Reifreann molta faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh

Tá moladh déanta ag triúr polaiteoirí Aontachtacha a deir siad a réiteodh an bealach d’athbhunú Fheidhmeannas Stormont

Reifreann molta faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh

Tá molta ag triúr polaiteoirí Aontachtacha go mbeadh reifreann ann an samhradh seo faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh.

Tá ceist an Achta Gaeilge ar cheann de na constaicí is mó a bhfuil bac á chur acu ar athbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Mhol an triúr polaiteoirí, David McNarry, Michael McGimpsey agus David Campbell, go mbeadh reifreann faoin Acht ann ar mhaithe le réiteach a fháil ar an tsáinn pholaitiúil.

“Creideann muid go diongbháilte gurb é an déabhlóid ionchuimsitheach an bealach is fearr le síocháin sheasmhach a bhunú i dTuaisceart Éireann agus go gcuirfeadh rialtas daingean go mór le leas gach saoránach,” ar siad i ráiteas a d’eisigh siad inniu, Déardaoin.

“Cuireann sé díomá orainn nach féidir leis an dá pháirtí mór sa Tionól theacht ar réiteach,” a dúirt siad.

Maíonn siad, go bhféadfaí an Feidhmeannas a athbhunú láithreach bonn dá nglacfaí le reifreann faoi cheist na Gaeilge, faoin bpósadh aerach agus faoi cheist an ghinmhillte.

Is iad na ceisteanna ‘reifrinn’ atá molta acu ná:

– Ar cheart go mbeadh Acht neamhspleách Gaeilge i dTuaisceart Éireann?

– Ar cheart go mbeadh cead ag daoine den inscne chéanna pósadh sibhialta a bheith acu i dTuaisceart Éireann?

– Ar cheart go leasófaí an dlí le ginmhilleadh a cheadú sa chás go bhfuil mínormáltacht mharfach féatais i gceist?

D’fhág David McNarry Páirtí Aontachtach Uladh le bheith mar bhall de UKIP agus tá sé mar cheannaire ar an pháirtí sin ó thuaidh.

Bhíodh David Campbell ina chathaoirleach ar an UUP.

IarAire Sláinte san Fheidhmeannas é Michael McGimpsey.

D’imir an triúr ról tábhachtacha sa phróiseas idirbheartaíochta a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 mar thoradh air.

Dúirt siad, dá gcuirfí Feidhmeannas ar bun, gurbh fhéidir dréachtreachtaíocht a chumadh mar bhunús le réiteach ar cheist an Achta Gaeilge.

“Níl muid ag déanamh ionadaíochta ar pháirtí ar bith agus muid ag cur na moltaí seo chun cinn.”

“Tá muid ag cur na moltaí seo chun cinn mar iarracht mhacánta agus tá súil againn go nglactar leo ar an bhonn sin,” arsa an triúr.

Dúirt David McNarry gur leor é móramh “50% +1” le go n-éireodh le reifreann ar bith.

Dúirt Stiúrthóir POBAL, Janet Muller, nach ionann reifreann agus leigheas na faidhbe.

‘Tá obligeaidí ceanna féin i gConartha Idirnáisiúnta maidir le reachtaíocht Gaeilge, agus le fada an lá tá reachtaíocht i bhfeidhm sna sé chontae maidir le cearta an phobail aeraigh agus le cearta na mban. Diúltaíonn roinnt polaiteoirí a aithint go gcaithfear bogadh chun tosaigh ar na ceisteanna seo.

“B’fhéidir go bhfuil cuspóirí dearfacha ag an triúr a mhol an cur chuige seo, ach ní gá reifreann a reáchtáil. Ní féidir cearta daonna agus cosaint na mionlach a shocrú tríd ‘an vóta is airde’, agus níor chóir ceisteanna casta a mhaolú go dtí ‘Tá/Níl’. Níor chóir iarracht eile a dhéanamh sop in áit na scuaibe a chur ar fáil, ná scrios a dhéanamh ar bhunphrionsabail an chomhionannais – bunphrionsabail atá i bhfeidhm gach áit eile ar na hoileáin seo,” a dúirt Janet Muller ó POBAL.

 

Fág freagra ar 'Reifreann molta faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh'