Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gan aon Ollamh don tríú bliain acadúil as a chéile

Nuair a chuirfear tús leis an mbliain acadúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Dé Luain seo chugainn beidh Roinn na Gaeilge san ollscoil sin fós d’uireasa ollaimh agus gan an folúntas atá ann le breis agus dhá bhliain fógartha fós

Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gan aon Ollamh don tríú bliain acadúil as a chéile

Beidh Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gan aon Ollamh le Nua-Ghaeilge nuair a chuirfear tús Dé Luain seo chugainn leis an mbliain acadúil nua.

Seo an tríú bliain acadúil as a chéile a mbeidh ar Roinn na Gaeilge déanamh d’uireasa ollaimh. Tá breis agus dhá bhliain ann ó d’éirigh Gearóid Denvir as a chúram mar Ollamh le Nua-Ghaeilge i samhradh na bliana 2014, ach níl an folúntas sin fiú fógartha fós.

Ní fios go fóill cén uair atá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag súil go bhféadfaí dul chun cinn maidir le líonadh an fholúntais a dhéanamh nuair a rachaidh Déan nuacheaptha Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh i mbun a chúraim go luath.

Tá “frustrachas” fós i measc lucht na Gaeilge san ollscoil faoin éiginnteacht agus an mhoilleadóireacht atá ag baint le ceapachán chomharba Ghearóid Denvir.

An t-Ollamh Gearóid Denvir a d'éirigh as a phost in ÓÉG i samhradh 2014
An t-Ollamh Gearóid Denvir a d’éirigh as a phost in ÓÉG i samhradh 2014

D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív den iar-aire Oideachais, Jan O’Sullivan, sa Dáil níos túisce i mbliana ar chúis imní di go bhfuil an folúntas ann le nach mór trí bliana acadúla.

Dúirt an t-iar-aire O’Sullivan gur faoi OÉ Gaillimh féin a bhí sé plé le haon fholúntas a thagann chun cinn. Cé gur tugadh isteach moratóir ar earcú don earnáil phoiblí le linn na géarchéime eacnamaíochta, bhí “solúbthacht shuntasach” ann, a dúirt sí, maidir le folúntais a líonadh “trí earcú nó ardú céime” in institiúidí oideachais.

Dúirt an tAire go raibh a Roinn ag obair ar Chreat Rialála Fostaíochta nua d’earnáil an ardoideachais don bhliain acadúil 2016/2017.

Dúirt an t-iarOllamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley, ag deireadh na bliana seo caite gur rud “tubaisteach” é go mbeadh Roinn na Gaeilge in OÉG ag feidhmiú gan aon ollamh buan agus mheas sé gur chun roinnt éigin airgid a shábháil atá an folúntas gan líonadh.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le cathain a fhógrófar an folúntas ach táimid fós ag fanacht le freagra.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gan aon Ollamh don tríú bliain acadúil as a chéile'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Feitheamh fada ar chosa laga (na Gaelainne) is baolach. Ní móide go mbeartóodh ollscoileanna gur geall le gnólachtaí iad gurb aon chuid fá ngnó cur chun cinn na dteangacha (seachas an Béarla agus an tSínis) na litríochtá agus na gcultúr i bhfad eile – ,an domha mar bhí insa staid roim Bháibil is gean leo, is ait leo éinní ach AIRGEAD – deire nach aon tsaoiscéil, is baolach!

  • padraig

    Ollscoileanna na hÉireann -mo náire shaolta sibh. Tá díolta amach agaibh agus sibh anois faoi chuing ollchorpráidí domhanda an rachmais. Is eol daoibh praghas gach ruda ach n’fheadair sibh luach aon ní beo. Ní lú libh an sioc ná an Ghaeilge, ár n-oidhreacht, ár gcultúr; is sibh ‘murder machine’ ár linne faoi mar a thuar an Piarsach.

  • Gabriel Rosenstock

    Díscoiliú agus dí-ollscoiliú na tíre atá ag teastáil, mar a mhol Illich:

    https://en.wikipedia.org/wiki/Deschooling_Society
    .