Réics Carló, Bród na Gaeltachta, Judge Dredd agus Everybody’s Free (To Wear Sunscreen) as Gaeilge

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Réics Carló, Bród na Gaeltachta, Judge Dredd agus Everybody’s Free (To Wear Sunscreen) as Gaeilge

LEABHAIR

Cén chaoi nár tháinig mé trasna ar leabhair Réics Carló?

Eachtraí Réics Carló le Cathal Ó Sándair

An raibh a fhios agat gur foilsíodh beagnach leathchéad leabhar sa tsraith Eachtraí Réics Carló? Is mór an t-ionadh a bhí ormsa an tseachtain seo nuair a léigh mé go raibh na leabhair seo á bhfoilsiú i lár an chéid seo caite is nár tháinig mé trasna ar cheann acu riamh. 

Sraith leabhar do dhaoine óga bunaithe ar an gcarachtar ficseanúil Réics Carló atá ann agus is é Cathal Ó Sándair a scríobh. Bhí an-tóir ar na leabhair agus tá Gradam Oireachtas na Gaeilge Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga ainmnithe in onóir an charachtair. Ach cén chaoi nach raibh na leabhair seo i ngach scoil sa tír? Is cuimhin liom nuair a thagadh an leabharlann taistil go dtí an crosbhóthair i Ros Muc uair sa mhí agus muid ar scoil is bhíodh mé i gcónaí ag faire ar eagráin nua den tsraith Asterix. Tá leaganacha iontacha i nGaeilge ar fáil den tsraith sin anois. Is chuala mé caint ag an am faoi TinTin, cé nár tháinig mé trasna ar na leabhair sin riamh. Ar ndóigh tá leaganacha Gaeilge iontacha le Gabriel Rosenstock le fáil anois de dhornán leabhar ó shraith Tin Tin agus iad foilsithe ag Dalen Éireann.

Cén chaoi nár tháinig mé trasna ar leabhair Réics Carló? Bhí mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir go raibh baint aige leis an athrú ón gcló Gaelach go dtí an cló Rómhánach sna 1950idí agus 60idí. Feicim gur foilsíodh dhá leabhar eile sa tsraith sna hochtóidí ach ní bhreathnaíonn sé go raibh aon cheann eile ina dhiaidh sin. Seans go raibh sé róchostasach athchló a dhéanamh ar na leabhair sa gcló rómhánach is nár cuireadh athchló orthu ina dhiaidh sin.

Go dtí anois!

Tá athchló curtha ag An Gúm ar dhá leabhar i sraith Eachtraí Réics Carló ag comóradh céad bliain ó rugadh an t-údar Cathal Ó Sándair. An chéad leabhar sa tsraith Na Mairbh a d’Fhill agus an dara leabhar An tEitleán Dofheicthe. Tá cóiriú déanta orthu do léitheoirí an lae inniu agus choinnigh siad dearadh na gclúdach mar a bhí, rud a chuireann leis an gné chlasaiceach de na leabhair.

Leabhar eachtraíochta agus mistéire iad ina dtosaíonn an t-aicsean ón gcéad abairt. Tá an-obair déanta ar an gcóiriú agus iad an-éasca le léamh agus in oiriúint do theanga an lae inniu. Tá na scéalta suite sna 1940idí agus tá comharthaí sna scéalta go mbaineann siad leis an ré sin, ach ní aon locht é sin ar na leabhair. Cuimhnigh ar shraitheanna Agatha Christie, mar shampla, agus dhá scannán mhóra déanta le blianta beaga bunaithe ar na scéalta Death on the Nile agus Murder on the Orient Express. 

Cuireann scéalta Réics Carló an tsraith leabhar ‘Murder Most Unladylike’ le Robin Stevens i gcuimhne dom freisin. Sraith a bhfuil an-tóir uirthi faoi láthair. Tá an tsraith sin suite sa 1930idí, ré chlasaiceach an dúrún dúnmharaithe. Tá súil agam go gcuirfidh An Gúm tuilleadh acu seo i gcló agus go dtiocfaidh glúin nua léitheoirí orthu.

Bridget Bhreathnach 

CEOL

Leagan Gaeilge ar fáil de ‘hit’ mór ó na 1990idí

Everybody’s Free (To Wear Sunscreen) – Baz Luhrmann

Sna 90idí, shroich amhrán ar leith cairteacha an domhain. Níor bhain an ceol le stíl an ama sin – amhránaíocht chóiriúil; giotár nár tháinig leis an gcuid eile den chóiriú; glór fir i mbun cainte, macalla leithéid The Revolution Will Not Be Televised; agus é ar fad bunaithe ar athleagan den amhrán clubála Rozalla Everybody’s Free (To Feel Good). Ní popcheoltóir a d’eisigh an t-amhrán, ach an stiúrthóir scannán Baz Luhrmann. Feiniméan a bhí ann: bhí sé éagsúil ó aon rud eile ar an raidió – agus ba ón idirlíon a d’eascair sé. D’fhéadfá a rá go raibh sé ar cheann de na chéad chásanna den “virality” ar an idirlíon.

Cloistear glór fir i mbun cainte: aisteoir (Lee Perry) ag déanamh aithrise ar ghlór an scríbhneora Kurt Vonnegut. Níorbh iad a chum ná a cheap an óráid, áfach, ach colúnaí leis an Chicago Tribune, Mary Schmich. Bréagóráid don óige atá sna liricí, a sholáthraíonn comhairle don chéad ghlúin eile. Foilsíodh é i 1997.

