Reachtaíocht don Ghaeilge le lua in óráid Bhanríon Shasana

Tá an reachtaíocht don Ghaeilge ar cheann de na ceisteanna is conspóidí atá fós le réiteach i ndiaidh an toghcháin sa Tuaisceart

Reachtaíocht don Ghaeilge le lua in óráid Bhanríon Shasana

An bhanríon Elizabeth II. Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

D’fhéadfadh go ndéanfaidh banríon Shasana tagairt do cheist na reachtaíochta Gaeilge do Thuaisceart Éireann in óráid atá le tabhairt aici ar maidin.

Beidh an bhanríon Elizabeth II ag labhairt in Westminster amárach mar chuid d’athoscailt na parlaiminte agus tabharfaidh sí achoimre ar an obair reachtaíochta a bheidh á déanamh ag Rialtas na Breataine sa bhliain atá le teacht.

Cé go bhfuil tuiscint ann go mbeidh cúrsaí eacnamaíochta agus Breatimeachta go mór chun tosaigh in óráid na banríona, a bhíonn scríofa ag airí rialtais, meastar freisin go labhróidh sí faoi chúrsaí teanga ó thuaidh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur thug Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis, le fios di le linn cruinniú a bhí acu inniu go ndéanfadh an bhanríon tagairt don reachtaíocht Ghaeilge atá geallta le fada.

Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta. Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart i Stormont ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht uirthi.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, deir Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go mbeadh sé “suntasach” dá ndéanfadh banríon Shasana tagairt don reachtaíocht teanga ina hóráid ach go bhfuil níos mó ná caint ag teastáil ó phobal na Gaeilge.

“Cé go mbeadh [tagairt don reachtaíocht] suntasach ann féin, ní bheadh cúis ar bith againn muinín a chur i Rialtas na Breataine mura bhfuil dáta soiléir ceangailte leis an ráiteas sin,” arsa Ó Tiarnaigh. “Níl muid ag lorg óráidí foirmeálta, tá muid ag lorg dáta agus amlíne agus críoch an scéil seo.”

D’fhág torthaí thoghchán Stormont go bhfuil páirtí a thacaíonn le cearta teanga phobal na Gaeilge ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart den chéad uair ach tá amhras ann i gcónaí faoina bhfuil i ndán don reachtaíocht teanga agus baol ann go mbeidh sáinn pholaitiúil eile ann mar gheall ar dhoicheall an DUP filleadh ar an bhfeidhmeannas.

Meastar gur tréimhse an-leochaileach a bheidh ann sna seachtainí amach romhainn ó thaobh na polaitíochta de sa Tuaisceart. An prótacal iarBhreatimeachta an t-údar aighnis is mó atá ann agus rialtais na hÉireann, na Breataine agus Stát Aontaithe Mheiriceá ag cur brú ar pholaiteoirí an Tuaiscirt dul i mbun roinnt na cumhachta arís.

Beidh an reachtaíocht don Ghaeilge ar cheann de na ceisteanna is conspóidí a bheidh le plé, ach má luann an bhanríon inniu í, d’fhéadfadh gur léiriú a bheadh ansin go bhfuil sé i gceist ag rialtas na Breataine an reachtaíocht a bhrú ar aghaidh, mar atá geallta go minic acu.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh go mbeidh Conradh na Gaeilge ag cur brú ar pholaiteoirí Westminster an reachtaíocht a thabhairt isteach murar féidir an beart a dhéanamh in Stormont.

“Chonaic muid roimhe seo, nuair nach raibh Stormont ag suí in 2018, gur ghlac Westminster reachtaíocht isteach, mar shampla do cheist an chomhionannais phósta. Tá fasach agus stair ansin gur féidir dul chun cinn a dhéanamh ar reachtaíocht den chineál seo nuair nach mbíonn tionól ag feidhmiú,” a deir sé.

“Agus an chuma ar an scéal nach mbeidh feidhmeannas nó tionól againn go dtí an samhradh nó b’fhéidir roimh an Nollaig, bheadh muid ag cur an-an-bhrú ar Westminster seo a dhéanamh.”

Deir Ó Tiarnaigh gur fearr go dtabharfadh feidhmeannas Thuaisceart Éireann an reachtaíocht isteach ach go mbeidh uirthi tabhairt faoi cheist na teanga luath nó mall.

“Is faoi Chnoc an Anfa agus an feidhmeannas a bheidh sé an reachtaíocht sin a fheidhmiú, bealach amháin nó bealach eile.”

Is maith an rud mar sin, a deir sé, go bhfuil tacaíocht don reachtaíocht léirithe ag beagnach dhá thrian de na comhaltaí a bhain suíocháin amach i dtoghchán na seachtaine seo caite. Thacaigh 53 den 90 comhalta a toghadh leis an bhfeachtas Gaelvóta ag Conradh na Gaeilge, a d’éiligh cur i bhfeidhm na reachtaíochta chomh maith le bearta eile a bhain le cúrsaí oideachais agus straitéis don Ghaeilge.

“Beidh muid ag cur an-bhrú ar an gcomhghuaillíocht nua sin atá sa tionól seasamh leis na coimitmintí atá tugtha agus leis an tacaíocht atá tugtha d’fheachtas s’againne.

“Tá cuireadh acu uile a bheith linn ar an Lá Dearg, áit a mbeidh na mílte ag siúl i mBéal Feirste chun léiriú a thabhairt ar an fheachtas agus chun brú a chur, ní hamháin ar na páirtithe [ó thuaidh], ach ar Westminster agus ar rialtas Bhaile Átha Cliath.”

Dheimhnigh ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, arís inné go ndiúltódh a pháirtí páirt a ghlacadh san fheidhmeannas nua mura ndéanfadh Rialtas na Breataine leasú ar an bprótacal iarBhreatimeachta a fhágann go bhfuil teorainn anois i muir Éireann.

Tuairiscítear go bhféadfadh go mairfeadh baghcat an DUP ar Fheidhmeannas Stormont go dtí aimsir na Nollag.

Faoin reachtaíocht, tá suas le 24 seachtain ag comhaltaí le feidhmeannas nua a bhunú ach, murar féidir teacht ar réiteach le linn na tréimhse sin, caithfear toghchán nua a reáchtáil.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht don Ghaeilge le lua in óráid Bhanríon Shasana'