Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ‘i mbun cainteanna’ faoi scéim mhaoinithe lárionaid Ghaeilge ar fud an stáit

Gealltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go ndéanfar 'ionaid fhisiciúla acmhainní' a fhorbairt i lár Bhaile Átha Cliath agus in 'áiteanna móra uirbeacha eile' timpeall na tíre

Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ‘i mbun cainteanna’ faoi scéim mhaoinithe lárionaid Ghaeilge ar fud an stáit

Tá Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge “i mbun cainteanna” i láthair na huaire maidir le scéim nua a thabhairt isteach leis an mír den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge faoi fhorbairt lárionad Gaeilge ar fud na tíre a chur i bhfeidhm. 

Gealltar sa Straitéis go ndéanfar “ionaid fhisiciúla acmhainní” a fhorbairt i lár Bhaile Átha Cliath agus in “áiteanna móra uirbeacha eile” timpeall na tíre, ach níl tús curtha le haon togra dá leithéid faoin straitéis ó seoladh í in 2010.

Luaitear amharclanna, siopaí caifé, bialanna, siopaí leabhar, agus oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le seomraí cruinnithe, comhdhála agus taispeána i measc na n-áiseanna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sna hionaid seo.

Beidh an scéim nua ag brath ar mhaoiniú  a bheith ar fáil, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil agus ceist a chuir an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Colm Brophy á fhreagairt aige.

“Area for Action 6.4 of the 20-Year Strategy for the Irish Language provides for the development of Irish language social and resource centres in urban centres around Ireland.

“Discussions are underway between my Department and Foras na Gaeilge regarding the establishment of a new scheme to address this Area for Action, subject to funding becoming available,” a dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne.

Ceadaíodh €150,000 ó scéim eile ag deireadh na bliana seo caite do Ghaelphobal Thamhlachta le hIonad Gaeilge a fhorbairt i dTamhlacht. Cheannaigh Gaelphobal Thamhlachta áitreabh sa cheantar os cionn dhá bhliain ó shin agus é ar intinn ag an eagraíocht an áit a fhorbairt mar lárionad Gaeilge agus Cultúir don cheantar. Cheadaigh Comhairle Bhaile Átha Cliath Theas deontas €50,000 do Ghaelphobal Thamhlachta i mí Dheireadh Fómhair 2015 seo caite le cabhrú leis an bhforbairt ar an Ionad Gaeilge agus Cultúir.

Thug an tAire Kyne le fios go bhfuil ailtire i mbun oibre faoi láthair ar an gcéad chéim den fhorbairt atá le déanamh ar an Ionad nua Gaeilge i dTamhlacht agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh an t-ionad oscailte don phobal i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Tógfar amharclann agus ionad cruinnithe ar an láthair mar chuid den dara céim den phlean. Beidh an tIonad Gaeilge ar fáil do ghrúpaí Gaeilge agus cultúir i dTamhlacht.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ‘i mbun cainteanna’ faoi scéim mhaoinithe lárionaid Ghaeilge ar fud an stáit'