Rabhadh tugtha go bhfuil nimh á tabhairt do mhadraí i gConamara

Bhásaigh trí mhadra le teaghlach amháin i Ros Muc an deireadh seachtaine seo caite agus deir tréidlia go bhfuil duine éigin ag tabhairt nimh do mhadraí sa cheantar

Rabhadh tugtha go bhfuil nimh á tabhairt do mhadraí i gConamara

Tá rabhadh tugtha ag tréidlia go bhfuil nimh á tabhairt do mhadraí i gConamara.

Maraíodh trí mhadra le teaghlach amháin i Ros Muc le gairid agus tá ráite ag Niamh Walsh, tréidlia ar an gClochán, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil nimh á tabhairt ag duine éigin do mhadraí d’aon turas sa cheantar.

Agus í ag labhairt ar an gclár Galway Talks ar Galway Bay FM, rinne Walsh cur síos ar chás a tháinig chuici Dé Sathairn seo caite.

“An chlann seo, cailleadh madra leo go tobann coicís ó shin, agus ansin Dé Sathairn chonaic siad go raibh na siomptóim chéanna ar dhá mhadra eile a bhí acu. Faraor, cailleadh ceann de na madraí sular tháinig siad chomh fada linn sa gclinic agus cé go raibh muid in ann cóir leighis a chur ar an madra eile, ní raibh muid in ann í a shábháil. Cailleadh ise freisin.”

Mhínigh Walsh gurb é an ceimiceán Trodax a bhí tógtha ag na madraí, táirge  a úsáidtear chun pucháin nó péiste i mbeithígh agus i gcaoirigh a leigheas. Dúirt sí gur minic a úsáidtear Trodax chun sionnaigh a mharú, go háirithe an t-am seo bliana nuair a bhíonn uain ag na caoirigh.

Mhaígh an tréidlia nach timpiste a bhí anseo, áfach. Dúirt Walsh go raibh cás eile cosúil leis seo tarlaithe sa cheantar le gairid agus mheas sí go raibh an nimh scaipthe ag duine éigin d’aon turas chun madraí a mharú.

“Ní raibh na madraí seo scaoilte amach. Meastar gur ith siad an nimh ar thaobh an bhóthair nuair a bhí siad amuigh ag siúl lena n-úinéirí,” arsa Walsh.

“Iarradh orainn an scéal a scaipeadh agus rabhadh a thabhairt do dhaoine sa gceantar go bhfuil a leithéid ag tarlú.”

Nuair a bhíonn an nimh seo tógtha ag madra, dúirt Walsh gurb é an siomptóm is mó a bhíonn le feiceáil ná go mbíonn saothar anála ar an madra, fiú nuair mura mbíonn aon siúl déanta aige.

Mhol sí do dhaoine madraí a choinneáil ar iall ghearr agus an madra a thabhairt go dtí tréidlia má thugann siad aon chomhartha giorra anála faoi deara.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha go bhfuil nimh á tabhairt do mhadraí i gConamara'