Ruagairí na Seamróige agus an bóthar go Stamford Bridge

Bhí scéal le hinsint ag  leathbhádóir ár gcolúnaí faoin bhfoireann a thug aghaidh ar fhoireann chlúiteach Chelsea aréir

Ruagairí na Seamróige agus an bóthar go Stamford Bridge

Bhí an freastalaí in Óstán Chósta Chonamara ag súil go mór leis an gcluiche an tseachtain seo. ‘I’m a Chelsea supporter,’ a dúirt Moses linn go bródúil. ‘Téann tacaíocht mo mhuintire don chlub i bhfad siar- nuair a bhí m’uncail an-óg,’ a dúirt sé.

‘Is dócha gur as Londain thú ó thús,’ a deirimse.

‘Ní hea go deimhin,’ arsa Moses. ‘Is as Goa san India mé.’ Shuigh sé ar a ghogaide ag cur fód móna go cúramach ar an tine. Thosaigh sé ag ríomh liosta na n-imreoirí maithe a d’imir do Chelsea le blianta anuas- John Terry, Frank Lampard, Damien Duff, Didier Drogba. Ba léir go raibh ardmheas aige orthu.

Ach ar éigean a bhí a fhios aige cé a bheadh ag imirt ina n-aghaidh an tseachtain seo.

‘Shamrock Rovers?’ Cé hiad sin?

Ach mar a tharlaíonn sé, nach raibh scéal le hinsint ag an leathbhádóir é féin faoin bhfoireann a thug aghaidh ar shárfhoireann chlúiteach Chelsea aréir.

Is iomaí ceann a bhí á thochas ag scríbhneoirí spóirt ar fud na hEorpa le tamall agus iad ag cur na ceiste céanna orthu féin – cé hiad na Ruagairí Seamróige seo? Cá as a dtáinig siad?

Agus Moses ag réiteach braon tae dúinn sa bheár, d’inis an leathbhádóir an scéal dom – scéal a bhaineann le dhá thaobh a mhuintire – Clann Fullam agus Clann Gregg.

Nuair a bunaíodh an club sacair sa mbliain 1899, bhí a sheanathair, James Gregg agus a sheanuncail John Fullam i láthair. Ó tharla go raibh an cruinniú ar siúl in Ascaill na Seamróige ar An Rinn i ndeisceart na cathrach, cinneadh ‘Shamrock Rovers’ a thabhairt ar an gclub nua.

D’imir peileadóirí clúiteacha a raibh na sloinnte Gregg agus Fullam orthu i rith na mblianta don chlub ach ba sna blianta tosaigh a tharla eachtraí peile a chuaigh síos sa sTáin.

Ar ndóigh bhí baint ag stair fhuilteach an Stáit le cuid de na himeachtaí. Laoch mór a linne ab ea an peileadóir Bob Fullam – deartháir John a luaigh mé thuas. D’imir sé i gcluiche ceannais stairiúil le Shamrock Rovers – Corn Shaorstát Éireann – i 1922 (i lár Chogadh na gCarad) agus iad ag imirt in aghaidh St James’ Gate. (Bhí sé ráite fúthu siúd, fir a bhí fostaithe ag Guinness ar ndóigh, gur tugadh cúraimí ‘éadroma’ oibre dóibh roimh chluichí chun go mbeadh buntáiste acu.)

Ar an taobh eile, ba dhugairí agus a leithéidí iad peileadóirí na Ruagairí a tháinig as ceantar na nduganna agus na Rinne sa gcathair. Ar aon nós, bhí athimirt eatarthu agus bhuaigh leads St James’ Gate. Cluiche an-chrua, fealltach a bhí ann agus tar éis na feadóige deiridh, rith Bob Fullam isteach i seomra feistis na mbuaiteoirí le díoltas a bhaint amach ar an imreoir a d’imir feall air sa chluiche.

