Putin, breosla agus seanbhóthar iarainn stairiúil

Is cuimhin liom go maith na scuainí taobh amuigh de na caidéil pheitril sna seachtóidí. Feicfimid arís iad…

Putin, breosla agus seanbhóthar iarainn stairiúil

D’eagraigh Tuairisc díospóireacht ar líne roinnt bheag seachtainí ó shin le plé a dhéanamh faoi chúrsaí fuinnimh. Bhí cead ag daoine téacs nó teachtaireacht a chur isteach le linn an ama agus thapaigh mise mo dheis seanphort atá agam le píosa a lua arís.

Nocht mé an tuairim go bhfágann an seasamh a bhíonn ag daoine in aghaidh foinsí breosla ag baile mar gás, freacáil, LPG agus a leithéid gur ag brath ar Vladimir Putin a bheadh muid le haghaidh soláthar gáis nó ola. Nuair a léadh amach mo théacs fuair mé gáire múinte ón bpainéal sular bhog siad ar aghaidh chuig ábhar níos gaire dá gcroí. Sea, ba chúis gháire é roinnt seachtainí ó shin a cheapadh go raibh aon bhaol ar an soláthar ola nó gáis ó Vlad.

Ach an rud atá suntasach anois, ná gur contúirtí i bhfad a bheith ag brath ar Vladimir Putin, ná a bheith ag tógáil calafoirt, le gás LPG a thabhairt isteach chun na tíre.

Nuair a scríobh mé féin alt do Tuairisc in Eanáir na bliana 2018, bhí mé ag smaoineamh ar an neamhshuim a bhí á déanamh ag daoine d’fhoinse an gháis thar lear a bhí in úsáid againne. Ón Bhreatain a bhíomar á cheannach, ach is beag duine a d’fhiosraigh cé as a bhí an gás ag teacht sa chéad áit.

Cá as a dtagann gás na Breataine? Sin an cheist a bhí agam ag an am.

An freagra. Tá siad in ann 43% a sholáthar iad féin- ón Muir Thuaidh den chuid is mó. Faigheann siad 13% ó thancaeir a bhíonn luchtaithe le gás leachtaithe (LNG) agus tagann 44% den ghás ón Eoraip. Agus cé a sholáthraíonn 35% de ghás sin na hEorpa ach ár gcara, Putin é féin!

Agus mar bharr ar an donas, a dúirt mé, dá dtiocfadh Breatimeacht crua inár dtreo agus dá mbeadh dleachtanna le híoc ar earraí a thiocfas ón mBreatain, gach seans go gcuirfí dleacht ar an ngás a thagann ón tír sin, cuma an dtagann sé ón Muir Thuaidh nó ó Vladimir Putin é féin.

Bainimis súp as gás Mhaigh Eo, fad a mhairfidh sé, a dúirt mé.

An rud a bhí i gceist agam faoi Ghás Mhaigh Eo san alt sin ná go mbeadh deireadh leis an ngás sin lá éicint agus go mbeadh foinse eile uainn an uair sin.

Ar ndóigh bhí daoine i gcoinne ghás Mhaigh Eo freisin agus ní hé amháin sin ach i gcoinne gach uile chineál taiscéalaíochta amach ón gcósta ina dhiaidh sin. Rud atá coiscthe go hiomlán ag Rialtas na hÉireann le bliain anuas.

Aisteach go leor, ní hé an cogadh fíochmhar fuilteach atá á fhearadh ag Putin ar a chomharsana san Úcráin a chuir ag smaoineamh ar na cúrsaí seo mé.

Le cúpla lá anuas, is fíor go bhfuil an-chaint ar ghanntanas breosla, ar ardú praghsanna, agus ar na bealaí ar féidir linn ar fad gearradh siar ar an úsáid ola agus gáis amach anseo, de thoradh an chogaidh agus na smachtbhannaí ar an Rúis.

Ní hea – an rud a chuir ag smaoineamh ar bhreosla mé ná an chuairt a thug mé ar thuaisceart Dhún na nGall le cúpla lá anuas.

Thug mé sciuird siar ó Ros Goill chomh fada leis an gCraoslach. Ar an mbealach siar, trasna an bhóthair ón reilig, tá bóthar caol a théann i dtreo Na Mucaise, an sliabh maorga, aithnidiúil a bhfuil radharc air ó gach cearn thart sna bólaí sin.

