Tá raic tarraingthe ar na meáin shóisialta ag Emma Vardy, comhfhreagraí Éireannach Nuacht BBC, mar gheall ar chosaint a dhéanamh ar úsáid an téarma Prime Minister seachas Taoiseach.
Bhí Vardy ag tagairt do scéal a craoladh ar an BBC aréir faoi Leo Varadkar agus cuairt Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnston ar Bhaile Átha Cliath.
Chosain Emma Vardy úsáid an fhocail Prime Minister agus dúirt nach pearsa ríoga a bhí ann. Dúirt sí ar Twitter go raibh sé deacair go leor a bheith ag iarraidh an Breatimeacht a mhíniú don phobal sa Ríocht Aontaithe gan a bheith ag úsáid ‘non-understandable terms’.
Why? Prime Minister is his official title in English. He’s not royalty, he’s someone GB viewers need to know about, especially right now. Brexit’s bad enough with non-understandable terms as it is. https://t.co/ZuyOFc9qVv
— Emma Vardy (@EmmaVardyTV) September 9, 2019
Is beag glacadh a bhí ag roinnt daoine ar Twitter leis an seasamh sin. Mhínigh duine amháin gurb é Taoiseach an leagan oifigiúil ar an bpost i mBéarla agus i nGaeilge agus nach é Prime Minister an t-aistriúchán ceart a bhí ar an bhfocal sin.
An Taoiseach is the official title in both Irish and English. Moreover, it is not a literal translation of Prime Minister.
— Grainne Murphy (@stonegatemum) September 9, 2019
Níor ghéill Emma Vardy don argóint sin, áfach. Mhaígh sí gurbh fhearr a thuigfeadh pobal na Breataine ‘Irish Prime Minister’ seachas Taoiseach. Bhainfeadh sí úsáid as an bhfocal Taoiseach i dtuairiscí fada nuachta ach ní fheilfeadh sin i gcás ceannlínte, a dúirt sí.
I didn’t say it was the literal translation. But Irish Prime Minister is a term that more UK viewers will understand. As I keep saying, in longer pieces you’ll hear Taoiseach too, but in short headlines/tweets for a primarily UK audience it’s generally Irish PM
— Emma Vardy (@EmmaVardyTV) September 9, 2019
Is beag glacadh a bhí leis an míniú sin ach oiread agus mhéadaigh ar an aighneas faoin Taoiseach.
She’s the Irish political correspondent for BBC! What a disgraceful attitude for her to take.
— Aisling (@Aisling_Pash) September 9, 2019
Am taken aback by her attitude TBH. Am thinking she’s disinclined to go outside her UK specific comfort zone
— Iseult (@Dogbowl31Medb) September 9, 2019
In fairness. We are constantly referring to your monarchy by their full title and we’re a republic opposed to monarchy. It’s a respect thing. It’s one word in a language indigenous to these islands. I’m sure your audience can handle it. It’d probably do them some good tbh.
— Derek Conlon (@derekconlon) September 9, 2019
Ní fada go raibh ceist bhunreachtúil déanta den easaontas agus cuireadh an mhír chuí as Bunreacht na hÉireann ar fáil i mBéarla.
— James Love (@james__love) September 9, 2019
Bhí míniú níos iomláine ar stádas an bunreachtúil an fhocail ag Trevor Herbert a dúirt go raibh 52 tagairt don bhfocal sa bhunreacht agus go raibh an focal ‘prime minister’ ann mar shainmhíniú seachas mar aistriúchán.
The constitution uses Taoiseach when referring to the office 52 times. It only uses prime minister to help define it (not to translate it to English).
— Trevor Herbert (@riadach) September 9, 2019
Nocht Eoin O’Malley, eolaí sóisialta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a thuairim féin ar stádas bunreachtúil an fhocail.
No it isn’t. The official title in English and the vernacular is to say Taoiseach. pic.twitter.com/eiCMmqVG53
— Eoin O’Malley (@AnMailleach) September 10, 2019
Mheabhraigh duine eile gur bhain Banríon Shasana féin úsáid as an ‘gcúpla focal’ le linn di a bheith in Éirinn.
When Queen Elizabeth visited Ireland, she made the effort to address a formal banquet in Irish…it was very much appreciated. It fostered goodwill.
— Iseult (@Dogbowl31Medb) September 9, 2019
Bhí Louise Ní Riagáin an-mhíshásta gur cheap comhfhreagraí an BBC go raibh an focal Taoiseach ‘non-understandable’. Mhol sí do chomhfhreagraí Nuachta an BBC ‘oideachas a chur uirthi féin’ faoin bhfocal agus teideal ceart Leo Varadkar a úsáid;
Non-understandable terms? That’s pathetic. Educate yourself and use the correct title.
