Rogha dheas de ghúnaí samhraidh agus muid éalaithe ón dianghlasáil 

Tá seacht ngúna molta ag ár gcomhfhreagraí ar phraghsanna idir €20 agus €80

Rogha dheas de ghúnaí samhraidh agus muid éalaithe ón dianghlasáil 

Níl leithscéal ar bith againn anois ó tharla muid a bheith scaoilte saor ón dianghlasáil. Tá sé thar am againn dul i measc an phobail arís agus an deis a thapú le gúna deasa samhraidh a chaitheamh. 

Is beag againn a thabharfaidh aghaidh i mbliana ar thránna na Mór-Roinne ach ní cúis ar bith é sin gan gúna deasa a cheannach do laethanta saoire an tsamhraidh sa mbaile. Tá neart cinn dheasa sna siopaí agus ar líne faoi láthair agus margaí maithe le fáil. 

Idir €20 agus €80 atá na gúnaí atá a moladh anseo agam díbh. 

 

Gúna bláthach gorm, ar fáil ó Topshop ar €29

Gúna álainn é seo ar dhath breá bríomhar gorm. Tá an ceann seo feiliúnach do lá cois trá, don bhaile mór nó fiú d’ócáid níos foirmeálta.

 

Gúna bróidnithe bán, ar fáil ó Mango ar €22.99

Is breá liom féin gúnaí bána a chaitheamh an t-am seo den bhliain – cuireann siad go mór le cibé rian de dhath na gréine atá ort. Tá an fhabraic sa gceann seo sách éadrom agus bheadh sé ar fheabhas agus an aimsir an-te.

 

Gúna glas go colpa, ar fáil ó Zara ar €49.95

Is breá liom an gearradh atá ar na muinchillí agus ar an muineál ar an ngúna seo. Bheadh an ceann seo go hálainn dá mbeadh cuireadh agat chuig BBQ nó cóisir dá leithéid faoin aer. 

 

Gúna teannphléatáilte, ar fáil ó Everlane ar €79

Taithíonn Everlane go mór liom féin mar bhranda mar go bhfuil prionsabail dhochta ag lucht an chomhlachta maidir le hábhair inbhuanaithe a úsáid. Bíonn caighdeán iontach ina gcuid táirgí agus cé go bhfuil an gúna seo níos daoire ná aon cheann eile atá roghnaithe agam mairfidh sé ar feadh na mblianta.  

 

Mionghúna bá cadáis, ar fáil ó ASOS ar €41.48

Tá an cineál gúna ‘scaoilte’ seo le muinchillí móra sa bhfaisean faoi láthair agus tá siad an-chompordach le caitheamh, go háirithe nuair atá an aimsir chomh te sin. Bheadh an gúna seo go deas le bróga reatha bána nó le cuaráin.

 

Gúna buí le muinchillí bolgacha, ar fáil ó H&M ar €19.99

An dath álainn bríomhar buí is túisce a mheall mé i dtreo an chinn seo. Is breá liom an patrún bláthach, an gearradh simplí agus na cnaipí blaosc toirtíse. Tá praghas an-réasúnta ar an gceann seo freisin.

 

Mionghúna dearg línéadaigh, ar fáil ó & Other Stories ar €69

Tá an ceann seo an-simplí agus fós an-fhaiseanta. D’fhéadfaí an ceann seo a chaitheamh go neamhfhoirmiúil le bróga reatha nó a mheaitseáil le sála arda agus seaicéad leathair d’ócáid níos galánta. Tá an ceann seo daor go leor ach fós féin gheobhaidh tú luach do chuid airgid.

Fág freagra ar 'Rogha dheas de ghúnaí samhraidh agus muid éalaithe ón dianghlasáil '