Shílfeá nach raibh tú ag dul in aon áit – níl aon bhaile ná tithe gar duit. Tá corrbhóithrín anseo is ansiúd. Ach má leanann duine an bóthar a thóg mise ón reilig, tar éis cúpla ciliméadar tá tú ar chosán breá tarráilte ag dul siar thar shliabh na Mucaise.

Ní cosán a bhí ann ar dtús ar ndóigh ach bóthar iarainn. Tógadh é i dtús an fichiú haois ach bhí deireadh leis faoi 1947.

Lena gceart a thabhairt do Chomhairle Chontae Dhún na nGall, Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta agus do Ghrúpa Forbartha na Mucaise, tá sárjab déanta acu le póstaeir bhreátha ag ceann an chosáin, ag míniú chuile shórt faoin stair, faoin cheantar agus faoin mbealach siúil nó rothaíochta. Is cosúil nach bhfuil an bealach ar fad tarráilte go fóill ach tá an seanchosán a raibh an bóthar iarainn air fós ann agus ag dul chomh fada le hAilt a’ Chorráin.

Nuair a bhreathnaigh mé ar léarscáil an tseanbhóthair iarainn, ba léir go raibh gréasán iontach taistil ag muintir Dhún na nGall san am a caitheadh. D’fhéadfadh duine dul ó thuaisceart Inis Eoghain, nó ó thuaisceart Chontae Dhoire chomh fada siar leis na Cealla Beaga, an turas ar fad ar thraein.

D’fhéadfá dul isteach sna Gleannta ar thraein, nó áit ar bith ar an gcósta thuaidh ón Fhál Carrach go hAilt a’ Chorráin, trí na ceantair Ghaeltachta ar fad.

Nuair a osclaíodh na línte traenach sin an chéad lá, ba chineál míorúilt a bhí iontu. Roimhe sin ní raibh aon bhóithre cearta ann – go deimhin is ar bhád a théadh na himircigh ó Ailt a’ Chorráin go Doire le tús a chur lena dturas thar farraige anonn.

Agus cén bhaint atá aige sin le cúrsaí cogaíochta agus an boilsciú atá tuartha?

Samhlaím gur ar na daoine amuigh faoin tuath, na daoine sin atá ag brath ar an gcarr nó ar an dara carr fiú, is mó a thitfidh an buille eacnamaíochta seo.

Is minic a bhíonn daoine sna ceantair sin anois i bhfad ó stáisiún breosla, i bhfad ón mbanc nó ón ATM, i bhfad ón scoil agus ó theach an phobail, agus iad fágtha gan aon tseirbhís bus áitiúil ná córas taistil poiblí de chineál ar bith.

Ceapadh nuair a cuireadh deireadh leis na hiarnróid áitiúla réigiúnda go rabhthas ag fáil réidh le hiarsma den tseanaois. Nach raibh ré an chairr tagtha? Nach raibh peitreal chomh saor gur chuma le héinne cé mhéad a d’íoc siad leis an tanc a líonadh?

Ach anois, tá mé tar éis maireachtáil trí dhá ghéarchéim bhreosla. Is cuimhin liom go maith na scuainí taobh amuigh de na caidéil pheitril sna seachtóidí. Feicfimid arís iad.

Agus ná ceap gurb é an freagra ná tiontú ar an gcarr leictreach. Cad as a ghinfear an leictreachas? 

Bhí fuascailt na faidhbe ann sula raibh an fhadhb féin ann – an tír trasnaithe chuile áit ag iarnróid, beag agus mór. 

Agus anois is ‘bealaí glasa’ atá iontu ach cén bealach taistil a úsáidfidh tú le tús a chur le do chuid rothaíochta nó siúil ar Bhealach na Mucaise? 

Pé ar bith modh a úsáidfidh tú, íocfaidh tú go daor as.

Fág freagra ar 'Putin, breosla agus seanbhóthar iarainn stairiúil'

  • Colmán Ó Raghallaigh

    Nár laga Dia thú, a Mhairéad. B’fhearr le státsheirbhísigh Bhaile Átha Cliath sinn ar fad a choinneáil ar rothair agus páirc siamsaíochta a dhéanamh dóibh fein sa chuid seo d’Éirinn.

  • Criostóir

    Maith thú, a Mhairéad. Tá ciall sa mhéid atá le rá agat, rud atá ag teastáil go géar.