Rabhadh oráiste sneachta agus seaca i bhfeidhm

Tá aimsir níos boige á tuar ag an deireadh seachtaine agus an bháisteach ar a bealach chugainn ón iardheisceart

Rabhadh oráiste sneachta agus seaca i bhfeidhm

Tá rabhadh oráiste sneachta agus seaca i bhfeidhm go dtí meán lae inniu i 13 contae san iarthar agus i lár tíre – Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin. Sligeach, Liatroim, An Clár, an Iarmhí, an Mhí, Lú, Longfort, Dún na nGall, Cabhán agus Muineachán.

Bhí sneachta geallta i gCúige Laighean aréir agus tá rabadh oráiste i bhfeidhm in oirthear na tíre ar maidin agus contúírt ar bhóithre de bharr an flichshneachta agus an sneachta a bheith reoite agus d’fhéadfadh sioc dubh a bheith ar bhóithre fliucha.

Bhí fainic á cur ag lucht na haimsire go raibh contúirt mhór ag baint leis an bhflichshneachta agus an sneachta séidte nuair a reoigh sé aréir mar go mbeadh bóithre agus cosáin ina reothalach in áiteanna.

Comhairlíonn siad do thiománaithe a bheith san airdeall ar phaistí seaca gan choinne.

Ceaptar go nglanfaidh an sneachta agus an flichshneachta ar an gcósta thoir le solas an lae inniu agus gur lá fuar geal agus corrthamall gréine a bheidh sna bólaí sin.

Tá aimsir níos boige á tuar ag an deireadh seachtaine agus an bháisteach ar a bealach chugainn ón iardheisceart.

Luaineach go maith an aimsir atá á gealladh dúinn an tseachtain seo chugainn agus í ag brath ar pé tabhartas a sheolfaidh an tAigéan Atlantach inár dtreo.

Tá comhairle curtha ag Oifig Pleanála Éigeandála na tíre ar thiománaithe nach féidir leo turas bóthair a sheachaint amárach a chinntiú go bhfuil sluasaid, buataisí, seaicéad feiceálach, triantán guaise, scríobán agus dí-oighreoir sa gcarr ar eagla na héigeandála.

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste sneachta agus seaca i bhfeidhm'