‘Rugadh an bua le Pádraic Joyce’ – Séamus Moynihan

Chaith Séamus Moynihan agus Pádraic Joyce cúpla bliain ar coláiste le chéile i dTrá Lí agus labhraíonn captaen buacach Chiarraí in 2000 ar an aithne agus an cairdeas atá aige le bainisteoir na Gaillimhe

‘Rugadh an bua le Pádraic Joyce’ – Séamus Moynihan

Nuair a shiúil Séamus Moynihan agus Pádraic Joyce i dtreo a chéile díreach roimh chluiche ceannais na hÉireann 2000, thuigfeá dóibh dá ndéanfaidís miongháire beag lena chéile.

Bhí aithne mhaith ag captaen Chiarraí agus captaen na Gaillimhe ar a chéile tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh i dteannta a chéile mar mhic léinn in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, áit a raibh siad mar chuid d’fhoireann chaithréimeach peile an choláiste i dtreo dheireadh na nóchaidí.

Mar a deir Moynihan anois, bhí an-chuid oícheanta maithe caite ag an mbeirt i gcomhluadar a chéile théis cluichí a bhuachan nó a chailliúint ach ní raibh rian den chairdeas sin le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh in 2000. Gaiscígh dhíograiseacha chrua iad Moynihan agus Joyce agus ní haon iontas iad a bheith aitheanta ar bheirt de na himreoirí ab fhearr a d’imir riamh.

“Luíomar isteach ar an obair láithreach, Ní raibh aon gháire nó mionchaint ann. Ní raibh aon chaint ar bith ann,” arsa Moynihan. “Bhí a fhios againn beirt cé chomh tábhachtach agus a bhí cluiche ceannais na hÉireann.”

Deir Moynihan, a d’ardaigh Corn Mhig Uidhir an bhliain sin tar éis do Chiarraí Gaillimh a shárú in athimirt, go raibh sé féin agus Joyce sách aibí chun an choimhlint a bheadh eatarthu ar an bpáirc a fhágáil ar leataobh chomh luath agus a bheadh an cluiche thart.

“Is cuimhin liom théis an chluiche athimeartha, nuair a shuaimhnigh rudaí ar deireadh, bhí deoch agam in Ardán Uí Chíosóig le Pádraic, a athair agus cúpla cara leis ó Chill Fhir Iarainn a raibh aithne agam orthu. Bhí an bheirt againn go hiomlán dírithe ar Chraobh na hÉireann a bhuachan ach, ina dhiaidh, bhí muid fós ábalta bualadh le chéile. Níor thit muid amach lena chéile,” arsa Moynihan atá fós an-mhór le Joyce.

“Bhí sé ait ar bhealach. An bhliain chéanna go rabhamar beirt ina gcaptaein ar Ghaillimh agus ar Chiarraí, chuaigh an dá fhoireann chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann agus bhí muid ansin ag marcáil a chéile.”

Moynihan agus Joyce roimh chluiche ceannais 2000. Pic: INPHO/Tom Honan

Seans gur chabhraigh sé nár chaith an bheirt rófhada i gcoimhlint dhíreach in 2000. Cé go raibh an Seoigeach ainmnithe mar lántosach don chéad chluiche, is mar leathosach a d’imir sé do chuid mhaith den chluiche agus is ar an daichead slat a bhí sé lonnaithe ón tús san athimirt.

Is i 1996 a chuir an bheirt aithne ar a chéile ar dtús. Bhí Corn Mhic Shigiúir buaite faoi dhó cheana féin ag Moynihan le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh faoin am sin ach mealladh go Trá Lí é agus foireann galácticos á cur le chéile.

Bhí cúpla bliain caite ag Joyce ann cheana féin ag staidéar ríomhaireachta. Bhí sé mar chuid d’fhoireann mhionúir iontach ó Ghaillimh a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i 1994, áit ar bhuaigh Ciarraí orthu. Mar a tharla sé, bhí ochtar den fhoireann chéanna mar chuid d’fhoireann shinsir na Gaillimhe in 2000 ach ceithre bliana roimhe sin, is ag imirt don fhoireann faoi 21 amháin a bhí Joyce.

“Ba in 96/97 a chuir mé aithne ar Phádraic den chéad uair,” arsa Moynihan. “Bhí sé feicthe agam leis na mionúir i ’94 ach bhí mise beagáinín níos sine agus níor tháinig mé trasna air.

“D’fheicfeá láithreach an cumas peile a bhí ann. Bhí sé an-chruinn ó na ciceanna saora freisin agus nuair a bhuaigh muid Corn Mhic Shigiúir an bhliain sin, thug sé roinnt taispeántas den scoth. Is cuimhin liom go háirithe ceann in aghaidh UCD thuas i mBelfield. Bhí na scóranna a fuair sé in aghaidh na gaoithe an lá sin dochreidte. Bhí an-fhéinmhuinín aige.”

Bhí Joyce chomh maith sin go ndeir Moynihan nár thuig sé féin ná na Ciarraígh eile cén fáth nach raibh sé istigh le foireann shinsir na Gaillimhe an t-am sin. Bheadh fáilte curtha roimhe i gCiarraí, dar le Moynihan.

“Chuir sé iontas orm i gcónaí nach raibh sé ag imirt do Ghaillimh in ’97, fiú tar éis dúinn Corn Mhic Shigiúir a bhuachan san earrach. Chuir sé ionadh mór orainn i gCiarraí mar mheasamar dá mbeadh sé thíos linne, bheadh sé cinnte mar chuid den phainéal.”

