Tá ráite ag Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur ag aithris ar an méid a bhí ráite roimhe ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta a bhí sé nuair a d’úsáid sé an téarma Óglaigh na hÉireann agus é ag trácht ar an IRA.
Rinne Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, beag is fiú de ráiteas a chuir an tAire Stáit Martin Heydon amach á cháineadh faoi Óglaigh na hÉireann a thabhairt ar an IRA ar an gclár Tús Áite.
Nuair a d’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar Aengus Ó Snodaigh faoin gcáineadh, dúirt sé gurb amhlaidh gurb é láithreoir an chláir, Fachtna Ó Drisceoil, is túisce a d’úsáid an téarma.
Dúirt sé gur chuir Fachtna Ó Drisceoil ceist air faoi “Óglaigh na hÉireann” agus gur thug sé freagra ar cheist faoi “Óglaigh na hÉireann” ina dhiaidh sin.
Ba é Fachtna Ó Drisceoil ba thúisce a d’úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann mar chur síos ar an IRA sa mhír a craoladh ar Tús Áite tráthnóna Déardaoin seo caite. Na tuairiscí go bhfuil faoi Rialtas na Breataine pardún a thabhairt d’iarshaighdiúirí a bhí á bplé.
Nuair a cheistigh Tuairisc.ie láithreoir Tús Áite faoi úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann, dúirt sé nach raibh aon rud le rá aige faoin scéal.
Ag tagairt don mhír ar Tús Áite, dúirt Martin Heydon, Aire Stáit de chuid pháirtí Fhine Gael, go raibh sé thar am ag Teachtaí Dála Shinn Féin éirí as a bheith ag tagairt don IRA Sealadach mar Óglaigh na hÉireann.
“Níl ach Óglaigh na hÉireann amháin sa tír seo agus sin iad Fórsaí Cosanta na hÉireann,” a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Martin Heydon.
Dúirt Heydon gur “náire shaolta” é go mbeifí ag tabhairt Óglaigh na hÉireann ar an IRA.
“A leithéid de mhasla dár bhFórsaí Cosanta,” ar sé.
“Tá sé in am ag páirtí an Teachta Mary Lou McDonald é seo a stopadh. An dtugann siad aitheantas d’Óglaigh na hÉireann? An dtugann siad aitheantas d’Fhórsaí Cosanta na hÉireann?
“An dtugann Sinn Féin aitheantas d’Óglaigh na hÉireann mar an t-arm oifigiúil agus an t-aon arm sa Stát? Is cinnte go bhfuil an chuma air nach amhlaidh an cás agus tá sé an-tábhachtach go dtuigeann chuile dhuine é sin…”
“Tugann ár bhFórsaí Cosanta seirbhís chróga don tír seo – níor fhág sceimhlitheoirí againn ach pian, ár agus doirteadh fola,” a dúirt an tAire Heydon.
Tugann téarma.ie, bunachar téarmaí oifigiúla an Choiste Téarmaíochta dhá rogha mar aistriúchán ar the Irish Republican Army nó an IRA – an IRA agus Óglaigh na hÉireann. Deirtear go mbaineann na téarmaí le cúrsaí staire, eagraíochtaí agus póilíneachta.
Óglaigh na hÉireann atá ag an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge ar the Irish Republican Army, ach deirtear gur teideal stairiúil atá i gceist. Óglaigh na hÉireann atá ag foclóir.ie agus tearma.ie ar The Defence Forces agus ar The Irish Volunteers.
An tIRA Sealadach atá ag an bhfoclóir nua ar the Provisional IRA, teideal nach bhfuil ar fáil ar téarma.ie.
Cumadh an frása Óglaigh na hÉireann mar theideal Gaeilge ar na ‘Irish Volunteers’ i 1913.
Sa bhliain 1919 tugadh arm Phoblacht na hÉireann nó an IRA ar na hÓglaigh. Chloígh cuid acu leis an teideal Óglaigh na hÉireann i nGaeilge, ach an IRA a roghnaigh a dtromlach chun cur síos orthu féin as sin amach.
Éilíonn arm na hÉireann agus an IRA Sealadach araon gur acusan amháin atá ceart chun an teideal Óglaigh na hÉireann a úsáid agus gurb iadsan amháin fíor-oidhrí na ‘Irish Volunteers’ agus Arm na Poblachta (IRA) i gCogadh na Saoirse.