Ach bhí nós nua ar an saol: an ríomhphost slabhrach. Scaipeadh an óráid go forleathan ar an idirlíon. De réir a chéile, d’fhorbair miotas gurbh é Vonnegut a thug an óráid ag bronnadh céime MIT… scaip an scéal chomh fada le Luhrmann san Astráil, agus…cruthaíodh Everybody’s Free (To Wear Sunscreen)! Toisc nach gcastar óráidí 7 nóiméad ar an raidió, b’éigean do Luhrmann brú a chur ar Triple J na hAstráile an t-amhrán a chasadh – agus las na gutháin agus na línte téacs. Hit a bhí ann láithreach – draíocht!

Tá leagan Gaeilge den amhrán clúiteach ar fáil anseo. Eoin P Ó Murchú agus Cormac Breathnach a d’aistrigh. 

Emma Ní Chearúil

DRÁMAÍOCHT

Is deacair gan Enda Walsh a shamhlú le féile na Gaillimhe

Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Tá an t-ádh liom go mbeidh mé ag freastal ar Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe an deireadh seachtaine beag seo. Is é nochtadh dhealbh Mháirtín Uí Chadhain ar an Airdín Buí, sa Spidéal Dé Sathairn ar a 3 a thabharfaidh go dtí an Ghaillimh mé, agus beidh mé ag triall ar dhá léiriú amharclannaíochta de chuid na féile.

Tá ceann de na compántais is aitheanta ar domhan, Steppenwolf Chicago i mbun True West Sam Shepard a léiriú i Halla an Bhaile faoi láthair. Is é True West a tharraing cáil ar leith ar Steppenwolf i gcéaduair sa bhliain 1982. Scéal na ndeartháireacha Austin agus Lee.

Is deacair gan Enda Walsh a shamhlú leis an bhféile áirithe seo agus féadfar ceann dá shraith Rooms, Middle Bedroom, a fheiceáil faoi láthair. Suiteán tumtha amharclannaíochta atá geallta i Halla na gColmbánach ar Bhóthar na Mara.

Bhí díomá an domhain orm cailliúint amach ar Muc Rí le Fíbín sa Taibhdhearc. Tá súil agam go rachaidh siad ar camchuairt le cur leis na trí léiriú a bhí acu i nGaillimh.

Eoin P Ó Murchú

ÓCÁIDÍ

An pobal Gaelach LADTA+ ag ceiliúradh i nDún na nGall

BRÓD na Gaeltachta

Tá BRÓD na Gaeltachta faoi lán seoil i gCloich Cheann Fhaola an tseachtain seo, an chéad imeacht dá leithéid atá á reáchtáil don phobal Gaelach LADTA+ i nDún na nGall. 

Bhí drámaí, ceol, filíocht, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúl i rith na seachtaine, ach tá buaicphointe na féile go fóill le theacht. Beidh mórshiúl carnabhail ar an Fhál Carrach ag a 3 a chlog ar an Satharn seo an 23 Iúil le BRÓD a cheiliúradh, ócáid ag a mbeidh an brat bróid is mó in Éirinn á ardú ag suas le 100 duine. 

Beidh Club BRÓD ar siúl níos moille ag a 7.30pm sa tSean-Bhearaic ar an bhaile. Beidh filíocht agus ceol le cloisteáil ansin ó leithéidí Chiara Ní É, Colm Mac Gearailt, agus an banna Tuath. Tá éacht déanta ag an lucht eagair, agus tá mé féin ag súil go mór leis an chraic uilig a bheas againn ar an Satharn! 

Póilín Nic Géidigh

GREANNÁIN

Ag dréim le Dredd

2000 AD

45 bliain ó shin a tháinig an greannán 2000 AD ar an phláinéad. Tá a fhios agam mar gur cheannaigh mé an chéad eagrán i siopa nuachtán Sinclair’s in Andytown, an áit chéanna a bhíodh aon eagrán amháin de Anois le fáil Dé Domhnaigh. (Chaithfeá a bheith istigh go luath leis an cheann ab fhearr a fháil ar Ghaeil Ghaeltacht Bhóthar Seoighe nó bhí iomaíocht ghéar ann don aon eagrán amháin sin.) 

Cibé, is traidisiún seanbhunaithe de chuid greannán é go mbíonn eagrán speisialta samhraidh ann agus is amhlaidh an scéal le 2000 AD; tá an t-eagrán speisialta sna siopaí anois agus scéalta nua ann ar Judge Anderson, Judge Death agus an breitheamh is cáiliúla ar fad – Judge Dredd. Micheal Carroll, an Dub mór féin, a scríobh scéal nua Dredd agus is iontach an obair atá déanta aige leis an charachtar íocónach go dtí seo. (Seiceáil amach, mar a deir na daoine óga, na húrscéalta grafacha dá chuid le Dredd Every Empire Falls (Rebellion) agus Cold Wars (Rebellion), mar shampla.) 

Idir an dá linn, tá spraoi an tsamhraidh sna siopaí. Ceannaigh é nó is mise an dlí!

Pól Ó Muirí

Fág freagra ar 'Réics Carló, Bród na Gaeltachta, Judge Dredd agus Everybody’s Free (To Wear Sunscreen) as Gaeilge'