‘Pretends to go left, goes right’ – réalta spóirt na polaitíochta

Ó Jack Lynch go George Weah is iomaí réalt spóirt a thug aghaidh ar an bpolaitíocht

‘Pretends to go left, goes right’ – réalta spóirt na polaitíochta

John O'Mahony, Jack Lynch agus Alan Dillon

‘Pretends to go left, goes right’

Ag Micheál Ó hEithir a bhíodh an nath cainte sin agus é ag cur síos ar thosaithe scafánta stuama a linne agus iad ag faoi lánsiúl ag iarraidh bob a bhualadh ar chosantóirí. Bhí fear i mo dhúiche ag an am a chaith a shaol ag aithris air– ba chuma sa ngarraí nó ar an bportach dó, bhíodh sruth de leaganacha an tráchtaire ag teacht óna bhéal de shíor. Bhí siad ann a shíl go mba mhearadh a bhí air.

Tháinig an bheirt acu ar ais i mo chuimhne le linn na seachtaine agus mé bodhraithe ag lucht polaitíochta agus anailíse ag tuar cén leagan amach a bheas ar an gcéad rialtas eile. Bhí an oiread sin cainte acu ar ‘eití’ agus ar ‘eiteoga’ go mbeagnach mionnóinn go raibh an raidió é féin ag dul ó thaobh go taobh an bhoird ag brath ar chlaonadh an chainteora.

Le filleadh ar an staidéar, ba thoghchán a bhí ann inar roghnaigh pobal Mhaigh Eo peileadóir a chur chun na Dála uair amháin eile – Alan Dillon an babhta seo ag leanacht an chosáin a shiúil Seán Flanagan, Henry Kenny agus John O’Mahony roimhe.

Níl aon chall a inseacht don chuid agaibh atá in aois chéille cé hé an Mathúnach, ach ní mór duit a bheith amach sna blianta go mbeifeá eolasach ar an mbeirt eile.

Cosantóir ab ea Flanagan a bhí ina chaptaen ar Mhaigh Eo nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsir na hÉireann i 1950. Bhí sé tofa ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil nuair a thosaigh craobh na bliana dár gcionn agus faoin am ar chríochnaigh Craobh Peile na Éireann 1951 ba é an Teachta Dála Seán Flanagan a chroch an corn arís ar chéimeanna Ardán an Ógánaigh. Bhí sé ina Fheisire Eorpach faoin am ar éirigh sé as an bpolaitíocht i 1989.

Bhí Henry Kenny ag imirt i 1936 nuair a thug Maigh Eo an Chraobh Shinsearach leo don chéad uair riamh. Lena linn bhuaigh Maigh Eo an Sraithchomórtas 6 huaire as a chéile (1935-39). Is mac leis Enda Kenny an t-iarThaoiseach. Suimiúil go leor ba i nDoire Bhó Riada gar don Sraith Salach a bhí Henry Kenny ag múineadh scoile sna blianta sin agus ba le club Uachtar Ard na Gaillimhe a d’imir sé a chuid peile.

Ón gcéad uair a dtáinig Dáil Éireann le chéile den chéad uair ar an 21 Eanáir 1919 ba bheag Dáil a lean nach raibh daoine a raibh cáil orthu ó thaobh spóirt ar an liosta díobh siúd a toghadh. Ba é Aibhistín de Staic a bhí ina chaptaen ar Chiarraí nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1904. Seacht mbliana dár gcionn bhí sé ar liosta na Chéad Dála agus i 1921, reáchtáladh an toghchán as ar tionóladh an Dara Dáil agus ba é Stack an tAire Gnóthaí Baile.

Le linn an Chogaidh Chathartha cuireadh i bpríosún é agus dá bharr sin, ainneoin an bua a bheith faighte ar an gCabhán acu i mbabhta leathcheannais, dhiúltaigh Ciarraí an babhta ceannais a imirt in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Sa leabhar Dáil Stars a foilsíodh dornán blianta ó shin roghnaigh an t-údar, Conor McMorrow foireann pheile de Theachtaí Dála. Bhronn sé an chaptaenacht ar Jack Lynch rud a mbeadh sé deacair fiú acu siúd a bheadh ar dhath éagsúil polaitíochta gan glacadh leis. Ar an gcéad dul síos ba é Lynch an t-aon duine ar an bhfoireann a bhí ina Thaoiseach (cé go raibh an leathchúlaí John Wilson ina Thánaiste). Ní raibh bliain idir 1941 agus 1946 nár thug an Loingseach bonn sinsearach Chraobh na hÉireann abhaile – 5 cinn iomána agus ceann peile (1945).