— Louise Ní Ríagáin (@louiseneeree) September 9, 2019
Thug iriseoir idirnáisiúnta amháin tacaíocht do sheasamh Emma Vardy. Mheabhraigh Jon Stone, comhfhreagraí Eorpach ag an nuachtán Sasanach The Independent, gur nós é teideal poist a aistriú go Béarla. An cleachtas a bheadh aige féin ná an focal Taoiseach a úsáid an dara huair in alt ina luafaí é.
i tend to use ‘the irish prime minister’ too, we tend to translate the job title for all languages. I often put taoiseach for second mention once it’s been established who he is, but as emma says, a lot of readers just won’t know what it means
— Jon Stone (@joncstone) September 9, 2019
Lillis Ó Laoire
An easair fholamh arís…
Teanga Siombalach Náisiúnta
Is “Prime Minister” an teideal a ba chóir a bheith ar Varadkar in Éireann freisin mar is job aonteangach Bhéarla atá aige.
Cáineadh an Teachta Catherine Connolly go géar toisc gur labhair sí cúpla focal Gaeilge i láthair fear na dteangacha Jean-Claude Juncker san Assembly (Dáil).
Níl ach “0.5%” des na díospóireachtaí san Irish Assembly (Dáil) i nGaeilge agus an Ghaeilge caite i ngeiteo ag polaiteoirí Éireannacha toisc gur éigean a phléitear rud a bith seachas an Ghaeltacht agus an Ghaeilge sa teanga siombalach “náisiúnta”
Dordán na mBard
Whereas,
De réir na loighice agus na críonnachta fadbhuanach atá ag compántas Oirearc Tweeters na hÉireann maidir leis an téarma sollúnta urramach réamhráite “Taoiseach” ba chóir don mhaorlathas sa mBBC seo leanas a dhéanamh lena leithéid dhe hEmma Vardy réamhráite:
Premierminister” amháin a ghlaoch ar Angela Merkel,
“Premier ministre” amháin a ghlaoch ar Emanuel Macron agus
“primo minstro” amháin a ghlaoch ar Giusseppe Conte
srl. srl.srl……. go mbeidh cruinneas agus binneas ina seomra nuachta feasta agus comhurram ann do gach treabh.
Freisin. Bidh agus beig obair ollmhór agus fadálach ag compántas “Tweeters na hÉireann” mar sin má tá siad le bheith cothrom agus féireáilte le hEmma Vardy bocht. Ní mór dóibh a bheith ag clamhsán de shíor le nuactáin agus cainéil teilifíse an domhain ar fad as go bhfuil sé de dhánaíocht acu gan an teideal “Taoiseach” a úsáid maidir le Leo Varadkar ó tharla gur “príomhaire” ina dteangacha dúchais amháin! an teideal a ghlaonn siad ar Leo Varadkar mar gnás sean-bhunaighe ó na seanlaerhannta ar aghaidh.
Freisin ní mór dhaoidhbhse an Compántas Tweeters na hÉireann réamhráite cur in a luí ar cainéil stát-urraithe agus corporáideacha an domhain tré chéile go mbeidh urthu na téarmaí dúchasacha ar Phríomhaire a úsáid i ngach Stát ar domhain le foghlaim ag leithéidí de mhná Domhnaigh (mar a fheictear) Emma Vardy feasta ar mhaithe le PC nó pé téarma dúchasach atá ar an coincheap sin sa “terretoire” sin.
Áiméan.
Gabriel Rosenstock
Tá gach einne ag tabhairt ‘Boris’ ar mo dhuine thall. Alexander Boris de Pfeffel Johnson is ceartainm dó, nó ‘Piffle’ mas fearr leat ainm ceana a thabhairt ar an gcréatúr.
An Teanga Bheo
Taoiseach na h Éireann Leo
Séamus
Ní bheinn ró-bhuartha faoi stuif mar sin. Tuigtear nach ann ach siomballachas; cé gur deacair a rá scaití cén ‘siombail’ atá bainteach leis. Níl cuntas Twitter agam ach is cosúil nach bhfuil mórán ar siúl ann seachas daoine ag argóint agus ag maslú dá chéile. Mura bhfuil ann ach cnapán, ní fiú cnocán a dhéanamh as…nó rud éigin mar sin.