Ráta scaipthe an víris i gConamara níos airde ná a bhí ó thús na paindéime

Léiríonn na staitisticí is deireanaí go bhfuil limistéir Ghaeltachta i dtrí cinn de na deich dtoghcheantar is measa atá buailte ag Covid-19

Ráta scaipthe an víris i gConamara níos airde ná a bhí ó thús na paindéime

Ceantair Ghaeltachta iad cuid de na ceantair is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19 le coicís anuas. I nDún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo is mó atá an víreas ag scaipeadh i measc an phobail.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí go bhfuil limistéir Ghaeltachta i dtrí cinn de na deich dtoghcheantar is measa atá buailte ag cásanna Covid-19.

Tá ardú eile tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh i gConamara agus an ráta scaipthe i gConamara Theas anois níos airde ná a bhí sé ag aon am eile ó thosaigh an phaindéim.

Deimhníodh 166 cás nua sa cheantar le coicís anuas, idir an 27 Iúil agus an 9 Lúnasa. Fágann sin go bhfuil ráta 778 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar sin, beagnach dhá uair níos measa ná an meánráta náisiúnta – 423.

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh i gConamara Thuaidh le seachtain anuas freisin. Ráta 541 a bhí ansin idir an 27 Iúil agus an 9 Lúnasa, méadú suntasach ó 378 an tseachtain seo caite. 93 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le cúpla seachtain anuas.

Tá Carn Domhnach agus Bun Cranncha i nDún na nGall arís ar na toghcheantair is measa atá buailte ag an víreas ach tá toghcheantair Chathair na Mart i Maigh Eo, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, anois ar an tríú toghcheantar is measa ó thaobh ráta scaipthe an víris. Deimhníodh 190 cás Covid-19 sa cheantar le coicís anuas agus ráta 1,034 i gceist. Ar an taobh eile den scéal, tá ceann de na rátaí is ísle sa tír i mBéal an Mhuirthead – 183. Níor aimsíodh ach 23 cás nua ann le coicís anuas.

Ráta an-ard – 988 – atá i gceist i mBaile na nGallóglach i nDún na nGall go fóill.  136 cás nua a deimhníodh sa cheantar sin, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile.

Ráta 443 a bhí i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. 106 cás den Covid-19 a deimhníodh ansin idir an 27 Iúil agus an 9 Lúnasa. Ráta 487 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae.

I gCiarraí, aimsíodh 51 cás nua den víreas i gCorca Dhuibhne le coicís anuas agus ráta 360 i gceist sa chontae, níos ísle ná an meánráta náisiúnta. Ráta 255 a bhí i gceist sa Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Ráta 350 a bhí i gceist le toghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 129 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar sin idir an 27 Iúil agus an 9 Lúnasa.

I bPort Láirge, ráta 293 a bhí i dtoghcheantar Dhún Gharbháin, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. 60 cás nua a bhí i gceist.

I gcontae na Mí, ráta 388 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. 121 cás a deimhníodh ansin idir an 27 Iúil agus an 9 Lúnasa.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, bhí ráta 349 i gceist agus tá 113 cás nua aimsithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe an víris i gConamara níos airde ná a bhí ó thús na paindéime'