Is mó an baol go mbeadh ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga á chrochadh ar Wikipedia i mionteangacha an domhain – an Ghaeilge ina measc – ná sna mórtheangacha.
Dúirt Sophie Fitzpatrick, bainisteoir tograí agus cumarsáide Phobal Wikimedia Ireland, go bhfuil polasaí láidir ag Wikipedia ina gcuirtear cosc ar úsáid na hintleachta saorga le hábhar a ghiniúint don chiclipéid shaor in aisce ach go bhfuil an polasaí sin ag brath cuid mhaith ar na heagarthóirí deonacha.
Tá 107,146 eagarthóir gníomhach (duine a chuir leis an gciclipéid le mí anuas) ann ar Wikipedia an Bhéarla. Níl ach 87 eagarthóir gníomhach ar Vicipéid na Gaeilge an mhí seo. Fágann sé sin go bhfuil níos lú daoine ann atá in ann súil a choinneáil ar an ábhar a fhoilsítear ar an leagan Gaeilge den chiclipléid.
Mhínigh Fitzpatrick ag ócáid a d’eagraigh Pobal Wikimedia Éireann sa Leabharlann Náisiúnta go dtéann sé glan in aghaidh pholasaithe Wikipedia ábhar a ghiniúint leis an intleacht shaorga agus go mbíonn na heagarthóirí a bheith airdeallach ar a leithéid.
D’admhaigh sí go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair téacs a cumadh le leithéid ChatGPT a aithint ar an gcéad amharc ach go gcabhraíonn na polasaithe dochta atá ag Wikipedia faoi fhoinsí iontaofa a úsáid leis an ruaig a chur ar ábhar a ghineann an AI. Mhaígh sí nach bhfuil na hinnill intleachta saorga in ann tagairtí cruinne a ghiniúint, de réir mhúnla Wikipedia, agus go bhfágann sé sin go nglantar an t-ábhar de na hailt.
Ach dúirt sí freisin nach bhfuil an córas sin chomh héifeachtach céanna i gcás mionteangacha mar gheall nach mbíonn an oiread céanna glantacháin ar siúl ag na heagarthóirí agus go bhféadfadh sé tarlú go bhfágfaí ábhar a gineadh leis an intleacht shaorga in airde ar an Vicipéid – an leagan Gaeilge de Wikipedia – níos faide ná mar a d’fhágfaí i gcás an Bhéarla.
Tháinig sé chun solais cúig bliana ó shin gur duine daonna a bhí gan Albainis a scríobh formhór na n-alt Albainise ar an Wikipaedia – an leagan Albainise den chiclipéid. Tuairiscíodh gur déagóir Meiriceánach gan Albainis a scríobh agus a chuir in eagar na mílte alt ar an suíomh. Maíodh nach Albainis a bhí ann ar chor ar bith ach “Béarla nár litríodh i gceart agus corrfhocal Albainise caite isteach ann go fánach”.
Nocht an t-úsáideoir Reddit ‘Ultach1’ an scannal in 2020. Agus é ag póirseáil ar Wikipaedia tháinig sé ar alt a bhí “gann ar stór focal na hAlbainise” agus a raibh “gramadach an Bhéarla” i bhfeidhm air.
“Bhí gach leathanach a chruthaigh sé ar an gcaoi chéanna. Díreach mar a chéile leis an leagan Béarla den alt ach an litriú athraithe anseo agus ansiúd, agus uair sa chéad bhí focal Albainise caite isteach ina lár,” a dúirt sé ar Reddit.
I gcás na Gaeilge, mhaígh an saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell, i mbliana gur beirt úsáideoirí “nach bhfuil Gaeilge mhaith acu” a scríobh formhór na n-alt atá ar an Vicipéid. Dúirt sé freisin go bhfuil roinnt mhaith alt ar an Vicipéid a aistríodh tríd an meaisínaistriúchán agus nach ndearnadh aon eagarthóireacht orthu ina dhiaidh sin.
Mhaígh Scannell go bhfágann na rudaí seo ar fad go bhfuil “droch-cháil” ar an Vicipéid i measc cainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa agus nárbh fhéidir glacadh ach le 1% den 61,000 alt ar an suíomh sa chorpas Gaeilge nua a seoladh ag deireadh na bliana seo caite.
Fág freagra ar ' ‘Riosca níos mó ann’ go sárófar rialacha Wikipedia faoin AI sna mionteangacha '