Reachtaíocht teanga agus maoiniú breise don Ghaeloideachas á éileamh ó thuaidh agus líon na nGaeilgeoirí méadaithe

De réir na bhfigiúirí daonáirimh is deireanaí tá méadú os cionn 60% tagtha le 30 bliain anuas ar líon na ndaoine sa Tuaisceart a deir go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu

Reachtaíocht teanga agus maoiniú breise don Ghaeloideachas á éileamh ó thuaidh agus líon na nGaeilgeoirí méadaithe

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí ó thuaidh roimh an scéala go bhfuil líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu imithe i méid arís.

Léirigh figiúirí ó Dhaonáireamh 2021 go bhfuil 228,617 duine ó thuaidh a deir go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu, bíodh sin í a thuiscint, a labhairt, a léamh nó a scríobh. Is ionann sin agus 12.4% den daonra iomlán i dTuaisceart Éireann, ardú ón 10.65% a bhí i gceist i nDaonáireamh 2011.

De réir na staitisticí is deireanaí, tá 43,719 duine níos mó ó thuaidh a deir go bhfuil Gaeilge acu i gcomparáid le 2011, ardú 23.6%. Cé go bhfuil borradh tagtha faoin daonra sa tréimhse chéanna, tá céatadán iomlán na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ardaithe 16% idir 2011-2021.

Tá líon na ndaoine le Gaeilge ó thuaidh ag fás le 30 bliain de réir figiúirí na ndaonáireamh. I nDaonáireamh 1991, an chéad uair ar cuireadh ceisteanna faoi chumas Gaeilge an phobail ó thuaidh, thug 142,003 duine, nó 9.45% den daonra, le fios go raibh cumas éigin sa teanga acu. Bunaithe ar na figiúirí is deireanaí tá méadú breis is 60% tagtha ó shin ar líon na ndaoine a deir go bhfuil cumas teanga sa Ghaeilge acu.

Daonra
(Aois 3+)
Daoine le cumas sa Ghaeilge Daoine a bhfuil labhairt, léamh, scríobh agus tuiscint na Gaeilge acu
2021 1,836,612 228,617 (12.45%) 71,872 (3.91%)
2011 1,735,711 184,898 (10.65%) 64,847 (3.74%)
2001 1,617,957 167,490 (10.35%) 75,125 (4.64%)
1991 1,502,385 142,003 (9.45%) 79,012 (5.26%)

Agus é ag cur fáilte roimh na torthaí is deireanaí, dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge ó thuaidh, go raibh ardú suntasach le feiceáil, in ainneoin nach raibh aon chosaint reachtúil ag an teanga i dTuaisceart Éireann go fóill.

Tá Conradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge ó thuaidh ag feachtasaíocht ar son acht teanga le fada agus tá reachtaíocht ag dul tríd Westminster i láthair na huaire.

“Is é an tuairim a bheadh againn nó go mbaineann an t-ardú leanúnach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge éigin acu leis an obair chlaochlaitheach pobail agus Gaelscolaíochta atá faoi lán seoil ó thuaidh, agus leis an ardú próifíle atá ag an Ghaeilge i gcoitinne le breis agus cúig bliana anuas a bhuí leis an fheachtas ollmhór ar son cearta teanga,” arsa Ó Tiarnaigh.

Dúirt sé dá mbeadh “cur chuige straitéiseach fadtéarmach againn, maoiniú cuí agus an tacaíocht cheart dár scoileanna” go dtiocfadh méadú “iontach ard” ar na figiúirí faoin am go ndéanfar an chéad daonáireamh eile.

Agus fáilte á cur aige roimh an ardú ar líon na nGaeilgeoirí, mhol Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhairleoir Pleanála Teanga in Iarthar Bhéal Feirste, an obair a bhí déanta ag pobal na Gaeilge ó thuaidh le leathchéad bliain anuas.

Léiriú atá sna figiúirí seo, a deir Mac Giolla Bhéin, go bhfuil “borradh na hathbheochana teanga” ó thuaidh faoi lán seoil i gcónaí. Mhol sé “na héachtaí” a rinne pobal na Gaeilge le breis is 50 bliain chun “infreastruchtúr agus pobal teanga a thógáil ón bhun aníos”.

