Póstaeir thoghcháin – cur amú airgid, nó fógraíocht fholláin?

Ní tearc na cúiseanna cáineadh a dhéanamh ar an mórchaiteachas a dhéantar ar phóstaeir thoghcháin ach mar sin féin…

Póstaeir thoghcháin – cur amú airgid, nó fógraíocht fholláin?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Faoistin i dtosach. Tá an ghráin ag scríbhneoir an cholúin seo ar phóstaeir thoghcháin.

Dúirt díograiseoirí atá ag stocaireacht ar son páirtithe agus ar son iarrthóirí neamhspleácha sna toghcháin áitiúla le Tuairisc.ie go bhfuil idir 4.50 agus €7 an ceann caite acu ar phóstaeir phlaisteacha.

Abair go gceannaíonn iarrthóir sa toghchán áitiúil 500 póstaer – is ionann sin agus caiteachas €3,000 ar phóstaeir (ar ndóigh bheadh caiteachas na bpríomhiarrthóirí sa toghchán Eorpach ar chéim níos airde).

Caiteachas mór ar bheagán toraidh, dar le mórán, agus údar réasúnta lena ngearán.

Ní tearc na cúiseanna gur féidir an mórchaiteachas seo ar phóstaeir, agus an mórshaothar a bhaineann lena gcur suas agus a mbaint anuas, a lochtú. Seo cúig cinn:

Cur amú airgid: Mar shampla, ar phóstaeireacht as cuimse. Níl aon mhíniú stuama ar an bhfáth go gcuireann iarrthóirí trí nó ceithre phóstaer suas taobh lena chéile, nó i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.

Ró-úsáid plaistigh: Glactar leis go forleathan gur chóir gach iarracht a dhéanamh ar mhaithe leis an gcomhshaol gan plaisteach a úsáid más féidir déanamh dá uireasa. Tuairim nach nglactar leis sa saol polaitiúil. 

Síorfhógraíocht gan chúis: Má fheicimid ainm agus gnúis iarrthóra ar phóstaer amháin ar thuras gairid, ní neartóidh ár meas air/uirthi toisc go bhfeicimid iad arís agus arís eile in imeacht lae.

Easpa brí: Níl ar fhormhór na bpóstaer ach grianghraf agus ainm iarrthóra agus, i gcás iarrthóirí atá ag seasamh ar son páirtí, ainm an pháirtí agus na n-iarrthóirí eile más ann dóibh (i gcló beag, nó an-bheag). Ní fhógraíonn a bhformhór polasaí ná fiú mana polaitiúil.

Éagothromaíocht: Ní hacmhainn do gach iarrthóir lear mór airgid a chaitheamh ar phóstaeir. Deir cuid acu go deimhin nach bhfuil póstaeir á gcur suas in aon chor acu, ar chúiseanna mar atá sonraithe thuas mar shampla. Tá contúirt ann go mbreathnaítear ar easpa póstaer mar chomhartha neamhshuime.

Is deacair easaontú le tuairimíocht mar seo. Go deimhin is féidir smaoineamh gan stró ar chúiseanna lena gcáineadh, nó lena srianadh. Ní cóir go mbeadh tionchar suntasach ar rogha na vótóirí ag cumas póstaeireachta nó saibhreas iarrthóra.

Mar sin féin, is féidir póstaeir agus fiú póstaeireacht iomarcach a chosaint. Cuimhnigh ar an gcéad dul síos ar an gcosc ar phóstaeir agus ar stocaireacht in aice le hionaid vótála atá i bhfeidhm anois le breis agus scór bliain.

Pádraig Flynn, an t-aire comhshaoil a mhol an cosc sin sna 1990idí, toisc gur measadh gur chóir go mbeadh vótóirí slán ó stocaireacht agus ó bholscaireacht agus iad ar tí dul isteach ag vótáil (gáire searbh ceadaithe, a léitheoir dhil, ag an bpointe seo).

Cén toradh a bhí agus atá ar a chosc? Gach áit ina mbíodh sé soiléir do chách fadó lá vótála go raibh toghchán nó reifreann ar bun, agus spéis mhór ag daoine ann, a mhalairt a bheas fíor seachtain ón Aoine seo chugainn.

Taobh amuigh den fhógra beag oifigiúil ‘Ionad Vótála’, ní thabharfar le fios ar aon dóigh eile go bhfuil gnó tábhachtach a bhaineann le gach saoránach ar bun, agus roghanna tábhachtacha le déanamh.

Sin é an gnó a dhéanann póstaeir go héifeachtach: teachtaireacht a chur os comhair an tsaoil go bhfuil rogha thábhachtach le déanamh agus daoine ar a ndícheall ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal leas a bhaint as a gcearta daonlathacha. 

Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil dúil na n-iarrthóirí, nó a bhformhór, iomarcach seafóideach ar go leor bealaí agus go deimhin páistiúil uaireanta.

Ach teastaíonn daoine ar mian leo go mór seasamh i dtoghcháin agus go dtoghfaí iad ó gach daonlathas folláin.

Más cur amú airgid agus ama is cúis le cuid mhór dá bpóstaeireacht, ní cur amú rómhór é. 

Fág freagra ar 'Póstaeir thoghcháin – cur amú airgid, nó fógraíocht fholláin?'