Rabhadh tugtha do 100,000 custaiméir go bhféadfaidís a bheith gan leictreachas go ceann seachtaine  

Amuigh faoin tuath agus sna ceantair is scoite atá formhór na dtithe atá fós le ceangal

Rabhadh tugtha do 100,000 custaiméir go bhféadfaidís a bheith gan leictreachas go ceann seachtaine  

Tá os cionn 200,000 ionad cónaithe is gnó fós d’uireasa aibhléise agus 100,000 gan soláthar uisce agus an glantachán tosaithe leis an scrios a rinne an Stoirm Éowyn a chur ina cheart.

Amuigh faoin tuath agus sna ceantair is scoite atá formhór na dtithe atá fós le ceangal. I gConamara tá tithe fós le ceangal i gCois Fharraige, Carna agus Ceantar na nOileán agus tá ceantair i nGaeltacht Dhún na nGall fós buailte.

Deir an ESB go bhféadfadh cuid den 100,000 custaiméir atá fós gan soláthar leictreachais a bheith amhlaidh go ceann seachtaine eile ach go mbeidh an tseirbhís curtha ina ceart d’fhormhór mór a gcustaiméirí faoin Aoine.

Deir Uisce Éireann go bhfuil 84,000 áras fós gan uisce, go bhfuil an soláthar go dtí 118,000 eile i mbaol in áiteanna nach bhfuil gineadóirí ná soláthar leictreachais ag an ionad cóireála ach go bhfuil braon uisce fós fanta sna taiscumair. Tá an soláthar uisce ag 265,000 custaiméir eile a bhuíochas do ghineadóirí a bheith socraithe ag na taiscumair.

Maidin inniu thug an Garda Cósta gineadóir agus breosla san aer go hInis Meáin i gCuan na Gaillimhe.

Dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go raibh sé práinneach go dtabharfaí an Dáil ar ais le déileáil leis “an ghéarchéim” seo agus “an drochbhail a bhí curtha ag iarmhairtí na stoirme ar shaol an oiread sin daoine”.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí agus Gaeltachta, Dara Calleary, go dtuigeann sé an míshásamh atá ar dhaoine atá fós ag fanacht go mbeidh soláthar leictreachais agus uisce arís acu agus dúirt go bhfoghlaimeofaí ceachtanna ón eachtra seo.

“Déanfaimid ár machnamh faoi seo, breathnóimid ar dhéine na stoirme seo agus an ceann a bhí againn roimpi agus déanfaimid pé athruithe is gá.”

“Ach anois díreach, ón Aoine seo caite agus inniu agus amárach, ag díriú ar an riachtanas atá anois ann atáimid, deisiúcháin a dhéanamh agus moil dhaonnúla a chur ar fáil sna háiteanna ina dteastaíonn siad,” a dúirt an tAire Calleary.

Dúirt an ESB go bhfuil thart ar 228,000 custaiméir fós fágtha gan soláthar aibhléise ach go mbeidh an soláthar ar fáil arís ag a bhformhór faoin Aoine.

Dúirt an ESB go raibh criúnna dá gcuid tagtha as Baile Átha Cliath agus as contaetha an deiscirt agus iad ag cuidiú leis an obair dheisithe ar an gcóras leis an leictreachas a chur ar fáil arís i dtithe, feirmeacha agus gnóthaí san iarthuaisceart, san iarthar agus sna contaetha lár tíre ó thuaidh, na bólaí is measa a bhuail Éowyn.

Deir an ESB gur maidin Dé hAoine ba mheasa a bhí an córas buailte tráth a raibh 768,000 custaiméir gan aon leictreachas ach faoi am lóin inniu go raibh an soláthar curtha ar ais acu do 540,000 custaiméir.

Ó thuaidh den teorainn tá 65,000 custaiméir gan aon soláthar aibhléise.

I gcontaetha an Chláir, na Gaillimhe agus Dhún na nGall ar an gcósta thiar chomh maith le contaetha an Chabháin, Mhuineacháin agus na Mí is measa a rinne an stoirm agus na crainnte a leag sí damáiste.

Dúirt Eir go raibh thart ar Eir 77,000 teach agus gnó d’uireasa leathanbhanda agus gutháin agus tá thart ar 30,000 custaiméir de chuid Vodafone sa gcás céanna.

D’fhógair an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (NECG) go mbunófaí Moil Éigeandála sna ceantair is measa atá buailte agus go gcuirfí bunriachtanais na beatha ar fáil iontu don phobal – uisce, bia te, deis luchtaithe guthán, leathanbhanda, agus áiseanna folctha agus nite éadaí.

Tá áiteanna sa tír ina bhfuil cúpla ciliméadar de línte cumhachta leagtha go talamh, in iarthar na tíre taifeadadh 183 ciliméadar san uair leis an ngaoth ag tráth amháin ag Ceann Mása i gCarna i gConamara agus sin an ghaoth is tréine atá ar an taifead sa tír seo.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha do 100,000 custaiméir go bhféadfaidís a bheith gan leictreachas go ceann seachtaine  '