‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas de bhille teanga tar éis ‘ocht mbliana ar gor air’

Dheimhnigh mórpháirtithe an fhreasúra sa Dáil ar maidin go mbeidh leasuithe móra á moladh acu ar reachtaíocht teanga nua agus gheall Aire Stáit na Gaeltachta go dtabharfaí éisteacht dóibh

‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas de bhille teanga tar éis ‘ocht mbliana ar gor air’

Cuireadh i leith an Rialtais sa Dáil ar maidin go bhfuil “praiseach” déanta acu den bhille teanga tar éis dóibh “ocht mbliana a chaitheamh ar gor air”.

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh a dúirt an méid sin le linn díospóireachta sa Dáil inar dheimhnigh mórpháirtithe an fhreasúra go mbeidh leasuithe móra á moladh acu ar an reachtaíocht teanga nua.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh nárbh “fhiú tráithnín” an bille nua mura ndéanfaí athruithe suntasacha air agus mhaígh sé go raibh “baol” ann gur “céim ar gcúl” a bheadh sa reachtaíocht agus go ndéanfadh sí “aimhleas” na Gaeilge dá n-achtófaí mar atá sí.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh súil aige go bhfaighfí éisteacht ón Aire Stáit Seán Kyne nuair a bheadh leasuithe ar an mbille á moladh sa bhliain nua, rud, dar leis, nach raibh faighte ag an bhfreasúra go dtí seo.

 Bhí súil aige, a dúirt Ó Snodaigh, go mbeadhfiacla” sa bhille faoin am a mbeifí réidh leis.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh an bille nua ar chuma scéal chulaith nua an Impire.

Mhaígh Calleary gurb amhlaidh a bhí toisc nach bhfuil aon “spriocamanna”, “brú” ná “pionóis” i gceist sa bhille nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go dtabharfaí éisteacht do leasuithe an fhreasúra sa bhliain nua.

Dúirt sé gur gá “timpeallacht a chruthú ina mbraitheann daoine múiníneach an Ghaeilge a úsáid is cuma cén leibheál cumais atá acu inti”.

Dúirt an tAire Stáit gur “céim chun tosaigh” foilsiú an bhille chun “cuidiú” leis an “sprioc” sin.

“Cabhróidh sé seo leis an bpobal an teanga a úsáid mar theanga pobail,” arsa Seán Kyne.


Na sceana á ngéarú sa Dáil do bhille ‘lag’ teanga


Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge ar “cheann de na hachmhainní nádúrtha is lúchmhaire atá againn” agus go gcreideann an rialtas “go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile”.

“Cé go bhfuil an rialtas tiomanta gach a dhéanamh taobh istigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn tá todhchaí na teanga ag brath go príomhá ar an bpobal,” a dúirt Seán Kyne.

Cuireadh tús ar maidin sa Dáil leis an bplé faoin bhille teanga agus easaontas mór idir an Rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta.

Deir an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” atá sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach deir an freasúra gur údar mór “díomá” atá ann.

Ag labhairt dóibh le Tuairisc.ie, dúirt mórpháirtithe an fhreasúra go léir go raibh “díomá” orthu faoin mbille nua a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite agus thug siad le fios go mbeadh leasuithe suntasacha á mholadh acu ina leith.


Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?


Fágann seasamh an fhreasúra agus baill  choiste Oireachtais na Gaeilge go ndéanfar an bille a leasú i dTithe an Oireachtais chun, mar shampla, go mbeidh spriocam luaite leis an bplean earcaíochta ann, leasú a dhealraíonn sé atá curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta agus a chomhghleacaithe rialtais.

Meastar go bhféadfadh go bhfágfadh an t-easaontas idir an rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas an bhille go gcuirfear moill ar an mbille i dTithe an Oireachtais agus gur ar éigean a bheidh sé achtaithe roimh an olltoghchán atáthar ag súil leis an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas de bhille teanga tar éis ‘ocht mbliana ar gor air’'