Dé Domhnaigh, 7 Lúnasa
1.45i.n. – Ellis O’Reilly (Babhta Cáilithe)
2.00i.n. – Claire Abbott, Jonty Evans, Mark Kyle & Padraig McCarthy – Seómharcaíocht Foirne & Seómharcaíocht Aonair (Eachaíocht)
3.00i.n. – Sinéad Jennings & Claire Lambe – Bád Beirte Éadrom (Réamhbhabhta)
3.20i.n. – Gary & Paul O’Donovan – Bád Beirte Éadrom (Réamhbhabhta)
4.15i.n. – Steven Donnelly v Zohir Kedace (an Ailgéir) – Marcmheáchan 69kg (Babhta a 32)
9.30i.n. – David Oliver Joyce v Andrique Allisop (na Séiséil) – Éadrom 60kg (Babhta an 32)
6.11i.n. – Fiona Doyle – Snámh Brollaigh 100m (Réamhbhabhta)
6.22i.n. – Shane Ryan – Snámh Droma 100m (Réamhbhabhta)
3.12r.n. – Shane Ryan – Snámh Droma 100m (Babhta Leathcheannais)*
*An rás seo ar siúl maidin Dé Luain
10.00i.n. – Éire v an Ísiltír – Grúpa B (Cluiche 2)
Iomaitheoirí an Lae – Gary agus Paul O’Donovan ag rámhaíocht
Níl aon Éireannach san iomaíocht ar son boinn inniu ach ba cheart go n-éireodh le cuid acu sna réamhbhabhtaí agus sna babhtaí cáilithe. Beirt a bhfuil údar dóchais acu ná na deartháireacha Paul agus Gary O’Donovan atá ag glacadh páirt sna Cluichí Oilimpeacha.
Is fíor gur ar éigean a cháiligh siad do Rio agus gan iad ach ceathrú soicind chun cinn ar bhád na nGréagach ag Craobh an Domhain, ach tá fir Chorcaí ag dul ó neart go neart ó shin. Bhuaigh siad bonn óir agus Craobh na hEorpa i rith an tsamhraidh agus beidh siad ag súil leis an mbabhta ceannais a bhaint amach ar a laghad.
Eoin
An é am na hÉireann nó am na Brasaíle atá sna hamantaí?