A Róisín Dubh, ná bíodh brón ort! GaelGHÁIRÍ ag teacht go Gaillimh

Beidh club grinn na Gaeilge ag teacht chuig an Róisín Dubh i nGaillimh Dé Sathairn 7 Márta

maxresdefault-2

Beidh GaelGHÁIRÍ ag teacht go Gaillimh den chéad uair De Sathairn an 7 Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Is é GaelGHÁIRÍ an t-aon chlub grinn Gaeilge. Eagraíonn oícheannta rialta grinn i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Beidh seó na Gaillimhe ar siúl sa Róisín Dubh.

Beidh Kevin McAleer agus Michael Mee ina bpríomhréaltaí ar an oíche. Tá seónna Gaeilge déanta ag an mbeirt cheana féin ach seo é an chéad uair acu ceann a dhéanamh i gCathair na dTreabh. Dúirt Kevin McAleer go bhfuil sé ar bís a chéad seó Gaeilge a dhéanamh i nGaillimh.

“Tá seónna as Gaeilge déanta agam go dtí seo i nDún na Gall, Corca Dhuibhne, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, gach cearn den tír seachas an tIarthar Fiáin. Beidh an Róisín Dubh mar theorainn deiridh. Scaoil amach mé, a Scotty!”

Bunaíodh GaelGHÁIRÍ i mí Nollag 2013, agus tá an club tar éis camchuairt a dhéanamh timpeall na hÉireann cheana féin. Bhí os cionn tríocha fuirseoir ar an stáitse go dtí seo agus tá seónna déanta acu i gCorcaigh, Ciarraí agus Laois. Tá Andy Ó Faoláin ar dhuine de bhunathóirí an chlub.

“Táimid an-sásta GaelGHÁIRÍ a thabhairt go Cathair na dTreabh faoi dheireadh. Leis an nGaeltacht in aice láimhe agus an teanga agus na healaíona chomh láidir sin sa chathair féin, bhíomar lenár n-aghaidh a thabhairt ar Ghaillimh le fada an lá,” a dúirt sé.

Beidh bunaitheoir eile an chlub Eoin P. Ó Murchú ar an stáitse ar an oíche in éineacht le McAleer, Mee agus Pádraig Breathnach ón gclár teilifíse Killinascully chomh maith le fuirseoir eile GhaelGHÁIRÍ Martin Angolo agus Aideen McQueen.

Fág freagra ar 'A Róisín Dubh, ná bíodh brón ort! GaelGHÁIRÍ ag teacht go Gaillimh'