‘Pribhléid mhór agus seans mór a bhí ann’ – leabhar scríofa ag Joe McHugh faoina aistear teanga

Deir Joe McHugh gur thug an Ghaeilge ‘saol nua’ dó nuair a thosaigh sé á foghlaim in 2014 nuair a ceapadh ina aire stáit Gaeltachta é

‘Pribhléid mhór agus seans mór a bhí ann’ – leabhar scríofa ag Joe McHugh faoina aistear teanga

Seolfar an mhí seo  leabhar ó pheann an iar-aire stáit  Gaeltachta Joe McHugh faoin “aistear teanga” ar thug sé faoi nuair a ceapadh san aireacht sin é deich mbliana ó shin.

Beidh Tú Alright: An Irish Language Journey is teideal don leabhar atá á fhoilsiú ag an teach foilsitheoireachta Orpen Press i mBaile Átha Cliath agus tá cur síos ag fear Charraig Airt ar an “saol nua” a thug an Ghaeilge dó ó thosaigh sé á foghlaim in 2014.

Tharraing cinneadh Thaoiseach na linne Enda Kenny duine nach raibh Gaeilge ar a thoil aige a cheapadh ina aire stáit don Ghaeltacht cáineadh go leor i samhradh na bliana 2014 nuair a fógraíodh gurbh é Joe McHugh, teachta Dála do Dhún na nGall, a bheadh sa ról.

In agallamh a thug McHugh don nuachtán Donegal Live níos túisce an mhí seo dúirt sé gur thuig sé nach go rómhaith a ghlacfaí leis an gceapachán i saol na Gaeilge agus gur cheistigh sé cinneadh cheannaire a pháirtí.

“I remember going into the office so excited, but when Enda hands me the job, when he said ‘Gaeltacht’, it was as if the whole world collapsed in front of me. That night, I remember thinking before I went to bed: ‘what the fuck am I doing here?’ I thought about ringing Enda again because I thought it was pointless and it was like: ‘I’ll be killed out there’.”

Ach dúirt McHugh le Tuairisc gur thuig sé sa deireadh gur “deis mhór, pribhléid mhór, onóir mhór, agus seans mór” a bhí sa cheapachán agus go bhfuil sé anois “thar a bheith buíoch” faoi chinneadh Kenny.

“Bhí mé ag labhairt ag tús an leabhair faoin strus agus an brú a bhí orm agus go raibh mé ag ceistiú an chinnidh ag an am, ach níl aon cheist agam anois faoi. Ba dheis mhór, pribhléid mhór, onóir mhór, agus seans mór a bhí ann agus tá mé thar a bheith buíoch d’Enda as a chinneadh.

“Is éard atá sa leabhar ná cur síos níos pearsanta ar an turas teanga, is sórt memoir é, cuid de ina labhraím faoi laethanta m’óige agus rud beag faoi mo theaghlach agus mo cheantar agus an chéad uair a d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil.”

Deir sé go gclúdaíonn an leabhar na deich mbliana atá imithe tharainn den chuid is mó.

“Thosaigh mo thuras in 2014, agus sonraí nua ann nár phléigh mé áit ar bith eile. Luaitear an chéad lá sin ar chas mé le Enda Kenny in oifig an Taoisigh, an brú a bhí ann, ach níl mé ag díriú air sin sa leabhar, ach ar an seans mór a fuair mé ó Enda,” a dúirt sé le Tuairisc.

Clúdaíonn an leabhar tréimhse sách fada i saol an pholaiteora – tréimhse ina raibh sé in aire stáit don Ghaeltacht, ina phríomhaoire, ina aire oideachais agus ina aire stáit don Diaspóra.

“An fáth ar scríobh mé an leabhar ná go raibh mé ag smaoineamh siar ar mo ghairm agus ar an turas teanga, agus bhí an t-am agam é sin a dhéanamh den chéad uair in 2021 nuair a thosaigh mé ag scríobh an leabhair.

