Rabhadh báistí, gála agus tuilte eisithe agus Stoirm Diana ar a bealach

Beidh rabhadh oráiste i bhfeidhm amárach i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí, Phort Láirge, na Gaillimhe, an Chláir agus Loch Garman

Rabhadh báistí, gála agus tuilte eisithe agus Stoirm Diana ar a bealach

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá rabhadh oráiste gaoithe fógartha don lá amárach agus stoirm Diana ag déanamh a bealach chun na hÉireann.

D’fhógair Met Éireann inniu go mbeadh gaoth láidir idir 65-80 ciliméadar san uair ag séideadh aneas go dtí aniar aneas amárach agus go mbeadh siotaí aniar aneas idir 110-130 ciliméadar san uair ann chomh maith le farraigí airde agus baol tuilte cois cósta.

Beidh an rabhadh oráiste i bhfeidhm i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge ó 6am go dtí meán lae agus mairfidh an rabhadh go dtí a dó a chlog i gcás chontae na Gaillimhe, an Chláir agus Loch Garman.

Bhí rabhadh buí báistí i bhfeidhm i seacht gcontae ar maidin inniu chomh maith: Baile Átha Cliath, Cill Dara, Lú, Cill Mhantáin, an Mhí, an Cabhán agus Muineachán.

Beidh sé fliuch gaofar an chuid eile den lá inniu agus d’fhéadfadh díle bháistí, siotaí láidre gaoithe agus gálaí a bheith in áiteanna. Tá fuarlaigh ar bhóithre anseo is ansiúd cheana féin agus iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall ar na bóithre. Maolóidh an ghaoth agus an bháisteach ón iardheisceart de réir a chéile san iarnóin. Beidh an teocht idir 8 agus 12 céim Celsius.

Le teacht an tráthnóna beidh sé ina bháisteach is ina ghála arís agus scaipfidh an bháisteach agus an ceobhrán soir ar fud na tíre. Beidh gustaí gála aneas againn agus an teocht idir 4 agus 8 gcéim Celsius. Gaoth láidir agus gála atá romhainn amárach chomh maith agus an ghaoth anoir aneas ag athrú léi siar ó dheas. D’ainneoin múraíl throma agus gustaí gála ní bheidh an lá fuar agus an teocht idir 13 agus 15 céim Celsius.

Ach ní faoiseamh atá i ndán dúinn amárach mar táthar ag tuar go mbainfidh Stoirm Diana an tír seo amach agus luas idir 65-80 ciliméadar san uair fúithi agus gustaí léi a mbeidh idir110-130 ciliméadar san uair fúthu. Tuairt eile bháistí a thabharfaidh Diana chugainn agus í ag tórmach aniar as oileáin Asóir i lár an Atlantaigh. Táthar ag súil go dtiocfaidh aiteall beag ar an Satharn agus go mbeidh an ghrian le feiceáil arís againn.

Do dhaoine a bhíonn ag obair nó ag taisteal in áiteanna contúirteacha an rabhadh buí aimsire le go mbeidh siad ábalta an chontúirt a sheachaint agus ba cheart go mbeadh an chuid eile againn sábháilte go maith ach a bheith ar an airdeall agus gan aon chontúirt a tharraingt orainn féin.

Fág freagra ar 'Rabhadh báistí, gála agus tuilte eisithe agus Stoirm Diana ar a bealach'