Prós – Cáca Milis

Ceachtanna idirghníomhacha agus nótaí do phrós na hArdteiste - 'Cáca Milis' le Brian Lynch

Prós – Cáca Milis

Físeán

Gníomhaíocht 1:

  • Déan leath den sliocht a léamh don duine in aice leat agus déanfaidh sé/sí an leath eile a léamh.
  • Déan focail nach dtuigeann sibh a chuardach ar www.tearma.ie, www.teanglann.ie, www.focloir.ie
  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht scéal/teachtaireacht an tsleachta a  insint.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Cé hí an tseanbhean atá le feiceáil ag an tús?
  2. Cén gaol atá aici le Catherine?
  3. Cén chaoi a mothaíonn an tseanbhean?
  4. Cén sórt leabhair atá á léamh ag Catherine?
  5. Cén chaoi a mothaíonn Catherine nuair a shuíonn Paul in aice léi.
  6. Cad atá ar an bhfear – go fisiciúil?
  7. Cén sórt duine é Paul? Tabhair trí phointe eolais.
  8. Cén sórt duine í Catherine? Tabhair trí phointe eolais.
  9. Cén tábhacht a bhaineann leis an bpictiúr atá ar an mballa (an ceann den bhád)?
  10. Cén tábhacht a bhaineann leis an gcíste?
  11. Déan an chríoch a phlé.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

  1. Cén fáth, meas tú, a bhfuil Catherine chomh gránna sin?
  2. Scríobh an comhrá a bheadh ag Catherine lena máthair an oíche sin?
  3. Céard a tharlódh (céard a déarfaí) dá mba rud é gur fear óg dathúil, a shuigh le taobh Catherine?
  4. Tabhair cuntas ar an gcineál saoil atá ag Catherine, dar leat (cairde, post, caitheamh aimsire, fear céile, leanaí srl).

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Prós – Cáca Milis'

  • Arin

    Hi de lap

  • Duine cabhrach

    IS BREÁ LIOM CÁCA MILLIS