Roinn na Gaeltachta chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar chás phlean teanga Chois Fharraige

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint do gach plean teanga agus chuir siad na cúiseanna lena gcinneadh i láthair oifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta ag cruinniú sna Forbacha aréir

Roinn na Gaeltachta chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar chás phlean teanga Chois Fharraige

Chuir toscaireacht ó Fhóram um Phleanáil Teanga Chois Fharraige na cúiseanna lena gcinneadh diúltiú do mhaoiniú ó Údarás na Gaeltachta i láthair oifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás ag cruinniú sna Forbacha aréir.

I ndiaidh an chruinnithe, a mhair dhá uair a chloig, dúirt oifigigh Roinn na Gaeltachta gur theastaigh níos mó ama uathu chun machnamh a dhéanamh ar an gcás a cuireadh ina láthair.

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga don mhaoiniú a tairgeadh dóibh chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i bhfeidhm as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga. Tá plean teanga Chois Fharraige aontaithe le hÚdarás na Gaeltachta agus seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ach chuir cinneadh an Fhóraim  diúltú don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint do gach plean teanga tús le díospóireacht mhór faoin leibhéal maoinithe atá á chur ar fáil don phleanáil teanga sa Ghaeltacht. 

Tá ráite ag polaiteoirí, grúpaí pleanála teanga agus saineolaithe éagsúla nach leor na hacmhainní atá á gcur ar fáil chun feidhm a thabhairt do phleananna teanga.

Tá cruinniú  d’Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga beartaithe don 20 Samhain agus é i gceist ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim ‘tuairisc iomlán faoin staid reatha’ a thabhairt ag an gcruinniú sin.