Deir Moynihan nár phléigh sé an cheist le Joyce ag an am ach b’fhéidir gur measadh i nGaillimh go raibh Joyce fós óg agus go mbeadh sé deacair aige a bheith ag taisteal ó Chiarraí don traenáil. Deir Moynihan freisin gur mhór an chabhair a bhí sa séasúr sin i ’97 chun Joyce a fhorbairt. Bhíodh Trá Lí ag imirt sa Trench Cup roimhe sin, céim níos ísle ná Corn Mhic Shigiúir, agus tá an-mholadh ag Moynihan don obair a rinne an traenálaí aitheanta Pat Flanagan leis an bhfoireann i ’97.

“Is féidir le rudaí athrú go tapa agus seans go raibh John O’Mahony an-sásta nuair a tháinig sé isteach i ’98 agus chonaic sé go raibh na himreoirí seo ann [bhí Michael Donnellan ina mhac léinn i dTrá Lí freisin faoin am sin].

“Bhí Pádraic ar mhuin na muice ansin agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann sa chéad bhliain aige le Gaillimh in ’98. Go leor imreoirí, bíonn siad síoraí ag fanacht ar dheis a fháil Craobh na hÉireann a bhuachan agus ní thagann sé ach tháinig Pádraic agus Michael díreach isteach agus bhí bonn uile-Éireann acu ina bpócaí tar éis bliain amháin.”

Deir Moynihan nár chuir an méid a bhain Joyce amach iontas ar bith air.

“Rugadh an bua le Pádraic. Bhuaigh sé ar scoil, leis na mionúir, sa choláiste, leis na sinsir. Bhuaigh sé scata craobhacha contae le Cill Fhir Iarainn cé gur cumann beag iad i nGaillimh.

“Tá sé thar a bheith díocasach agus aon uair a chuireann sé a intinn le rud, éiríonn leis.”

In ainneoin cé chomh tiomanta is atá Joyce i dtaobh cúrsaí peile, deir Moynihan go bhfuil sé breá ábalta an chraic a bheith aige nuair atá cluiche thart.

“Fear maith é chun dul amach tar éis cluiche a bhuachan nó a chailliúint,” arsa Moynihan. “B’in mar a chur mise aithne air. Nuair a bhíodh muid ag traenáil, bhíodh sé cosúil leis an obair, ar bhealach. Thagadh tú isteach agus dhéanadh tú do chuid oibre, ach tar éis cluiche, bhí tú in ann scaoileadh leat féin agus aithne a chur ar a chéile agus b’fhéidir coinneáil oraibh an lá dár gcionn chomh maith.

“Bhí an-ghrúpa leaideanna againn thíos i dTrá Lí don chraic sin agus bhí Pádraic díreach ina lár. Bhí mé ar thurais leis chomh fada leis an Astráil agus áiteanna eile agus is iomaí oíche mhaith a bhí againn.”Corn Mhig Uidbir ardaithe ag Moynihan in 2000. Pic: INPHO/Billy Stickland

Cé go bhfuil an fhéinmhuinín sin a luaigh Moynihan le feiceáil sa seal atá caite ag Joyce mar bhainisteoir ar Ghaillimh, ní fhéadfaí a rá gur bainisteoir stuacach é. Cé go raibh sé ag iarraidh stíl pheile níos traidisiúnta a thabhairt isteach i nGaillimh ag tús a ré, d’aithin Joyce nach raibh sin ag obair agus d’athraigh sé.

“Ba léir go raibh sé ag iarraidh stíl ‘kick and go’ a imirt ar dtús agus, cé go raibh sin sa chroí aige, d’éist sé lena cheann,” a deir Moynihan.

“Bhí air athrú. Ní éireoidh leat má tá tú ag imirt fear ar fhear le seisear cosantóirí, tá an lá sin imithe. D’athraigh sé agus, mura bhfuil tú sásta é sin a dhéanamh, ní éireoidh leat mar bhainisteoir.”

Measann Moynihan go seasfaidh an córas sin do Ghaillimh ar an Domhnach agus tionchar Chian O’Neill, fear a bhfuil aithne mhaith aige ar pheileadóirí Chiarraí, luaite aige freisin.

“Beidh Gaillimh ag iarraidh gan spás a thabhairt do thosaithe Chiarraí, cur as dóibh, frustrachas a chur orthu.

“Ní cluiche oscailte a bheidh ann. Ba bhreá liom dá bhfeicfeadh muid a lán scóranna, go mbeadh sé cosúil leis an gcluiche ceannais iomána, ach ní dóigh liom é.”

Mar sin féin, ceapann Moynihan go ndéanfaidh Ciarraí an beart sa chluiche ceannais, ar éigean.

“Measaim go bhfuil fir ionaid níos fearr againn ná mar atá ag an nGaillimh. Ag féachaint ar bhinse na Gaillimhe, na fir a thiocfaidh isteach, ní dóigh liom go bhfuil sé chomh láidir agus ba cheart dó a bheith.

“Rud amháin a d’fhoghlaim muid ó bheith ag imirt in aghaidh Átha Cliath leis na blianta ná go dteastaíonn na himreoirí sin atá chun teacht isteach agus cur leis an bhfoireann, í a dhéanamh níos láidre do dheireadh an chluiche fiú. Sílim go bhfuil an lámh in uachtar ag Ciarraí ansin.”

Fág freagra ar '‘Rugadh an bua le Pádraic Joyce’ – Séamus Moynihan'

  • Norita Ní Chartùir

    Laoch de bhùnù Rosmuc è, as Rosmuc a thug sè leis an dùchas sin. Bail ò Dhia air.

  • Norita Ní Chartùir

    An fear mí cheart agam. Ach fòs is laoch è.