le déanamh, ach tá mé cinnte go bhfuil glúnta nua samhlaíocha dóchasacha ag teacht chun cinn a n-éireoidh leo an chéad chuid eile dár gcneasú croí agus dár gcneasú críoch a bhaint amach. 

Aistritheoir é Tomaí Ó Conghaile atá ina bhunaitheoir ar an iris Nós

Fág freagra ar '‘Rugadh muid i lár na coimhlinte, ní raibh cur amach againn ar aon saol eile ach é’'

  • Séamus

    An-sraith is ea é seo, agus is maith liom an dóchas atá le brath i ngach ceann de na hailt nach mór.