Ráta coicíse an ghalair tite arís ach é fós dhá oiread níos airde ná mí Dheireadh Fómhair

Deimhníodh 1,335 cás nua den ghalar ó dheas tráthnóna agus 293,000 cás atá deimhnithe in Éirinn, thuaidh agus theas, ó thús na paindéime

Ráta coicíse an ghalair tite arís ach é fós dhá oiread níos airde ná mí Dheireadh Fómhair

An Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 54 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Is i mí Eanáir a bhásaigh leathchéad de na daoine sin.

Deimhníodh 1,335 cás nua den ghalar. 

1,670 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 217 acusan in aonad dianchúraim.

Cé go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar ráta coicíse an ghalair – 674 – deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil an ráta fós dhá oiread níos airde ná mar a bhí nuair a bhí Leibhéal 5 i bhfeidhm cheana mí Dheireadh Fómhair.

Dúirt an Dr Holohan “nach é seo tráth an neamhairdill”.

“Tá an baol tolgtha fós an-ard sa phobal. Caithfimid leanúint orainn chun líon na gcásanna a laghdú agus tuilleadh daoine a choinneáil ón ospidéal agus ón mbás.”

Bhain 114 de chásanna nua an lae inniu le Corcaigh, bhain 78 cás le Gaillimh agus bhí 71 cás i gcontae na Mí. 49 cás nua a bhí i bPort Láirge, 48 cás a bhí i nDún na nGall, 34 cás a bhí i Maigh Eo agus bhí 14 cás i gCiarraí.

Bhain 437 den 1,335 cás inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 674.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Ráta  886 a bhí i bPort Láirge, 757 a bhí i Maigh Eo, 702 a bhí i gcontae na Mí agus 656 a bhí i nDún na nGall. Ráta 635 a bhí i gCorcaigh, 574 a bhí i nGaillimh agus 347 a bhí i gCiarraí – an tríú ráta coicíse is ísle den ghalar sa stát.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt tá 16 duine eile a raibh an galar orthu básaithe. 527 cás nua a deimhníodh. 

Tá 775 othar san ospidéal agus an Covid-19 orthu agus 68 acusan in aonad dianchúraim.

293,000 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 191,182 cás ó dheas den teorainn agus 101,818 cás ó thuaidh di.

4,899 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,120 duine ó dheas den teorainn agus 1,779 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Ráta coicíse an ghalair tite arís ach é fós dhá oiread níos airde ná mí Dheireadh Fómhair'

  • Antóin

    Bail ó Dia oraibh. Anois ceannlínte na nuachta.
    54 , 1,335 , 1,670, 217, 674, Leibhéal 5, 114, 78 , 71, 49, 48, 34, 14, 437,1,335 , 674.2 ,100,000, 886, 757, 702, 656, 635, 574, 347, 16, 527, 775 Covid-19, 68, 293,000 , 191,182, 101,818, 4,899, 3,120, 1,779.