Riachtanas Gaeilge ‘conspóideach agus ina údar aighnis’ a deir NUI

Cé nach bhfuil aon phlean faoi láthair ag NUI fáil réidh leis an nGaeilge mar riachtanas iontrála, deir siad go bhfuil súil á coimeád acu ar an gceist atá, dar leo, ‘conspóideach agus ina húdar aighnis’

Riachtanas Gaeilge ‘conspóideach agus ina údar aighnis’ a deir NUI

Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag Ollscoil na hÉireann ar an riachtanas Gaeilge atá i bhfeidhm acu ó thús an chéid seo caite.

Deir an NUI go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpolasaithe Gaeilge i bhfianaise na héagsúlachta is a bhíonn ar fáil i measc na ndaoine a fhreastalaíonn ar an ollscoil anois.

Cé nach bhfuil aon phlean faoi láthair ag NUI fáil réidh leis an nGaeilge mar riachtanas iontrála, deir siad go bhfuil súil á coimeád acu ar an gceist atá, dar leo, “conspóideach agus ina húdar aighnis”.

Deir siad chomh maith go bhfuil “brú” orthu fáil réidh leis an riachtanas.

Tugtar an méid sin le fios in aighneacht a chuir NUI faoi bhráid na Roinne Oideachais mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi dhíolúine na Gaeilge atá ar bun ag an Roinn.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn fáilte roimh an scéal go bhfuil NUI ag seasamh lena bpolasaí maidir leis an nGaeilge a bheith ina riachtanas iontrála, ach dúirt sé nach mbeadh glacadh ar bith ag an eagraíocht leis an maíomh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí i bhfianaise “éagsúlacht”  na mac léinn.

Dúirt de Spáinn go raibh an baol ann gur “ag seachaint na faidhbe seachas á réiteach” a bheadh athbhreithniú na Roinne Oideachais ar an díolúine mura bhféachfaí ar chás na Gaeilge “ina iomláine sa chóras trí chéile”.

“Léiríonn an scéal seo go léir an gá le polasaí náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge. Táimid ag moladh, mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go mbeadh polasaí againn ón réamhscoil go dtí an ollscoil a bheadh bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha. Dá mbeadh múineadh na Gaeilge bunaithe ar an bhfráma sin, bheadh leanúnachas sa chóras agus bheadh muid in ann dul chun cinn na bhfoghlaimeoirí agus a leibhéal cumais a mheas,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

De réir tuairisce san Irish Times, cé go bhfuil méadú 8% tagtha le trí bliana anuas ar líon na ndaoine ar ceadaíodh díolúine ón riachtanas dóibh, níl sé i gceist ag NUI an córas a dhéanamh níos déine toisc, a deir siad, gurbh amhlaidh go gcuirfeadh sé sin leis an mbrú a mhaíonn siad atá orthu fáil réidh leis an riachtanas ar fad.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, mhol tascfhórsa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha in 2014 go gcuirfí deireadh leis an riachtanas teanga ag NUI. Rinneadh cúlú ón moladh sin an bhliain dár gcionn.

Níl an Ghaeilge ina hábhar riachtanach iontrála ach i gcoláistí Ollscoil na hÉireann: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá an riachtanas Gaeilge i bhfeidhm ó thús an chéid seo caite de bharr feachtais a chuir Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge ar bun ag an am.

Ag an tráth sin, dúirt an Craoibhín Aoibhinn agus é ag tagairt don riachtanas Gaeilge ollscoile, “nothing short of this will bring home to the Gaelic Irishman that after three or four hundred years he is at least ceasing to be the underdog in Ireland”.

Dúirt sé freisin gurbh ionann an socrú a rinneadh in Acht na nOllscoileanna agus “the biggest piece of Home Rule ever conceded”.

Sa deireadh, ghéill na húdaráis agus socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach ó 1913, rud atá amhlaidh go fóill.

Fág freagra ar 'Riachtanas Gaeilge ‘conspóideach agus ina údar aighnis’ a deir NUI'

  • Béarla teanga an Stáit

    Níl ach 0.5 % des díospóireachtaí sa Dáil tré mheán na Gaeilge.
    Gan tírghrá agus náisiúnachas a lua an bhfuil Conradh na Gaeilge in ann fáth ar bith eile a thabhairt go mbeadh an Ghaeilge riachtanach/éigeantach chun freastal ar institiúid lánBhéarla an National University of Ireland?

    Tugann Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann díolúine ón Ghaeilge don Státchóras agus dos na polaiteoirí. Cén fáth nach mbeadh diolúintí ón Ghaeilge mar ábhar scoile ar fáil dóibh siúd gur fuath leo an teanga.

  • An Déaghnach

    Déarfainn go bhfuil siad ag fódóireacht timpeall ar an scéal. Má gheobhaidh Ollscoil na hÉireann réidh leis an nGaeilge mar riachtanas iontrála gheobhaidh na scoileanna réidh leis chomh maith. Beidh an dualgas imithe.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is fíor nach mbíonn Gaeilge in úsáid ag na hollscoileanna seo. Ach is í sin an fhadhb ar chóir dul i ngleic léi. Ba thúisce na hollscoileanna seo a athrú ionas go mbeadh gá leis an nGaeilge a úsáid iontu seachas an riachtanas féin a athrú.