Trí huaire a bhí Dick Spring ina Thánaiste – trí huaire freisin a d’imir sé do Chiarraí sa tSraith Náisiúnta Peile 1975, ach bhí sé imithe den liosta faoin am a dtáinig an chraobh agus an bua gan choinne a fuair ógánaigh Mick O’Dwyer ar Áth Cliath. Ba dheacair leis dul thar an 3 is cosúil, mar ba trí chaipín rugbaí a fuair sé i 1979, dhá bhliain sular toghadh é mar Theachta Dála de chuid an Lucht Oibre i dTuaisceart Chiarraí. De réir mo chuimhne ba é Jim Glennon (Fianna Fáil), a fuair 6 chaipín blianta beaga ina dhiaidh sin, an t-aon imreoir idirnáisiúnta rugbaí de chuid na tíre seo a leag a thóin ar shuíochán Dála.

Cé is moite den Loingseach agus de Mick Herbert, a d’imir do Luimneach i ndeireadh na 1940idí, is cosúil gur beag iománaí a chuaigh i dtreo na polaitíochta, cé ar ndóigh gur chaith Des Foley ocht mbliana sa Dáil idir 1965 agus 1973. D’imir Foley d’Áth Cliath i gCluiche Ceannais Iomána 1961 agus ba é a bhí ina chaptaen ar na peileadóirí a bhuaigh ar Ghaillimh dhá bhliain dár gcionn. D’imir Liam Lawlor é féin iománaíocht don chontae sin sular thug sé faoi shaol na polaitíochta.

Ní in Éirinn amháin atá an nós ag réalta spóirt aghaidh a thabhairt ar an bpolaitíocht ar ndóigh. Áirítear Manny Pacquaio a bheith ar dhuine de na dornálaithe ab fhearr a facthas riamh – níl duine eile ar domhan a bhuaigh craobhacha domhanda in ocht gcinn de mheáchain éagsúla. Toghadh Manny ina theachta parlaiminte sna hOileáin Fhilipíneacha deich mbliana ó shin agus tá sé ina sheanadóir ansiúd faoi láthair.

Bhuaigh Sebastian Coe an bonn óir sa rás 1500m ag Cluichí Oilimpeacha Mhoscó agus Los Angeles. Chaith sé cúig bliana i nDáil na Breataine ina dhiaidh sin. Chaith Chris Chataway deich mbliana ansiúd – bhí seisean ar dhuine de na ‘giorriacha’ a bhí le Roger Bannister nuair a sháraigh sé na ceithre nóiméad i rás an mhíle den chéad uair riamh i 1954. Sa toghchán is deireanaí chuig Dáil na Breataine choinnigh Tonia Antoniazzi greim ar an suíochán a bhí aici don Lucht Oibre in Gŵyr na Breataine Bige. Ní móide go ndearna sé aon dochar di go mba mhinic a rug sí freisin ar an liathróid ar fhoireann idirnáisiúnta rugbaí na tíre sin.

Tabharfaidh muid an svae do George Weah ar thosaigh a cháil mar imreoir sacair nuair a thug Arsène Wenger go Monaco é i 1988. Ina dhiaidh sin bhuaigh sé Ligue 1 Paris Saint-Germain, an Serie A faoi dhó le A.C. Milan, Corn an FA le Chelsea agus bhuaigh sé an gradam Imreoir FIFA na Bliana i 1995.

Tá an oiread sin gean acu air ina thír dhúchais, Poblacht na Libéire, go ndearna siad Uachtarán de dhá bhliain ó shin.

Fág freagra ar '‘Pretends to go left, goes right’ – réalta spóirt na polaitíochta'