Ach cuireadh stop tobann lena ruathar nuair a tháinig deartháir an imreora fhealltaigh, ball den IRA, amach roimhe agus céard a bhí ina láimh aige ach gunna – dírithe ar Bob Fullam. Thug seisean do na boinn é ar ais ag a thaobh féin.

Cé gur cuireadh cosc roinnt míonna air, d’fhill sé ar an bpeil agus bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh cúig (1929 go 1933) Chorn Saorstáit i ndiaidh a chéile, agus freisin, chaith sé roinnt míonna mar imreoir le Leeds United.

Dugaire ab ea Bob, ar nós go leor eile, agus ba mhinic a thagadh sé ag traenáil díreach ón obair, tharraingíodh sé air a chuid buataisí agus togáileadh sé amach, clúdaithe le smúdar guail.

Bhí cáil air go raibh sé láidir agus aclaí. Bhí sé uair amháin i 1927 ag imirt ar son na hÉireann (Saorstát Éireann) in aghaidh na hIodáile agus bhuail cic fíorláidir in aghaidh lánchúIaí na nIodálach. Thit seisean siar agus b’éigean é a thógáil den pháirc ar shínteán. Bhuaigh an Iodáil 2-1. Bob a fuair an cúl d’Éirinn. Níorbh aon ionadh go mbíodh sé le cloisteáil ar feadh na mblianta ina dhiaidh i measc lucht leanta sacair: ‘Give it to Bob!’

Ball eile de na bunaitheoirí ná James Gregg, seanathair an leathbhádóra. Bhí mac aige siúd, Podge Gregg, a raibh de cháil air gur ghnóthaigh sé an bua sa chluiche ceannais FAI sa mbliain 1945, lena chic isteach sa chúl. Ba ghnách leis ciceáil lena chois chlé agus bhíodh sé ina nath cainte sa chlann ina dhiaidh sin gur chiceáil sé an scór buacach leis an gcos a mbíodh sé ag seasamh uirthi – a chos dheas.

Tuairiscíodh go raibh 45,000 duine i láthair ag an gcluiche sin – an líon ba mhó ariamh ag Cluiche Ceannais an Choirn.

Dugaire ab ea Podge freisin. Rud amháin a bhí neamhghnách faoi ná gur imir sé i dTuaisceart Éireann agus do Shraith na hÉireann freisin.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

I rith an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh sé go Béal Feirste ar thóir oibre agus fuair post i Short agus Harland, ag déanamh eitleán cogaidh. Tráthúil go leor bhí na hoibreacha sin trasna an bhóthair ó pháirc sacair Glentoran – ‘The Oval’. Thug Glentoran cuireadh dhó imirt leo agus d’aontaigh seisean go fonnmhar. Bhí a fhios acu go raibh sé tar éis a bheith ag imirt le Ruagairí na Seamróige agus d’iarr siad air imirt mar thosach i lár páirce. ‘Paddy’ a thugadh siad air i dTuaisceart Eireann.

Thug teaghlach Oráisteach in oirthear Bhéal Feirste lóistín dhó – bhí an-chion acu air. Go deimhin, nuair a phós tuismitheoirí an leathbhádóra blianta ina dhiaidh sin, sna caogaidí, cuireadh fáilte rompu ar mhí na meala go dtí an teach céanna.

Glúin ina dhiaidh sin, d’imir baill den dá chlann, Johnny Fullam agus Jimmy Gregg le Ruagairí na Seamróige nuair a bhuadar Corn an FAI sa mbliain 1968 in aghaidh Phort Láirge agus 40,000 duine ag an gcluiche i bPáirc Dalymount.

Bí cinnte go raibh baill ón dá chlann  i láthair ag i Stamford Bridge aréir nuair a chuaigh na Ruagairí chun páirce in aghaidh Chelsea.

Agus tá súil agam gur bhain Moses as Goa, súp as agus é suite síos cois na tine ag féachaint air, in Óstán Chósta Chonamara.

Fág freagra ar 'Ruagairí na Seamróige agus an bóthar go Stamford Bridge'