Post an Ard-Rúnaí i Roinn na Gaeltachta fógartha

Folúntas don phost is mó tionchar in earnáil na Gaeilge le líonadh agus Seosamh Ó hÁghmaill ag éirí as

Joe Hamill

Tá an post is sinsearaí agus is mó tionchar in earnáil na Gaeilge le líonadh agus Seosamh Ó hÁghmaill, Ard-Rúnaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta, ag éirí as.

Fógraíodh inniu go bhfuil folúntas “ag teacht chun cinn go luath” do phost an Ard-Rúnaí. Beidh an té a cheapfar ina cheannaire ar an Roinn agus beidh an duine sin freagrach as bainistiú na Roinne agus as a príomhpholasaithe a chur i bhfeidhm.

Deirtear nach gá go mbeadh an duine a cheapfar líofa sa Ghaeilge ach sa chás nach mbeadh Gaeilge líofa ag iarrthóir go gcaithfeadh sé a bheith in ann líofacht a bhaint amach “laistigh de thréimhse ama réasúnach”.

Tá triúr rúnaithe cúnta sa Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu agus is acu siúd is mó a mheastar a mbeadh seans ar an bpost, cé go bhfuil sé fógartha go poiblí ar PublicJobs.ie. Is iad an triúr sin ná Feargal Ó Coigligh, Brian Ó Raghallaigh agus Niall Ó Donnchú.

Thug Seosamh Ó hÁghmaill seacht mbliana ina Ard-Rúnaí sa Roinn. D’oibrigh sé mar Ard-Rúnaí le linn d’Éamon Ó Cuív, Pat Carey, Jimmy Deenihan agus Heather Humphreys a bheith ina n-airí sinsearacha sa Roinn. Bhí sé ag plé chomh maith le Dinny McGinley agus Joe McHugh mar airí stáit don Ghaeltacht agus, ar ndóigh, le Sean Kyne atá ina Aire Stáit don Ghaeltacht faoi láthair. Bhí Ó hÁghmaill ina rúnaí cúnta a raibh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air roimhe sin.

€175,000 sa bhliain atá luaite leis an bpost.