‘Ríthábhachtach’ go gcomhlíonfadh RTÉ a ndualgas i leith TG4 – Ardstiúrthóir TG4

Tá ráite ag Alan Esslemont go raibh ar TG4 ‘glacadh le hábhar cartlainne’ ó RTÉ le ‘roinnt blianta anuas’ agus gur údar imní dó a laghad infheistíochta atá á déanamh ag RTÉ in iriseoireacht na Gaeilge

‘Ríthábhachtach’ go gcomhlíonfadh RTÉ a ndualgas i leith TG4 – Ardstiúrthóir TG4

Deir Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil “gach iarracht” ar siúl ag TG4 chun a chinntiú go bhfaightear an “líon is airde cláir nuachoimisiúnaithe ó RTÉ agus is féidir” mar chuid den soláthar reachtúil clár a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún.

Dúirt Ardstiúrthóir an stáisiúin Ghaeilge, Alan Esslemont, go raibh ar an stáisiún “glacadh le hábhar cartlainne” ó RTÉ le “roinnt blianta anuas” toisc “nach raibh ábhar nua ar fáil”.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé “ríthábhachtach go mbeidh RTÉ ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúil maidir le TG4”  agus go bhfuil “imní” air faoin “leibhéal infheistíochta atá RTÉ ag déanamh in iriseoireacht na Gaeilge”.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana, ach de réir figiúirí a chuir RTÉ ar fáil do Tuairisc.ie, níl ag éirí leo an dualgas sin a chomhlíonadh. Dúirt Arstiúrthóir TG4 le Tuairisc.ie go mbíonn “comhráite leanúnacha” ag TG4 le RTÉ “maidir le líon agus comhdhéanamh na gclár” a chuireann RTÉ ar fáil dóibh de réir an dlí.

“Tá TG4 ag plé soláthar RTÉ go leanúnach le RTÉ.  An tosaíocht a bhí agus atá ag TG4 i gcónaí, ná oibriú le RTÉ chun deimhniú go bhfuil 365 uair an chloig d’ábhar ar ardchaighdeán á chuir ar fáil dár lucht féachana,” a dúirt Alan Esslemont.

Deirtear i dtuaracálacha bliantúla TG4 do 2016 agus 2017 gur chuir RTÉ 365 uair an chloig ar fáil do TG4, cé nach bhfuil RTÉ féin á mhaíomh sin. Maidir le 2018, thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil aon taifead go fóill acu faoin soláthar atá a chur ar fáil acu do TG4 i mbliana, ach dúirt Alan Esslemont ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné go raibh “ceisteanna móra” le freagairt ag RTÉ faoi sholáthar na bliana seo.

Dúirt Alan Esslemont gur chuir RTÉ 365 uair an chloig d’ábhar ar fáil do TG4 in 2016 agus 2017, ach “gur ábhar ó Chartlann RTÉ agus ábhar ceannacháin a bhí i gcuid de na huaireanta a cuireadh ar fáil do TG4, seachas cláir nuachoimisiúnaithe”. 

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, 278 uair an chloig de chláir a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016.

Maidir le 2017, thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon fhaisnéis acu i dtaobh líon na gclár a cuireadh ar fáil do TG4 an bhliain áirithe sin, ach bunaithe ar chaiteachas RTÉ ar chláir do TG4, dealraíonn sé gur lú an soláthar a rinneadh in 2017 ná in 2016.

Fág freagra ar '‘Ríthábhachtach’ go gcomhlíonfadh RTÉ a ndualgas i leith TG4 – Ardstiúrthóir TG4'