Nuair a bhog mé go dtí an Bhrasaíl, shíl mé go mbeinn slán ón gcacamas sin ar fad a mbíonn ar an duine a labhraíonn Gaeilge cur suas leis in Éirinn, ach is cosúil nach bhfuilim.
Tháinig alt gránna Rosita Boland faoin nGaeilge idir mé agus mo chuid oibre inniu.
Is gnách liom léim amach as an leaba go luath an mhaidin agus tús an tráthnóna a chaitheamh ag scríobh agus é a thógáil go réidh ina dhiaidh sin. Ní bhíonn uaireanta oibre cinnte agam, ach leagaim síos spriocanna seachtainiúla do mo chuid scríbhneoireachta: nuair nach n-éiríonn liom na spriocanna sin a bhaint amach bíonn orm dul i mbun pinn san oíche nó ag an deireadh seachtaine.
An tseachtain seo, tá mé i mbun eagarthóireachta ar ghearrscéal fada i nGaeilge, an teanga sin a bhfuil oiread fuatha ag Rosita Boland di. Inniu féin, beidh orm eagarthóireacht a dhéanamh ar mhíle go leith focal ar a laghad, nó beidh orm an deireadh seachtaine a chaitheamh ag obair.
Ach níl ag éirí liom; tá an iomarca feirge orm. Ní hé an t-alt féin a scríobh Rosita atá ag cur as dom i ndáiríre; tá tuairimí dá leithéid cloiste go ró-mhinic againn cheana.
Is éard a chuir le báiní maidin inniu mé ná a dearcadh sotalach agus í ag dul i ngleic leis an bhfearg atá á léiriú ag pobal na Gaeilge ar leathanaigh an Irish Times, ar Twitter, agus in áiteanna eile nach iad.
Stuif mar seo:
This is for all the very cross little trolls who’ve been busy trolling me these last few days. pic.twitter.com/ilT2M3j0kY
— Rosita Boland (@RositaBoland) June 1, 2016
Bhí mé le ceangal, mar sin, agus ba bheag nach raibh orm mé féin a cheangal de chathaoir go fisiciúil, i bhfad ó ríomhaire agus ó ghuthán póca, ar eagla go dtabharfainn freagra uirthi. Dá ndéanfainn sin, bheinn féin gafa sa stoirm tvuíteála. Bheadh freagra géar éigin ag Rosita agus ag daoine eile ar fuath leo an Ghaeilge orm; seans maith go mbeadh a dtacaíocht á léiriú ag daoine eile. An toradh a bheadh air ná go gcuirfinn an mhaidin ar fad amú ag éisteacht le bípeanna mo ghutháin phóca, go dtiocfadh a thuilleadh feirge fós orm, agus nach ndéanfainn obair ar bith. Anuas air sin, léirigh sracfhéachaint ar amlíne @RositaBoland ar Twitter gur bean í a dtagann sceitimíní aisteacha uirthi nuair a bhítear ag easaontú léi:
Glad my Outrageous Article is prompting letters. https://t.co/hEt8rtkJaJ — Rosita Boland (@RositaBoland) June 1, 2016
Good thing my ego is robust! Or maybe that’s odious too? https://t.co/dQgI8YmTA6
— Rosita Boland (@RositaBoland) May 31, 2016
Cinnte dearfa, ní raibh mise chun líochán breise a thabhairt dá robust ego.
In iarracht m’aird a dhíriú ar rudaí eile sula gcuirfinn tús le hobair eagarthóireachta an lae rug mé ar leabhar agus shuigh ar an tolg. Leag mé uaim é dhá nóiméad ina dhiaidh sin. Thug mé an bruscar amach. Nigh mé na soithí. Ach níor imigh an cantal: bhí gach uile fhreagra cliste á chumadh ag glórtha feargacha i m’aigne, iad ar fad laistigh d’uasteorainn 140 litir.
Ar ámharaí an tsaoil, bhí glór eile ann a dúirt: tabhair neamhaird uirthi, déan do chuid oibre, agus más é toil (líon isteach ainm neach osnádúrtha do rogha féin) é cuirfidh an gearrscéal atá idir lámha agat le saibhreas cultúrtha na Gaeilge in am trátha. Ní hé do jab é an Ghaeilge a chosaint, an jab atá agat ná cur lena stór.
Shuigh mé síos ag an ríomhaire chun tús a chur le heagarthóireacht an lae. Ina ionad sin d’oscail mé comhad nua agus scríobh mé an colún seo: ag deireadh an lae, bhí an lámh in uachtar agatsa, a Rosita. Ach nach íorónta an scéal é go dtiocfadh scríbhneoir amháin idir scríbhneoir eile agus a chuid oibre?
Áine
Tuigim dhuit,,, sin é an fáth gur maith an rud an páipéar Gaeilge seo ach go mba mhaith an rud é go mbeadh páipéar clóite ar fáil do phobal na Gaeilge leis,… tá an dearcadh sin atá aici á léiriú arís agus arís eile agus an oiread sin ualach ag an tuairimíocht mar go bhfuil siad foilsithe sna nuachtáin náisiúnta agus iad léite ag daoine …gan orthu dul á gcuardach fiú. neamhaird agus leanacht ag treabhadh leat an moladh a bheadh agamsa duit cé gur deacair é.
Scríobhaí
Nár dheas an rud é dá scríobhfadh scata mór daoine chuig an Irish Times i nGaeilge amárach. Ní faoi Rosita Boland ná rud beag fánach ar bith mar sin, ach faoi chúrsaí móra an tsaoil. Tá an-chur amach againne, lucht labhartha na Gaeilge, ar chúrsaí móra an tsaoil.
Tuigim
An-smaoineamh.
Scríobh as Gaeilge amháin leis na meáin ar fad as seo amach.
Muid anseo is ár dteanga beo.
padraig
An rud a chuir olc ormsa ná an cheist sheafóideach mhaslach sin ‘Is Irish necessary’? ….’argóint’ a bhíonn ag filistínigh a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a chnagadh. Ni thuigim conas a d’fhéadfadh einne a mhaíonn gur duine oilte leathanaigeantach smaointeach sibhialta é nó í, a bheith i gcoinne teanga ar bith ar domhan, dála mar nach dtuigfinn duine a déarfadh gur fuath leis bláth na rós nó éirí na gréine nó ceol an londuibh, nó bithéagsúlacht na cruinne. Nach mbochtaítear an mosaic nuair a threigeann dath agus nach amhlaidh don mbithsféar nuair a ídítear speiceas? An ndéarfaí ‘is the Louvre’ necessary? Nó ilomad seoid shuaithní ar chlár na cruinne seo? Nach mbochtófaí an saol/ár saol go mór dá n-ídeofaí an Ghaeilge? Ní thuigim iad dubh ná bán. Ach dá ndéarfaidís gur fuath leo an tslí ar múineadh an Ghaeilge dóibh nó córas ‘oideachais’ na tíre nó polasaí stáit i leith na Gaeilge …bhuel thuigfinn go rímhaith dóibh ansin. Nochtann Boland a cúngacht aigne féin san alt sin, ‘cheart di an sárshaothar ‘TheMurder Machine’ leis an bPiarsach a léamh umá luaithe.