‘Príosún a bhí ann’ – cur síos ar a shaol déanta ag fear as Gaeltacht Dhún na nGall a tógadh i ndílleachtlann i gConamara

Rugadh Anthony Hayden i mBaile Átha Cliath ach tógadh óna mháthair é nuair nach raibh sé ach sé mhí d’aois agus cuireadh go scoil saothair i nGaillimh é, agus as sin cuireadh é go dtí An Ardaí Bheag i nGort an Choirce

‘Príosún a bhí ann’ – cur síos ar a shaol déanta ag fear as Gaeltacht Dhún na nGall a tógadh i ndílleachtlann i gConamara

Tá cur síos ar a shaol déanta ag fear a tógadh óna mháthair nuair a bhí sé ina leanbh agus a cuireadh go dílleachtlann i gConamara sular tógadh ar altramas é i nGaeltacht Dhún na nGall.

D’inis Anthony Hayden a scéal ar chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Rugadh Anthony Hayden i mBaile Átha Cliath, ach ní raibh a mháthair pósta ag an am agus ní raibh aon phost aici.  Ní raibh sé ach sé mhí d’aois nuair a thóg na húdaráis óna mháthair é.

“Dúirt na mná rialta léi ‘This is the day you give up your baby’,” a dúirt sé.

Tugadh go Teach Cónaithe Naomh Iósaef é, dílleachtlann agus scoil saothair ar an gClochán i gConamara, áit ar chónaigh sé go dtí go raibh sé 12 bliain d’aois.   

“Príosún a bhí ann …  bhí muidinne ag fáil buailte, bhí drochdhóigh orainn.  Bhí sé fiánta crua … bhí bia iontach spáráilte, bhí ocras i dtólamh orainn … Ní raibh muid sásta, ach inár ndóigh féin, bhí muid.  Cha raibh’s againn a dhath níos fearr.”

Cé gur tháinig daoine ar cuairt chuig na páistí eile ansin ó am go chéile, Dúirt Anthony nár tháinig aon duine ar cuairt chuige féin riamh.

“Cha n’fhaca mise duine ar bith ag teacht mo chóir am ar bith nuair a bhí mise i Saint Joseph’s, ná duine ar bith mo chuartú am ar bith.”

Ansin, go tobann lá amháin, dúradh leis go raibh sé ag imeacht.

“Cha raibh am agam le ráit cheerio leis na girseachaí ná na stócaigh… Cha raibh’s agam cá háit a raibh mé dhul. ‘ Dúirt siad ‘You’re going to Donegal’, char mhothaigh mé iomrá ar bith ar Dhún na nGall roimhe.  Cá háit a bhfuil sin, a deir mise, never you mind, a dúirt siad”.

Bhí an turas ó thuaidh iontach fada agus crua ar an leaid óg, ach shroich siad An Ardaí Bheag i nGort an Choirce, áit a raibh Anthony le bheith ar altramas le Barney agus Kit Ward.  Ní raibh aon eolas aige faoina mháthair ná a chúlra.   

“Bhí spread breá déanta acu… cha n’fhaca mise banana riamh nó tomatoes, cha raibh fhios agam cad é a bhí ann!  Bhí saol maith agam ansin.  Chuaigh mé go Scoil Chnoc na Naomh, scoil ar dóigh a bhí ann, ach cha dtiocadh liom socrú.  Bhí sé i dtólamh ar chúl m’intinn, seacht lá na seachtaine … Cad chuige bhfuil mise mar seo, cad chuige bhfuil athair agus máthair acu sin …?”

Nuair a chríochnaigh sé leis an scoil, bhí sé ag iarraidh a dhul le cócaireacht, agus cé nár tugadh uchtach ar bith dó, sin a rinne sé.

“Cha dtug sí [gairmthreoraí] uchtach ar bith dom le leanacht ar aghaidh leis… só lean mé fhéin é.  D’imigh mé go Gaillimh agus thoisigh mé san Imperial Hotel i nGaillimh ag ní urláir agus potaí agus mar sin agus d’oibrigh mé mé fhéin suas go dtí an chisteanach . Rinne mé bliain nó beirt traenála san óstán chéanna.  Sin an dóigh ar thoisigh mé agus bhí dúil mhór agam ann.”    

Tháinig sé ar ais go Dún na nGall, agus bhí sé ag obair mar chócaire in áiteacha ar fud na contae. Ansin thug sé aghaidh ar Londain ar feadh tamaill.

D’aimsigh sé a mháthair nuair a bhí sé i Londain le cuidiú ón ghrúpa Crusade of Rescue.  Chas siad le chéile uair amháin, thart ar 1989 nó mar sin, agus d’inis sí dó faoi mar a tháinig sé ar an saol agus mar a tógadh uaithi é.  Chaith sí oíche sa teach leis ach sin an t-aon uair ar chas Anthony lena mháthair, agus níl fhios aige an bhfuil sí fós beo.  Fuair sé amach gurbh as Co. an Chláir di ó dhúchas, gur phós a mháthair agus go raibh deartháir aige.

“An uair dheireanach go raibh mé ag caint léi b’shin 1989/1990… cha smaoitím chor ar bith uirthi.. not go bhfuil mé ag déanamh dearmad ach tá an phase sin i mo shaol déanta.  Tá mé sásta gur chas mé léi.”

“Chef a bhí inti… bhí sí ina headchef san áit a raibh sí ag obair le 18 mbliain an t-am ar chas mé uirthi.  D’fhan sí oíche amháin ach sin an deireadh a bhí leis sin.  D’fhág mé suas aici fhéin é … Bhí lúcháir uirthi mé a fheiceáil, agus bhí lúcháir ormsa fosta… Thug sé uchtach domh.”

Phós Anthony bean as Tír Chonaill, Gracie, i 1986 agus bhí triúr clainne orthu atá fásta anois, Alan, Gavin and Gina, ach ar an drochuair scar siad óna chéile.  Tá cónaí air anois i Leitir Ceanainn agus tá clann óg air, Toni (5) agus Charlie (3).

Dúirt sé san agallamh go raibh sé buíoch de na daoine uilig a chuidigh leis thar na blianta, lena bhean, lena clann siúd, lena chlann fhéin, lena chara Joe Mangan, agus leis na comharsana ar an Ardaí Bheag a bhí an-mhaith dó.

Dúirt sé gur chuidigh a chuid spioradáltachta fhéin leis freisin,   

“Fuair mé ar aghaidh leis.  Cibé atá déanta, tá sé déanta.  Tá sé i dtólamh i gcúl mo chinn ach tá mé in ann déileáil leis. Labhair mé le Dia.. nuair nach raibh creideamh ar bith agam.. Ar mo dhóigh fhéin, spiritual, bhí mo dhóigh fhéin agam.”

Bhí Anthony Hayden faoi agallamh ag Edel Ní Chuireáin ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Príosún a bhí ann’ – cur síos ar a shaol déanta ag fear as Gaeltacht Dhún na nGall a tógadh i ndílleachtlann i gConamara'