Úsáideann mionghrúpaí eile a scoilt ón IRA an teideal Óglaigh na hÉireann chomh maith.
Ón mbliain 1924, Óglaigh na hÉireann an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar na Fórsaí Cosanta agus aithnítear iad mar an t-aon fhórsa armtha dlisteanach sa stát a bhfuil aitheantas Rialtas an hÉireann aige.
Dáithí Mac Cárthaigh
Bhí ‘Fianna Fáil’ mar leagan Gaeilge ar ‘the Irish Volunteers’ chomh maith i dtosach.
An Teanga Bheo
Fianna Fáil agus an Republican Party nach shin mar a bhí sé?
S. Mac Muirí
Is barrúil an buachaill é Heyden. Bhí FG / Cumann na nG. ag iarraidh a bheith frithphoblachtach /26 chontach le céad bliain anuas 7 anois is ea a mhalairt acub é. Ó bhunreacht Dev anuas go dtí socrú Aoine an Chéasta thiocfadh le gach dream acu a bheith maíteach as alt 2 s’acu a leag amach:
is é oileán na hÉireann ….. na críocha náisiúnta.
Fuair siad réidh leis. Tá siad cúbtha ó shoin ag alt 10, fo-alt 2 do dhlinse amháin ina bhfuil 3 chúige go leith .i. na 26 co. Tagann ‘Óglaigh na hÉireann’ mar ainm salach ar an mbunreacht leasaithe mar soin, cat dubh is cat bán.
Ghlac lucht SF le díothú alt 2 go fonnmhar mar ba choilleadh é ar bhunreacht na 26 co, is dóigh. Rinne sé mísc de.
Ghlac FF FG LO UUP srl. leis 7 iad go léir maíteach as mar ‘sunningdale do bhómáin na moille’.
Pé r bith scéal, d’fhoráil móramh na 26 co glacadh le halt a 2 a chartadh amach aguis le bheith bunreachtúil feasta is é ‘Óglaigh na 26 Co’ is ceart a rá le harm na 26 co.
Saighdiúir as Conamara a chaith a shaol san arm a dúirt liom go mba iad an dream ba mhó caint 7 aighneas faoi shaoirse na hÉireann (.i. SF) a fuair réidh leis an alt i ndeireadh báire.
Bhí sé féin ar shon a choinneáilt.
file
Anois … san óstán Wynn’s i lár na bpríomhchathrach – an té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé – tá fógra ar an bhalla agus tú ag dul amach as an bheár i dtreo an leithris. Ar an fhógra, tá sé deimnithe gur san óstán sin a bunaíodh Óglaigh na hÉireann. Tá dáta ar an fhógra fosta.
Is léir domsa cén eagraíocht a bunaíodh sa leithreas in Wynn’s. Is léir fosta nach bhfuil fios a ghnóthaí ag an Aire Heyden i dtaobh cúrsaí staire mar ní raibh stát ann gan trácht ar fhorsaí cosanta an stáit sin ag an am.
B’fhiú cosc a chur ar an téarma ‘an sean-IRA’ fosta – an t-aon eagraíocht amháin a bhí ann, go dtí gur cuireadh deireadh léi nuair a d’fhógair na Sealadaigh go raibh deireadh léi.
An tEisreachtach
Le saol na Gaeilge a bhaineann an cheist seo – saol nach mbeadh a bholadh eolais ag Heydon faoi!
Níor chuala mé RIAMH aon duine ag tabhairt ‘Óglaigh na hÉireann’ ar arm an stáit seo ach ball de Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfóire Dia orainn, agus Jim Gavin, iar-Bhainisteoir Peil Ghaelach BÁC, ar bhall d”Aerfhórsa’ an stáit é.
‘Óglaigh na hÉireann’ a thugann cuid mhaith de Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt ar an arm a bhí i mbun cogaíochta ó 1969 go dtí 1997, agus a thugann roinnt mhaith de Ghaeilgeoirí an Deiscirt orthu, in ainneoin iarrachtaí an Stáit, RTÉ agus RnaG an leagan Gallda ‘An tIRA’ a bhrú orthu agus iad ag Gaeilgeoireacht.