Rud ar bith mícheart le sceach i mbéal bearna agus saothar ficsin á scríobh, ach …

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Níl rud ar bith mícheart le sceach i mbéal bearna agus saothar ficsin á scríobh agat, ach ná déan dearmad an claí a thógáil i gceart sula gcuirfidh tú an saothar chuig na clódóirí

Rud ar bith mícheart le sceach i mbéal bearna agus saothar ficsin á scríobh, ach …

Bhí ainm dhuine de na carachtair thánaisteacha san úrscéal atá idir lámha agam ag cur isteach orm ón nóiméad ar chum mé é, ceithre nó cúig bliana ó shin anois.

Leasainm a bhí ann dáiríre. Tá fiacail óir i ndraid an charachtair sin, agus ‘Fiacail’ a bhaist mé air.

Ní gá duit a bheith i do léachtóir le litríocht lena thuiscint nach raibh mórán samhlaíochta ag baint leis an ainm sin.

Mar ‘choinneálaí ionaid’ – ‘placeholder’ a déarfadh scríbhneoir Béarla – a chuir mé an t-ainm sin isteach i dtosach. Ach tá a fhios agat an chaoi le sceach i mbéal bearna: téann tú i dtaithí ar an sceach agus tar éis bliana nó dhó, ní fheiceann tú an sceach a thuilleadh.

(Ar an gcaoi chéanna, le buicéad agus canna a bhím ‘ag tógáil ceatha’ le bliain go leith anuas toisc go bhfuil an cith i m’árasán briste. D’éirigh mé cleachta air. Ach bhí a fhios agam i gcúl mo chinn go raibh sé áiféiseach, córas a mheabhródh láthair champála do dhuine in árasán lárchathrach. Sa deireadh thiar thall ghlaoigh mé ar phluiméir. Anois díreach agus mé ag iarraidh a bheith ag scríobh an cholúin seo tá an cith á dheisiú. Ar bhealach thar a bheith callánach.)

‘Fiacail’, mar sin, an t-ainm gan samhlaíocht a bhí ar an gcarachtar úd i m’úrscéal agus chuile sheans gur ‘Fiacail’ a bheadh air fós agus an saothar sin i gcló lá breá éigin amach anseo – murach gur shiúil fear a mbíodh aithne agam air fadó isteach san ionad aclaíochta an oíche cheana.

Caithfidh sé go bhfuil ainm baiste ar an bhfear céanna, ach ‘Col Ceathrair’ a thugann chuile dhuine air. An nóiméad a casadh orm arís é an oíche cheana, thuig mé go mbeadh orm an leasainm sin aige a ghoid.

Ní chuirfeadh ‘Fiacail’ le tuiscint an léitheora ar an gcarachtar úd i m’úrscéal ar bhealach ar bith; athrá a bheadh ann ar eolas a bheadh ag an léitheoir cheana féin ón gcur síos fisiciúil.

Ach ‘Col Ceathrair’! Col ceathrair le cén duine? Agus cén saghas duine a d’ainmneofaí as gaol le duine éigin eile seachas as tréith phearsantachta nó fhisiciúil dá chuid féin?

Ar an bpointe boise, bheadh mistéir agus rúndiamhair ag baint leis an gcarachtar. Bheadh ceisteanna á n-ardú in aigne an léitheora agus is mó i bhfad an spéis a chuirfeadh an léitheoir ann.

Céard iad na gnéithe ar fad arbh fhiú do scríbhneoir cuimhneamh orthu agus ainm á roghnú aige do charachtar ficseanúil? Ceist í sin do cholún ar leith agus fillfidh mé uirthi an tseachtain seo chugainn.

An ceacht a bhain mé féin as scéal an lae inniu ná gur sceach i mbéal bearna, dáiríre, a bhíonn i ngach uile ainm – ní hea, i ngach uile fhocal! – i saothar ficseanúil go dtí go rithfidh rogha níos fearr leat; níl rud ar bith greanta i gcloch go dtí go gcuirfear an saothar chuig na clódóirí.

Fág freagra ar 'Rud ar bith mícheart le sceach i mbéal bearna agus saothar ficsin á scríobh, ach …'