Gnáthchónaitheoirí 3+ Daoine le cumas éigin sa Ghaeilge Daoine gan aon chumas sa Ghaeilge
Tuaisceart Éireann 1,836,612 228,617 12.45% 1,607,995 87.55%
Aontroim agus Baile na Mainistreach 140,771 11,077 7.87% 129,694 92.13%
Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann 210,401 25,644 12.19% 184,757 87.81%
Béal Feirste 333,748 51,583 15.46% 282,165 84.54%
Cósta an Chlocháin agus na Gleannta 137,156 13,698 9.99% 123,458 90.01%
Cathair Dhoire agus An Srath Bán 145,278 23,172 15.95% 122,106 84.05%
Fear Manach agus An Ómaigh 112,551 20,066 17.83% 92,485 82.17%
Lios na gCearrbhach agus An Caisleán Riabhach 143,766 9,949 6.92% 133,817 93.08%
Aontroim Láir agus Thoir 134,654 6,276 4.66% 128,378 95.34%
Lár Uladh 144,036 29,397 20.41% 114,639 79.59%
An tIúr, Múrna agus An Dún 175,242 32,639 18.63% 142,603 81.37%
An Aird agus An Dún Thuaidh 159,009 5,116 3.22% 153,893 96.78%

Rinne siad é sin, a deir sé tráth a raibh “freasúra agus naimhdeas soiléir ann ón stát agus ón chóras polaitiúil”.

Deir breis is 50,000 duine a bhfuil cónaí orthu i mBéal Feirste go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu agus thug Mac Giolla Bhéin suntas don bheagnach 3,000 duine sa chathair a dúirt gurb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. Luaigh sé freisin tábhacht na reachtaíochta.

“Tá sé níos suntasaí arís gur tharla an méadú seo in ainneoin nach bhfuil aon chosaint reachtúil ag an teanga ó thuaidh agus i gcomhthéacs ina bhfuil muid fós ag fanacht ar na húdaráis a ndualgais i leith Straitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

“Ní mór don Rialtas anseo tacú leis an obair ollmhór atá á tiomáint ag an phobal le fada an lá tríd an tacaíocht cuí dhlíthiúil agus cur chuige straitéiseach a chur i bhfeidhm le fás na Gaeilge a neartú sna blianta amach romhainn.”

Dúirt Pat Sheehan, MLA de chuid Shinn Féin, gur léirigh an t-ardú ar an líon daoine le Gaeilge an gá a bhí le níos mó scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh.

Dúirt Sheehan go léiríonn an méadú atá le feiceáil sa Daonáireamh “an t-athrú ollmhór atá ag tarlú sa tsochaí ar fad”.

“Tá pobal bríomhar Gaeilge i dTuaisceart Éireann anois agus ag fás atá sé. Is mó daoine atá ag foghlaim Gaeilge agus tá na Gaelscoileanna lán go doras agus breis Gaelsoileanna de dhíth go géar.

“Tá dul chun cinn mór déanta le blianta beaga go háirithe an tAcht Gaeilge atá ag dul fríd faoi láthair, dlí a thabharfaidh aitheantas oifigiúil do theanga an stáit seo.”

Thacaigh Comhairle na Gaelscolaíochta freisin leis an éileamh go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil don earnáil agus dúirt nach “comhtharlú” é gurb ionann na ceantair is mó ina bhfuil Gaeilge á labhairt agus agus na ceantair sin “ina bhfuil an Ghaelscolaíocht ag fás go tréan”.

Is i Lár Uladh (20.41%) a bhí an céatadán is mó daoine a raibh cumas éigin sa Ghaeilge acu. Ar na háiteanna eile a bhí os cionn an mheáin bhí An tIúr, Múrna agus An Dún (18.63%); Fear Manach agus An Ómaigh (17.83%); Doire agus An Srath Bán (15.95%) agus Béal Feirste (15.46%).

Dúirt Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chomhairle na Gaelscolaíochta, go raibh sé “de dhualgas” anois ar an Oideachais agus na forais eile stáit na staitisticí seo a chur san áireamh agus cás na gaelscolaíochta á mheas acu amach anseo. Ba ghá, a dúirt Maria Thomasson díriú “go háirithe” ar leibhéal na hIarbhunscolaíochta, áit a bhfuil “fás substaintiúil á thuar amach anseo”.

Deir sí go go bhfágann an fás sin “gur mó na riachtanais shainiúla atá ag earnáil na Gaelscolaíochta ag gach leibhéal i dtaobh, mar shampla; cóiríocht; áiseanna; sainriachtanais oideachasúla agus soláthar foirne, ina mbeidh infheistíocht de dhíth go práinneach le plé go sásúil le riachtanais na hearnála is gaiste fáis faoi láthair.”

Bhí breis is 7,000 dalta ag freastal ar an gcóras Gaeloideachais ó thuaidh in 2021, ón réamhscoil go dtí an iarbhunscoil, an líon is mó ó cuireadh tús leis an nGaelscolaíocht i dTuaisceart Éireann beagán os cionn leathchéad bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht teanga agus maoiniú breise don Ghaeloideachas á éileamh ó thuaidh agus líon na nGaeilgeoirí méadaithe'

  • Donncha Ó hEallaithe

    Is mór an ábhar dóchais an tuairisc seo ón Daonáireamh 2021 a léiríonn ardú suntasach i líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a deireann go bhfuil cumas éicint sa nGaeilge acu. Ábhar dóchais chomh maith an líon daoine a fheiceann iad féin mar Éireannaigh de chineál éicint, seachas mar Bhreatainigh.