Rogha seacht dtáirge do sheisiúin áilleachta sa mbaile

Táirgí áilleachta ó €8 go €58 le muid a réiteach don saol mór nuair a bheidh srianta an tsáinnithe scaoilte arís

Rogha seacht dtáirge do sheisiúin áilleachta sa mbaile

Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé seachtaine caite ag cuid mhór againn faoin am seo ag obair ón mbaile. Cé a chreidfeadh aimsir na Féile Pádraig go mbeimis fós sáinnithe ag deireadh an Aibreáin agus gan aon chinnteacht faoina bhfuil i ndán dúinn sna seachtainí seo romhainn ach an oiread. 

Is dócha go bhfuil patrúin agus nósmhaireachtaí nua forbartha againn ar fad le dul i ngleic leis an athrú mór saoil.

Deir na saineolaithe ar fad go gcaithfimid aire a thabhairt dár sláinte choirp agus intinne agus cúram ar leith a dhéanamh de shásamh a bhaint as an saol a oiread agus is féidir.

Níl locht ar bith ar sheisiúin áilleachta sa mbaile le beagán brí agus fuinnimh a chuir ionainn féin agus le muid a ullmhú le haghaidh a thabhairt arís ar an domhan mór, luath nó mall. Tá rogha táirgí áilleachta le moladh agam inniu a chabhróidh linn muid féin a réiteach go deas don saol a bheidh romhainn nuair atá srianta an tsáinnithe scaoilte arís.  Ó €8 go €58 an praghas ar na táirgí seo agus is cinn iad ar fad a d’úsáid mé féin sna seachtainí seo caite sa mbaile.

 

Yo Glow Enzyme Scrub ó Wishful ag Boots ar €39.99

Seo masc aghaidhe iontach ó Huda Kattan, an tionchaire smididh. Masc leis an gcraiceann a scamhadh atá i gceist agus cuirfidh sé cuma lonrach mín ar do chraiceann. Ní gá é seo a úsáid ach faoi dhó sa tseachtain agus feicfidh tú a thoradh go luath. Agus ní thógfaidh sé ach nóiméad amháin an masc seo a úsáid.

 

Squalane + Omega Repair Cream ó Biossance ag Cult Beauty ar €58

 Tuigim go bhfuil an ceann seo sách daor ach is maothóir dochreidte maith é. D’úsáid mé féin é le coicís anuas agus níl amhras ar bith orm faoin luach ar airgead atá i gceist leis. Go deimhin, déarfainn gurbh é seo an maothóir is deise a d’úsáid mé riamh. Coinníonn sé an aghaidh hiodráitithe agus maothaithe de bharr oiread squalane agus glicrín a bheith ann.

 

Olaplex Hair Perfector No. 3 ó BeautyShop.ie ar €23.99

Tá an masc gruaige seo á úsáid agam le tamall anois agus mé fíorshásta leis an toradh atá air.  Tá mo chuid gruaige níos sláintiúla ná riamh agus í ag fás léi ar luas lasrach!  Níl le déanamh agat ach an táirge seo a chuimilt ar do chuid gruaige agus í fliuch sula dtosaíonn tú ar an seampú. Níl i gceist anseo ach oiread ach cúpla nóiméad breise. 

 

NYK1 Lash Force ó NYK1.com ar £37.95

Seo séiream le malaí agus fabhraí a chur ag fás. D’úsáid mé féin é seo faoi dhó sa lá le mí anuas agus tá mé lánsásta leis an toradh. Tá mo chuid fabhraí níos faide agus níos tibhe agus na malaí ag fás níos fearr ná riamh. Ní theastóidh fabhraí bréige níos mó!

 

Westlab Sleep Bathing Salts ó Look Fantastic ar €8.45

Más duine thú a dtaitníonn folcadh deas leat go rialta is fiú duit triail a bhaint as an mbranda Westlab. Tá labhandar sa gceann seo agus taitníonn an boladh liom agus an fonn codlata a chuireann sé orm!

 

Phenomen Oil ó Jessica Nail ó Look Fantastic ar €16.45

Níl vearnais á chaitheamh agam le tamall agus tá na hingne gearrtha siar agam mar chuid den chleachtas nua maidir le lámha a ní go maith agus go fíor-rialta. Is beag aire a fuair na hingne céanna roimhe seo ach cótaí deasa vearnaise a choinneáil orthu. Cheannaigh mé an ola nua seo roinnt seachtainí ó shin agus tá a fiúntas á fheiceáil agam cheana féin ar na hingne sláintiúla míne.

 

AHA Smart Renewal Body Serum ó Ren ar €39

Is breá liom an maothóir/séiream coirpe seo ó Ren a dhéanann scamhadh iontach ar an chraiceann. Tá comhábhar sármhaith ann, boladh deas oráiste air agus tá sé go maith le spotaí a dhíbirt nó an ghairbhe a ghlanadh den chraiceann.

Fág freagra ar 'Rogha seacht dtáirge do sheisiúin áilleachta sa mbaile'