Ráiteas eisithe ag Mary Lou McDonald faoina clann a bheith ina ndaltaí sa scoil atá dúnta mar gheall ar an gcóróinvíreas

Chuir uachtarán Shinn Féin físeán amach ar a leathanach Facebook tráthnóna ag rá go raibh treoracha an Phríomh-Oifigigh Leighis á leanúint aici mar thuismitheoir de chuid na scoile a bhfuil an galar tolgtha ag dalta atá ag freastal uirthi

Ráiteas eisithe ag Mary Lou McDonald faoina clann a bheith ina ndaltaí sa scoil atá dúnta mar gheall ar an gcóróinvíreas

Dfhógair Mary Lou McDonald tráthnóna go raibh a pleananna oibre don tréimhse amach romhainn athraithe aici toisc go bhfuil a cuid leanaí ag freastal ar an scoil i mBaile Átha Cliath atá dúnta de bharr an choróinvíris.

Chuir uachtarán Shinn Féin físeán amach tráthnóna ag rá go raibh treoracha an Phríomh-Oifigigh Leighis á leanúint aici mar thuismitheoir de chuid na scoile a bhfuil an galar tolgtha ag duine de na daltaí atá ag freastal uirthi.

Dfhógair McDonald chomh maith go raibh na cruinnithe poiblí sa Chabhán agus i nGaillimh a bhí beartaithe ag Sinn Féin an tseachtain seo curtha ar ceal.

Dúnadh an scoil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ó tharla go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag duine de na daltaí.

Tá an dalta, atá sna déaga, ar an dara duine in Éirinn a bhfuarthas toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don ghalar.

Buaileadh tinn an déagóir roinnt laethanta ó shin i ndiaidh dó filleadh ó thuras ar an Iodáil agus tá sé a choinneáil ó dhaoine eile in ospidéal i mBaile Átha Cliath.

Dordaigh oifigigh sláinte poiblí inné go ndúnfaí an scoil go dtí an 16 Márta agus seoladh litir ón HSE go dtí tuismitheoirí na scoile ag míniú an scéil dóibh.

Dúradh gur cheart do dhaltaí na scoile fanacht ag an mbaile agus iad féin a choinneáil ó dhaoine eile.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile i dtuaisceart na cathrach go mbeadh súil á coinneáil ag oibrithe sláinte ar na daltaí as seo go ceann coicíse.

Meastar go gcreidtear nach bhfuil baol rómhór ann go bhfuil an galar tolgtha ag daltaí eile nó baill foirne sa scoil, ach táthar ag iarraidh orthu fanacht amach ó dhaoine eile nó go mbeidh an tréimhse ghoir thart.

Tá tíortha ar fud an domhain buailte ag ráigeanna den víreas Covid-19  a thosaigh sa tSín ag deireadh na bliana seo caite agus tá dlús á chur anseo faoin obair réamhullmhúcháin in Éirinn le tamall.

Cuireadh ar ceal cheana féin an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil a bhí beartaithe don deireadh seachtaine seo chugainn agus tá súil á coinneáil chomh maith ar pharáidí na Féile Pádraig agus ollchruinnithe eile.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan, go raibh rúndacht maidir le hothair” i gceist agus nach raibh an scoil atá i gceist á hainmniú dá bharr.

Ní raibh tada á cheilt”, a dúirt sé, ach bhí “rud éigin á chosaint”.

Tuairiscítear go bhfuil os cionn 86,000 cás den ghalar dearbhaithe agus go bhfuil breis is 3,000 duine básaithe.

Fág freagra ar 'Ráiteas eisithe ag Mary Lou McDonald faoina clann a bheith ina ndaltaí sa scoil atá dúnta mar gheall ar an gcóróinvíreas'