Faoi mar a dúirt an tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh tugann comhaid na Cartlainne Náisiúnta an deis dúinn “an cuirtín a ardú beagán” agus léargas a fháil ar fheidhmiú an Rialtais agus na Rann Stáit.
Ó 2018 i leith tosnaíodh ag athrú an riail 30 bliain maidir le scaoileadh comhad go riail 20 bliain. Ar an drochuair níl ceann scríbe bainte amach go fóill. Thug Máire T. Ní Mhadaoin le fios dúinn i dtosach an chláir Siar 20 Bliain (TG4) gur leis na nóchaidí amháin a bhain na comhaid a bheadh faoi chaibidil sa chlár óir nár scaoil na Ranna aon ní cóir ó bhlianta ina dhiaidh sin.
Níor chuir Roinn na Gaeltachta aon chomhad ar fáil. Is íorónta an mhaise é seo mar go bhfuil an Chartlann Náisiúnta faoi chúram na Roinne sin. Dhein sin cúrsaí níos deacraí d’eagarthóir an chláir Breandán Delap is a mheitheal iriseoirí.
Bhain na comhaid ar fad a bhí faoi chaibidil sa chlár le Tuaisceart Éireann. Ní haon ionadh sin mar ba thréimhse chinniúnach, chorrach í sin do na sé chontae agus don oileán trí chéile. Bhain an chéad scéal le lámhach Aidan McAnespie ag seicphointe ar an teorainn idir Muineachán agus Tír Eoghain i bhFeabhra na bliana 1988 is é ar a shlí chuig cluiche CLG. Maíodh gur “trí thimpiste” a scaoileadh urchair ó ghunna an tsaighdiúra David Holden.
Bhí an eachtra ina húdar mór aighnis idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine. I dtuairisc phointeáilte Eibhlín Uí Choistealbha tugadh le fios go raibh smut de Thadhg an dá thaobh ag baint le seasamh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Tom King. Seasamh láidir aige go poiblí agus é fógairt ar Éirinn a ladar a choimeád as an scéal ach litir á seoladh “in strict confidence” aige go hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Brian Lenihan, ag gabháil leithscéil.
Faoi mar a dúirt Ó Tuathaigh, a bhí tugtha isteach sa stiúideo le cíoradh a dhéanamh ar ábhar na gcomhad le Máire T, bhain an leithscéal le cúrsaí cumarsáide seachas le coiriúlacht na heachtra. Tugadh le fios dúinn chomh maith gur chuir Rialtas na hÉireann a bhfiosrúchán féin sa tsiúl fé stiúir an Leas-Choimisinéara Eugene Crowley. Ba é breith Crowley nach aon timpiste é gur scaoileadh na hurchair ach nár maraíodh McAnespie d’aon ghnó.
Níor thaitin an fiosrúchán seo le King agus ní nach ionadh ní raibh cead ag Crowley scrúdú a dhéanamh ar an láthair nó na saighdiúirí a cheistiú. Faoi mar a dúirt Ó Tuathaigh bhí a thuiscintí siúd ag teacht cuid mhaith le fíricí a tháinig chun cinn ó shin. Gné eile den scéal ná gur deineadh Holden a urscaoileadh as an arm i 1990 ar chúiseanna meabhairshláinte agus maíodh go raibh sé luite ar an ól.
Iarracht é a shaoradh ó locht beagáinín? Ciontaíodh David Holden as dúnorgain an mhí seo caite. Caithfidh gur imir sin tionchar ar an gcinneadh na cáipéisí seo a scaoileadh.
Bhí dhá thuairisc eile againn a léirigh cé chomh híogair is a bhí ceist na teanga ag an am.
Bhí mír ag Sinéad Ní Neachtain faoin gcosc a cuireadh ar an bpríosúnach Féilim Ó hAdhmaill (a ciontaíodh as comhcheilg le buamaí a phléascadh) cumarsáid a dhéanamh lena bhean agus a chlann as Gaeilge. Thrácht Áine Lally ar an bhfothragadh a bhí ann faoi aitheantas oifigiúil agus maoiniú Mheánscoil Feirste. Bunaíodh an scoil i 1991 agus bhí Bairbre de Brún Shinn Féin ina múinteoir inti, rud a dhein cnámh spairne pholaitiúil den chúram. Cad é castróvaics, stocaireacht agus margaí ar chúla téarmaí is iarrachtaí á ndéanamh an ghoimh a bhaint as an scéal.
Níor bhain an scoil an t-aitheantas oifigiúil amach go dtí 1996. Deineadh dreas beag cainte le hiar-phríomhoide na scoile, Fergus Ó hÍr, a dúirt go raibh naonúr sa scoil i dtosach aimsire agus go bhfuil tuairim is naoi gcéad ann anois. Is diail an t-athrú sa saol é.
Cé go raibh an bhreis ina aghaidh ba chlár críochnúil, géarchúiseach a bhí anseo.
Fág freagra ar 'Riail 20 bliain, cén riail 20 bliain?'