Seolfar sa tseanscoil i gCeathrú Thaidhg i nGaeltacht Mhaigh Eo anocht an leabhar Táin Bó Fliodhaise – Táin Bó Mhaigh Eo.
Is réamhscéal é Táin Bó Fliodhaise ina n-insítear an méid a tharla roimh eachtraí an mhórscéil chlúitigh Táin Bó Cuailnge.
I gcomparáid le seanchas eile na Tána níl oiread sin aithne ná eolas forleathan ar Táin Bó Mhaigh Eo – scéal eachtraíochta agus miotas Ceilteach ón gcéad aois. Déantar cur síos ann ar an tslí a ndeachaigh arm Mheadhbh ó Ráth Chruacháin i gcontae Ros Comáin isteach go hIorras ar ruaig chreiche eallaigh. Bhí súil ag arm Mheadhbh ar bhó amháin go háirithe, An Bhó Mhaol (ar a dtugtaí An Maol uirthi), bó a raibh bua bleachta aici a bhí in ann dóthain bainne a sholáthar d’aon bhleán amháin a shásódh trí chéad fear, a gcuid ban agus páistí.
Beidh ábhar ealaíne ó pháistí scoileanna náisiúnta Ghleann na Muaidhe, Ros Dumhach agus Cheathrú Thaidhg ar taispeáint le linn sheoladh na hoíche anocht, saothair a léireoidh an tírdhreach agus na láithreáin sheanda atá ceangailte leis an scéal.
Tabharfaidh Antaine Ó Brógáin píosa cainte ar an stair agus an oidhreacht is bun leis an leabhar agus is í an craoltóir agus iriseoir aitheanta Áine Ní Chiaráin a sheolfaidh an leabhar ‘Táin Bó Mhaigh Eo The Cattle Raid of Mayo – The History and Heritage of The Táin Bó Fliodhaise’.
– Anocht sa seanscoil i gCeathrú Thaidhg a sheolfar an leabhar ‘Táin Bó Fliodhaise – Táin Bó Mhaigh Eo’ ag 8.00 i.n.
Simon Ó Faoláin
Spéisiúil, ach is focal seanbhunaithe sa litríocht é ‘réamhscéal’, níl aon ghá dul i muinín an Bhéarla.
aindrias
An siumiúl, Caithfmid é a leamh