Rock agus O’Shea ag seasamh an fhóid, tionchar na n-ionadaithe agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na hábhair chainte is mó ó chluiche ceannais na hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí

Rock agus O’Shea ag seasamh an fhóid, tionchar na n-ionadaithe agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann

Rock agus O’Shea ag seasamh an fhóid

Bhí cluiche den scoth ag Dean Rock d’Áth Cliath inné. Agus cuid de thosaithe eile Átha Cliath ciúin go maith, sheas Rock an fód dá fhoireann. Deirtear nach ndéanann Rock mórán seachas ciceanna saora a chiceáil ach d’aimsigh sé trí chúilín ón imirt i, cúilín an chomhscóir in am cúitimh ina measc. Bhí sé cruinn go maith ó na ciceanna saora chomh maith, seachas an ceann deireanach a bhí an-deacair.

Níor cheart go gcuirfeadh taispeántas Rock mórán iontais ar dhaoine. Tá a mhianach léirithe cheana aige i gcluiche ceannais agus ba é a fuair an scór cinniúnach i gcluiche ceannais 2017.

B’iontaí fós an taispeántas a thug Seán O’Shea Chiarraí uaidh. Níl O’Shea ach 20 bliain d’aois agus bhí sé ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair. Ina ainneoin sin, bhí sé ar fheabhas ar fad agus scóráil sé 10 gcúilín. Amhail Rock, tháinig trí cinn acu sin ón imirt, ach níor chuir O’Shea oiread agus iarracht amháin amú. Bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh gurbh é an briseadh croí a bheadh i ndán dó ag an deireadh nuair a rinne sé an chalaois sin a bhronn deis amháin eile ar Rock. Ach mí-ádh ceart ar O’Shea a bheadh ann dá mbeadh an cluiche caillte ag Ciarraí dá bharr sin.

Paul Mannion agus  Jason Foley. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tuilleadh le teacht ó thosaithe an dá fhoireann

Dá ndéarfá le lucht tacaíochta Chiarraí nach n-aimseodh Paul Mannion, Con O’Callaghan agus Ciarán Kilkenny ach trí chúilín eatarthu inné, bheadh siad thar a bheith sásta.

Measadh roimh an gcluiche gurbh iad cosantóirí na Ríochta an laige ba mhó a bhí ag an bhfoireann ach den chuid is mó, fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Tadhg Morley agus Tom O’Sullivan ar fheabhas agus Mannion agus O’Callaghan á marcáil acu agus choinnigh Gavin Crowley súil ghéar ar Kilkenny.

Beidh Ciarraí buartha nár éirigh leo an beart a dhéanamh agus a laghad tionchair a bhí ag triúr Átha Cliath ar an imirt agus is deacair a chreidiúint nach dtabharfaidh siad taispeántas níos fearr san athimirt.

Ní mór a rá nár éirigh rómhaith le sárthosaithe Chiarraí ach an oiread. Amhail triúr Átha Cliath, níor éirigh le David Clifford, Paul Geaney ná  Stephen O’Brien ach trí chúilín a scóráil. Bhí Clifford agus Geaney an-ghníomhach ag tús an chluiche ach bhí siad an-mhíchruinn. Chuir Geaney dhá dheis ar chúil amú agus chuaigh trí iarracht ar chúilíní ag Clifford amú sa chéad leath.

Fiú agus fear sa mbreis ag Ciarraí sa dara leath, níor éirigh leo an bheirt naoscaire a thabhairt isteach san imirt. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh é sin a réiteach sa chéad chluiche eile.

Cic Jack McCaffrey i dtreo an chúil. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Athrú ag teastáil ó Chiarraí chun srian a chur ar McCaffrey

D’fhéadfadh go mbeadh ról beagáinín difriúil ag Stephen O’Brien sa chluiche athimeartha áfach. Cé gur chruthaigh cosantóirí Chiarraí go maith tosaithe an fhreasúra a choinneáil faoi chois, tugadh an iomarca saoirse do Jack McCaffrey agus bhí fear Chluain Tarbh ar fheabhas sa chluiche ceannais.

D’aimsigh sé 1-3 agus bronnadh gradam laoch na himeartha air i gcluiche ceannais na hÉireann den dara huair as a chéile. 

Ba é Gavin White a bhí ag marcáil McCaffrey ach ba dheacair d’fhear Chiarraí é a cheansú. Nuair a bhí Ciarraí ag brú suas ar chiceanna amach Stephen Cluxton, thapaigh McCaffrey an deis éalú ó White agus rinne sé scrios.

Má tá Peter Keane ag iarraidh athrú a dhéanamh le haghaidh an chluiche athimeartha, d’fhéadfadh sé Stephen O’Brien a chur ar McCaffrey. Bheadh ar McCaffrey súil níos géire a choinneáil ar O’Brien nuair a bheadh Ciarraí ar an ionsaí agus b’fhéidir nach mbeadh an deis chéanna aige dul ar an ionsaí.

Bhain Maigh Eo úsáid as an teaictic sin sa chluiche leathcheannais. Ba é Paddy Durcan a thug aghaidh ar McCaffrey agus d’éirigh go hiontach leis. D’aimsigh Durcan dhá phointe sa chéad leath agus ba cheart dó péire eile a bheith faighte aige sa dara leath.

Killian Spillane ag tabhairt faoi Jack MCCaffrey agus Niall Scully. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tionchar na n-ionadaithe

Bhí cumas na bhfear ionaid ar cheann de na buntáistí ba mhó a bhí ag foireann Átha Cliath le hais foirne eile le roinnt blianta anuas. Aon uair a d’éirigh le foireann coinneáil gob ar ghob leo ar feadh 40 nó 50 nóiméad, thagadh Kevin McManamon, Paddy Andrews, Cormac Costello agus a leithéidí isteach chun iad a neartú.

Mar sin féin, níl an sochar céanna á bhaint acu as na hionadaithe anois is a bhíodh. Ar an mbinse acu inné, bhí seisear atá os cionn 30 bliain d’aois – Andrews, Diarmuid Connolly, Darren Daly, Philly McMahon, McManamon agus Cian O’Sullivan – agus údar suntais chomh gurbh é Paddy Small an t-aon fhear ionaid a bhí tugtha isteach ag Gavin agus 67 nóiméad caite.

Ní raibh mórán tionchair ag aon duine a tháinig isteach ar an imirt ach an oiread. Chuir Small cúpla droch-iarracht amú agus chuir Connolly agus Costello ceann an duine ar fóraoil chomh maith agus an cluiche idir dhá cheann na meá.

D’éirigh i bhfad níos fearr le hionadaithe Chiarraí. Tugadh Killian Spillane isteach tar éis 45 nóiméad agus d’aimsigh sé 1-1. Ba ionadaí eile, Tommy Walsh, a thug an pas dó. Scóráil Walsh féin cúilín agus chruthaigh sé ceann eile agus bhí Jack Sherwood an-láidir sa tréimhse sin chomh maith.

Fág freagra ar 'Rock agus O’Shea ag seasamh an fhóid, tionchar na n-ionadaithe agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann'