Rabhadh láidir tugtha ag Luimneach do chách agus deireadh le craobhacha na gcúigí

Beidh féasta na gcamán againn an tseachtain seo chugainn agus craobh na hÉireann ag dul i ndéine

Rabhadh láidir tugtha ag Luimneach do chách agus deireadh le craobhacha na gcúigí

Is deacair a chreidiúint go bhfuil mí na Bealtaine linn i gcónaí agus sinn ag súil le cluiche ceannais na gcúigí i gceann seachtaine. 

Tá a fhios againn le trí seachtaine na foirne a bheidh i gcoinne a chéile sa Mhumhain agus is ar an Domhnach seo caite a chinntigh an Ghaillimh agus Cill Chainnigh gurb iad a bheidh i gcoinne a chéile i gCúige Laighean. 

Ar an drochuair, tá scata contaetha tagtha chuig deireadh an tséasúir, Port Láirge, creid é nó ná creid , ina measc.

Deireadh seachtaine na Cásca a thosnaigh an t-aicsean i gCúige Laighean agus an chéad bhua faighte ag Cill Chainnigh agus ansin Baile Áth Cliath. Ach bhí críoch chonspóideach i Loch Garman ag druidim le deireadh nuair a chealaigh an réiteoir Thomas Walsh poc saor don Ghaillimh, cinneadh a bhí an-chostasach mar gur éirigh leis na Carmannaigh comhscór a bhaint amach déanach sa chluiche, toradh a bhí an-dian ar Ghaillimh. 

Domhnach Cásca bhí an-chluiche ar fad idir Tiobraid Árann agus Port Láirge a bhí mar rogha láidir na coitianta mar gheall ar an ,bua slachtmhar a bhí acu i gcluiche ceannais na sraithe coicís roimhe sin. Thug Tiobraid Árann an-taispeántas cé gurbh iad na Déise a a bhí chun tosaigh sa deireadh, más ar éigean féin é. Níos déanaí an tráthnóna céanna thug Luimneach, seaimpíní na hÉireann, rabhadh soiléir don saol Fódlach go rabhadar ar ais i mbarr a maitheasa arís i ndiaidh lagfheachtais sraithe.

Thugadar greadadh agus ceacht do Chorcaigh agus bhí farasbarr 11 cúilín acu in ndiaidh ardtaispeántais foirne. An Satharn ina dhiaidh sin bhí coimhlint iontach againn i bPáirc na nGael nuair a tháinig Port Láirge ar cuairt. Bhí ceithre chúilín le spáráil ag Luimneach sa deireadh agus rabhadh eile tugtha acu go mba dheacair iad a bhualadh. Ar an Domhnach bhí bua iontach ag contae an Chláir ar Thiobraid Árann agus Shane O’Donnell is Peter Kelly ar ais ar a seanléim.

An tríú deireadh seachtaine bhí cluiche mór i gCúige Laighean againn idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh, (idir Cody agus Shefflin), cluiche inar thuill poc saor cinniúnach, a bhí bog go leor, ag deireadh na himeartha, an bua don Ghaillimh. Ní raibh Brian Cody róshásta leis an gcinneadh ná an toradh mar a léirigh sé agus é ag croitheadh láimhe le Shefflin ina dhiaidh.

An lá céanna sin thug An Clár taispeántas údarásach eile uatha agus bhíodar i bhfad rómhaith do Chorcaigh.

An Domhnach dár gcionn thug Tiobraid Árann, a bhí, dar le mórán saineolaithe, ag dul chun páirce gan mórán dóchais a ndóthain le déanamh do Luimneach. Ach sa cheathrú dheireanach fuair Luimneach smacht ar an imirt agus bhí farasbarr ocht gcúilín acu ag an deireadh.

Cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart sa bhabhta deireanach. I gCúige Mumhan bhuaigh Corcaigh ar Phort Láirge as baile agus choimeád An Clár na seaimpíní ar comhscór i ndún na hInse. I gCúige Laighean d’éirigh leis an Iarmhí cúl déanach a fháil chun chomhscór a fháil i gcoinne Loch Garman agus bhí rith an ráis ar fad ag Cill Chainnigh in aghaidh Bhaile Átha Cliath i bPáirc Pharnell. 

Bhí an spotsolas go láidir ar bheirt réiteoirí, Colm Lyons agus James Owens, sa bhabhta sin mar taispeánadh cártaí dearga (i ndiaidh dhá chárta buí) do na ‘buachaillí dána’ Gearóid Hegarty agus Austin Gleeson. Dar ndóigh bhí an spotsolas ar an mbeirt imreoirí chomh maith céanna.

An deireadh seachtaine seo caite, an ceann deireanach sna réamhbhabhtaí, bhí tábhacht go leor ag baint leis an gcuid is mó de na cluichí. Ach ní raibh ach toradh amháin ná rabhamar ag súil leis agus b’in bua Loch Garman ar Cill Chainnigh. D’fhág an bua sin gurb iad an Ghaillimh agus Cill Chainnigh a bheidh i gcluiche ceannais Laighean agus gur Loch Garman a cháileodh sa tríú háit.

I gcúige Mumhan tháinig deireadh le séasúr craoibhe leamh Phort Láirge agus Thiobraid Árann, fuair Corcaigh an tríú háit agus Luimneach agus contae an Chláir a cháiligh don chluiche ceannais.

Beidh féasta peile againn an deireadh seachtaine seo agus beidh féasta na gcamán againn an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an cluiche ceannais á imirt sa dá chúige.

Fág freagra ar 'Rabhadh láidir tugtha ag Luimneach do chách agus deireadh le craobhacha na gcúigí'