Roinn na Gaeltachta fós ag plé cás na gcoláistí samhraidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí

Agus cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta ardaithe arís sa Dáil inné, deir Roinn na Gaeltachta bhfuil ‘iarrachtaí leanúnacha’ ar siúl acu teacht ar shocrú maidir le pacáiste cúitimh

Roinn na Gaeltachta fós ag plé cás na gcoláistí samhraidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí

Tá Roinn na Gaeltachta fós ag plé scéal an chúitimh do choláistí samhraidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí. Tá iarratas déanta ag Roinn na Gaeltachta ar an Roinn Caiteachais Phoiblí ar chead cúiteamh a íoc ach dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil an “próiseas sin fós ag dul ar aghaidh”.

Mar sin an Roinn Caiteachais Phoiblí a dhéanfaidh cinneadh faoin chineál pacáiste tacaíochta a chuirfí ar fáil chun teacht i gcabhair ar na coláistí samhraidh i mbliana. Ní féidir “amscála” a thabhairt maidir le cén uair a fhógrófar sonraí an phacáiste, a dúradh.

Dúirt an t-urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go raibh “iarrachtaí leanúnacha” ar siúl acu teacht ar shocrú maidir le cúiteamh a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh i mbliana.

Dúirt sé go raibh “ceist earnáil na gcoláistí Gaeilge” á plé ag an Roinn le Concos agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Concos, Eagraíocht Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, maidir leis an chineál socrú atáthar á lorg.

D’ardaigh beirt Teachtaí Dála as Ciarraí cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta sa Dáil tráthnóna inné. Dúirt Pa Daly, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, agus Norma Foley, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur chóir tacú go láidir leis na coláistí agus le mná tí na Gaeltachta ó tharla na cúrsaí go léir a bheith curtha ar ceal i mbliana.

Ardaíodh ceist na gcoláistí samhraidh sa Dáil arís tráth a bhfuil na coláistí samhraidh Gaeltachta agus na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí ag fanacht ar eolas faoin tacaíocht atá i ndán dóibh.

Dúirt an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ go háirithe á phlé aici le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Pacáiste cúitimh don “bhean an tí” agus do na coláistí atá á phlé ag an dá roinn, a dúirt sí. Bhí freagra á thabhairt ag an aire ar cheist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly uirthi.

Tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, cheana go mbeadh cúiteamh éigin ar fáil toisc nach mbeidh aon chúrsaí samhraidh ann i mbliana de thoradh na paindéime domhanda.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Máire Denvir, duine de stiúrthóirí Choláiste Chamuis, coláiste samhraidh aitheanta i gConamara, go raibh lucht na gcoláistí samhraidh ag fanacht “go foighdeach” le heolas faoin chineál pacáiste a bheas á chur ar fáil dóibh.

“Tá muid foighdeach agus tá muid ag fanacht agus tá súil againn go mbeidh scéal dearfach againn go gairid.”

Dúirt Máire Denvir go gcaithfí “tarrtháil” a dhéanamh ar na coláistí Gaeilge a bhfuil airgead caite acu ó Mheán Fómhair seo caite ar chúrsaí na bliana seo.

“Tá na coláistí stiúrtha ag Roinn na Gaeltachta ar gach bealach agus tá dualgas ar an Roinn. Is géarchéim í seo agus is cóir don Roinn teacht i gcabhair orainn in am na géarchéime sa gcaoi is nach gcuirtear deireadh le breis agus céad bliain de thraidisiún,” a dúirt Máire Denvir.

Sa bhliain 1904 a bunaíodh na chéad choláistí samhraidh agus meastar gur fiú €50 milliún an tionscal do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt Máire Denvir nach raibh “aon phleanáil teanga níos foirfe ná níos fearr” ná reáchtáil na gcúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Má tá muid ag caint ar Phlean 20 Bliain don Ghaeilge agus ar an bpleanáil teanga, níl aon phleanáil teanga eile níos foirfe ná níos fearr ná scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar go dtagann na Gaeilgeoirí isteach sna tithe agus maireann siad ann agus tuigeann siad an cultúr.

“Ní hamháin sin ach meabhraíonn sé do ghasúir na dtithe agus do dhaoine óga sa nGaeltacht go bhfuil rud éigin an-luachmhar acu le roinnt,” a dúirt Máire Denvir ó Choláiste Chamuis.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta fós ag plé cás na gcoláistí samhraidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí'