Questions and queries? Cuirimis tús leis ‘An Scéim um Chur i Leataobh Focail Ghaeilge’

FRIOTAL: Tá moladh ag ár gcolúnaí a rachaidh go mór chun sochair don Ghaeilge; gan péire focal Béarla a úsáid nuair a dhéanfadh focal Gaeilge amháin an beart

cartún antain

Chuala sibh iomrá, gan amhras, ar na scéimeanna ‘cur i leataobh’ a cheap an tAontas Eorpach le go n-éireodh feirmeoirí as barra a shaothrú a bhfuil an margadh plúchta leo cheana féin. Bíonn tráchtairí ar chúrsaí na hEorpa ag caint ar ‘lochanna fíona’ agus ar ‘shléibhte bia’ nuair a bhíonn farasbarr fíona agus bia ann. Déanaimse amach go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘carn aoiligh Gaeilge’. Dá bhrí sin, molaimse scéim nua a bhunú – ‘an Scéim um Chur i Leataobh Focail Ghaeilge’.

Ní doiligh fianaise a sholáthar ar son mo scéimse. A leithéid seo: ‘Athróidh patrúin vótála mar gheall ar athruithe déimeagrafacha sa daonra.’ De réir théarmaí tagartha na scéime, bheadh íocaíocht dlite d’údar na habairte sin as ‘sa daonra’ a fhágáil ar lár, nó is ar éigean a thitfeadh athrú déimeagrafach amach ar pháirc peile nó i halla paróiste.

Bheadh díolaíocht mar an gcéanna tuillte ag an té a dhéanfadh an tseoid seo a ghiorrú: ‘Tá an-chuid iarainn i láthair i spionáiste.’ Fiú má bhí present in spinach ar intinn an scríbhneora, ní ceadmhach an abairt Ghaeilge a mhilleadh ag iarraidh freastal air. B’fhiú carn óir an abairt ghonta: ‘Tá an-chuid iarainn i spionáiste.’ Tá lorg an aistriúcháin ar chuid mhór dá bhfuil i gcarn aoiligh na Gaeilge: ‘Cíorfar an chaoi ar féidir le sparánacht cabhrú chun éascú a dhéanamh ar thaighde’ seachas ‘Pléifear an leas is féidir a bhaint as sparánacht chun taighde a éascú.’

Nó cad é a déarfá leis an abairt seo: ‘Má bhíonn ceisteanna nó fiosruithe agat faoin bhfaisnéis a chuir tú isteach, déan teagmháil leis an Rialaitheoir, le do thoil.’ Is maith an té a mhíneodh an difear idir ‘ceist’ agus ‘fiosrú’ sa chomhthéacs seo. Ba leor ceann amháin acu, shílfeá, mura bhfuiltear ag aithris ar dhúblóga Béarla mar questions or queries. Ach níl aon dualgas orainn focal Gaeilge a sholáthar in aghaidh gach uile fhocal Béarla más dóigh linn nach gcuireann siad puinn le ciall na habairte. (An fhírinne choíche, tá béarlagair an dlí breac le dúblóga ar deacair a gciall a dhealú ó chéile  – ‘uacht agus tiomna deiridh’, ‘taifead ceart cruinn’ – ach ná déanaimis riail den eisceacht.)

Is iomaí sin péire focal Béarla a chuirtear in iúl i bhfocal amháin Gaeilge. Níl caill ar ‘buidéal leathair’ ach ná caithimis mealbhóg i dtraipisí. Níl aon ní áiféiseach faoi ‘ar phraghas laghdaithe’ ach nach raibh lascaine agus lacáiste sa Ghaeilge riamh? Ní líon na bhfocal is cás linn anseo, ach leaganacha bacacha a cheaptar trí aithris ar phéirí focal an Bhéarla: ‘Ba é téama na hócáide anuraidh ná Daoine Éireannacha Cáiliúla.’ Tuigimid an abairt ceart go leor, ach nach ‘Éireannach’ an Ghaeilge ar Irish person?    

Admhaím go mbeidh sé deacair an scéim a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé a bheith conspóideach, mar shampla, scríbhneoirí a íoc de réir laghad na bhfocal. Is fíor ina dhiaidh sin go bhfuil taithí nach beag ag eagraíochtaí Gaeilge ar chiorruithe faoin am seo. Mar a dúirt fear uasal romham: bogaimis ón charn aoiligh!

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Questions and queries? Cuirimis tús leis ‘An Scéim um Chur i Leataobh Focail Ghaeilge’'

  • sceolann@hotmail.com

    bhfuil an focal ‘coicís’ caite I dtraipisí anois leis acu in áit ‘dhá sheachtain’, ar lorg an Bhéarla arís dar ndó’ óir is annamh a chloistear ‘fortnight’ anois.
    ‘leas a bhaint as an deis’ in áit ………………….
    ‘an deis a thapú’…………..ó a dhuine na n-árann

  • file

    Maith thú! Cúpla sampla eile a chuirfinn ar an charn:

    buaicphointe (ós ionann é agus ‘buaic’);
    beirt daoine (ós ionann é agus ‘beirt’)
    idirdhealú a dhéanamh idir x agus y (x agus y a idirdhealú)
    comhoibriú le daoine eile (an féidir comhoibriú gan daoine eile???)

  • Mise Åine

    Cuidíonn le do rún.. ?

    Bheadh ‘saor in aisce’ ar an liosta agam féin…

  • Mise Åine

    Cuidím le do rún… ?

    Bheadh ‘saor in aisce’ ar an liosta agam féin…