‘Róbat’ cruthaithe a sheolann amach ar Twitter na focail ‘nua’ ar Tuairisc.ie de réir mar a fhoilsítear iad

Aithníonn an ‘róbat’ , a chruthaigh an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell, nuair a úsáidtear focal den chéad uair ar Tuairisc.ie agus scaipeann ar Twitter iad ón gcuntas @HapaxGaei

‘Róbat’ cruthaithe a sheolann amach ar Twitter na focail ‘nua’ ar Tuairisc.ie de réir mar a fhoilsítear iad

Tá cuntas Twitter cruthaithe ag an Ollamh Kevin Scannell a chuireann amach focail ó Tuairisc.ie de réir mar a úsáidtear den chéad uair ar an suíomh iad.

Aithníonn an ‘róbat’ a chruthaigh an saineolaí ríomhaireachta as Ollscoil Missouri, St Louis, nuair a úsáidtear focal den chéad uair ar Tuairisc.ie agus scaipeann ar Twitter iad ón gcuntas – @HapaxGaeilge.

Thug an tOllamh le fios gur leagan Gaeilge é @HapaxGaeilge den chuntas @NYT_first_said a sheolann amach focail de réir mar a úsáidtear ar an New York Times den chéad uair iad.

I measc na bhfocal ‘nua’ atá seolta amach cheana ag @HapaxGaeilge, tá ‘rímhilis’, ‘jabairí’, ‘stuacach’, ‘deaisín’ agus ‘teireasáir’.

Tá liosta déanta chomh maith ag an Ollamh de na focail ar fad a úsáideadh os cionn céad uair ar Tuairisc.ie ó tháinig ann don suíomh in 2014. Tá fáil ar an liosta sin anseo.

Tá Kevin Scannell aitheanta mar cheannródaí mór na Gaeilge sa ríomheolaíocht agus go leor tionscnamh curtha i gcrích aige chun leas an Ghaeilgeora, ón litreoir ‘Gaelspell’ go dtí chuala.me, a dhéanann rangú ar na scéalta Gaeilge is mó atá ag cothú cainte ar líne.

Fág freagra ar '‘Róbat’ cruthaithe a sheolann amach ar Twitter na focail ‘nua’ ar Tuairisc.ie de réir mar a fhoilsítear iad'