Ré nua (nó disarraynua) don bhéarlagair

FRIOTAL: Níl ár gcolúnaí róthógtha le hainm ‘Gall-Ghaelach’ an pháirtí nua.

13/3/2015 Lucinda Creighton and declared candidate

An coiste a cheap an t-ainm Gall-Ghaelach renua (agus is ainm coiste é má bhí a leithéid riamh ann), is dócha gur shíl siad an pobal a chur ag smaoineamh ar rudaí deasa dearfacha mar ‘athnuachan’ agus ‘atosú’. Más léiriú ar mheon an phobail na méimeanna magaidh ar Facebook agus ar na meáin shóisialta eile, is mó a chuir sé daoine ag smaoineamh ar chosmaidí agus ar chógais: ‘renua, an deoch íce a chuirfeas brí agus beatha i do sheanchnámha.’

Ach oiread le duine, ní raibh mé cinnte cad é mar ba cheart an t-ainm a rá. An rabhthas i ndiaidh comhfhocal a dhéanamh de ‘ré’ agus ‘nua’ agus an síneadh fada seanaimseartha úd a chaitheamh i dtraipisí? (Tá cúlú eacnamaíoch ann, bíodh a fhios agat, agus caithfimid gearradh siar ar gach uile shórt ruda.) Dá mba fhocal ceart Gaeilge é, is no an fhuaim a bheadh ar an dara siolla i bpáirt mhór de Ghaeltacht na Mumhan. Munster says no, go dearbh. Sa chás áirithe seo, bheinn sásta géilleadh do na Muimhnigh.

Déarfadh duine soiniciúil go mbeadh disarraynua ina ainm níos cruinne ar pháirtí nach dtig lena urlabhraí airgeadais dhá fhocal a chur in alt a chéile in agallamh raidió, ach ná bímis searbh: ní gan dua a ainmnítear páirtí nua. Níorbh fhiú leis na Progressive Democrats, tráth a bunaíodh iad, leagan Gaeilge den ainm a mholadh. Ar feadh fada go leor, bhí ar léitheoirí nuachta bochta a dteanga a chur leis an charraig ilsiollach ‘Na Daonlathaigh Forchéimnitheacha’. Cá bhfios nach de bharr brú ó Cheardchumann na nIriseoirí a socraíodh ar ‘An Páirtí Daonlathach’?

Siar sa bhliain 1970, chuaigh an SDLP fá pholl cnaipe de Labour Social Democrats a thabhairt orthu féin. Faraor géar, chuir duine gan siamsa éigin an tuaiplis in iúl dóibh agus ní fhacthas riamh póstaeir ag iarraidh ar Náisiúnaithe na Sé Chontae a gcéad rogha a thabhairt do LSD. Ach, más ag caint ar acrainmneacha áiféiseacha atáimid, is do na heasaontóirí poblachtacha atá an churadhmhír ag dul: Continuity Army Council (CAC) agus Real IRA (RIRA).

Fiú na páirtithe sin a bhfuil ainmneacha breátha Gaeilge orthu, bíonn a sáith trioblóidí acu. Is iomaí cainteoir maith Gaeilge a deir ‘Fine Gael’ amhail is gur fine an Bhéarla atá sa chéad fhocal. Tá loighic éigin ag baint leis sin: cé a déarfadh nach fine Gael é Joe McHugh, cuir i gcás? Más fíor do Sheosamh Mac Grianna, níor aithin bunadh Ghaeltacht Dhún na nGall gur Gaeilge atá i ‘Sinn Féin’ agus go raibh cead acu an t-ainm a rá de réir a gcanúna féin. Chuala siad Shin Fayn agus ghlac siad chucu é mar a bheadh focal iasachta ann. Dar ndóigh, ‘Muid Fhéin’ a bheadh ann an chéad lá riamh, dá mbeadh an ceart le fáil.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ré nua (nó disarraynua) don bhéarlagair'

  • Mise Áine

    @Tá cúlú eacnamaíoch ann…’

    Tá, go deimhin..:-)

    Bhain mé sult as an alt seo,a chara…go raibh maith agat!

  • padraig o donnchu

    ni bheifea ag suil lena mhalairt o phairti ina bhfuil priomhrol ag leitheidi lusinda cretin agus eddie hobbit, re nua gach diogha aris agus sean gach draoi