“Bhí mé san ospidéal ag an am, agus bhí am agam den chéad uair le fiche bliain chun é sin a dhéanamh. Thosaigh mé ag smaoineamh go mb’fhéidir go ndéanfainn cur síos ar an taithí a fuair mé i gcaitheamh na mblianta, agus taifead a dhéanamh faoi mo thuras agus tips agus cuidiú a thabhairt do dhaoine eile.”

Deir sé nach raibh sé in ann ainm achan duine a thug cuidiú dó a lua sa leabhar mar tá an oiread daoine ann.

“Daoine sa Ghaeltacht, daoine taobh amuigh den Ghaeltacht, agus daoine timpeall na cruinne – thug siad ar fad cuidiú dom agus tá an leabhar seo ann le misneach a thabhairt do dhaoine eile atá ag smaoineamh faoi dhul ar aistear teanga iad féin,” a dúirt sé.

Deir sé gurb é “an teachtaireacht is mó” atá sa leabhar ná a chur ar a súile do dhaoine eile gur féidir filleadh ar an nGaeilge agus taitneamh a bhaint as a bheith á foghlaim, agus go gcuireann an teanga le saol an duine a fhoghlaimíonn í.

“Mar shampla, nuair a bhí an chéad chruinniú agam le hArd-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, agus mé i m’Aire Oideachais, ón gcéad chruinniú sin go dtí an cruinniú deireanach agus tríd an bpaindéim, bhí muid i gcónaí ag labhairt tríd an Ghaeilge.

“Thosaigh mé ag labhairt leis i nGaeilge an chéad lá, ní raibh aon phlé ann roimhe go ndéanfadh muid é sin, ach thosaigh muid leis an Ghaeilge agus choinnigh muid orainn léi. Chuir an teanga le mo shaol.

Tá sé ag iarraidh “feasacht” faoin nGaeilge a ardú i measc daoine a bhfuil suim acu í a fhoghlaim.

“Tá an Ghaeilge timpeall orainn uilig, ar an idirlíon agus sa tír agus níl le déanamh ach an deis a thapú. Nuair a rinne mé m’Ardteist i 1989 go dtí 2014 bhí suim agam faoin nGaeilge, agus bhínn i gcónaí a rá go gcaithfidh mé teacht ar ais chuici ach níor tharla sé. Thóg sé fiche bliain ach tá an Ghaeilge timpeall orm arís,” a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag Joe McHugh Beidh Tú Alright a sheoladh i gcúpla áit sna míonna amach romhainn. Is in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille a dhéanfar an chéad seoladh oifigiúil ar an 9 Nollaig. Ba siar go dtí an Gleann a chuaigh McHugh i samhradh na bliana 2015 le feabhas a chur ar a scileanna teanga agus tá go leor ama caite aige ann ó shin.

“Tá níos mó sa leabhar faoin nGleann agus faoin gcultúr agus an oidhreacht atá le fáil ann. Thug muintir an Ghleann go leor cuidiú domsa. Is tearmann tábhachtach a bhí sa Ghleann sna blianta sin – ní raibh leathanbhanda ná clúdach fóin ann ag an am agus bhí sé sin dearfach!” a dúirt sé.

Seolfar an leabhar ina pharóiste féin, i mbaile Leitir Ceanainn agus i mBaile Átha Cliath sna seachtainí ina dhiaidh sin agus tá plean aige teacht go siopa leabhar Charlie Byrne i gcathair na Gaillimhe sa bhliain nua freisin.

“Bhí tionchar mór ag an nGaeilge ar mo shaol, d’athraigh sí mo shaol, agus is faoi sin a scríobh mé go príomha – faoin taithí a fuair mé ar mo thuras teanga agus an dóigh gur thóg sí m’fhéinmhuinín go háit dhifriúil. Léargas atá ann ar shaol an pholaiteora agus an cinneadh a rinne mise mé féin a bhá sa teanga,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Pribhléid mhór agus seans mór a bhí ann’ – leabhar scríofa ag Joe McHugh faoina aistear teanga'

  • An Sléibhteoir

    Scéal an-spéisiúil, chun a cheart a thabhairt dó!