Portráid den ealaíontóir mar shúmaire agus mar striapach…

LÉIRMHEAS: Baineann A Ladder to the Sky, úrscéal nua le John Boyne le cúrsaí litríochta, cúrsaí croí agus le cur i gcéill agus is go hoilte a phléann an t-údar leis na nithe sin

Portráid den ealaíontóir mar shúmaire agus mar striapach…

Leabhar thar a bheith mórthaibhseach atá in A Ladder to the Sky (Doubleday), úrscéal nua le John Boyne. Baineann an leabhar le cúrsaí litríochta, cúrsaí croí agus le cur i gcéill – agus is go hoilte ar fad a phléann Boyne leis na nithe sin,  é ag tabhairt an léitheora ar cuairt trí chathracha móra na cruinne agus a gcuid salons liteartha.

Scéal Maurice Swift atá ann agus an rún urchóide atá ina chroí istigh, urchóid a cheileann sé ar chuid mhór daoine le plámás. An donas a bhaineann le Swift gur mhaith leis a bheith ina scríbhneoir mór le rá ach nach bhfuil an tsamhlaíocht aige mian a chroí a thabhairt i gcrích. Braitheann sé ar smaointe agus ar shamhlaíocht daoine eile lena fhís a fhíorú.

Éiríonn Swift mór le Erich Ackermann, Gearmánach de shliocht Giúdach a tháinig slán ón dara cogadh domhanda. Fear ollscoile agus scríbhneoir atá ann mar Ackermann ach scríbhneoir nach bhfuil clú agus cáil air – go dtí go mbaineann sé An Duais, gradam mór litríochta. Is i dtrátha an ama sin a chastar Swift air, freastalaí agus ábhar scríbhneora.

Titeann Ackermann i ngrá leis an fhear óg, fear atá cúpla scór bliain níos óige ná é – ach dúil gan fháil atá ann. Meabhlaíonn Swift é – tuigeann sé tionchar a cholainne óige ar shamhlaíocht an tseanfhir – agus ní fada go  mbíonn Swift ina chompánach buan ag Ackermann, é ag taisteal leis ó chathair go cathair agus é ag cur aithne ar literati na hEorpa agus Mheiriceá. Tá Ackermann doirte dó ach ní bhíonn caidreamh collaí ar bith acu – bíodh go mbíonn Swift á mhealladh agus á chiapadh le geallúintí ar chraiceann.

Mar sin féin, diaidh ar ndiaidh, scaoileann Ackermann scéalta agus smaointe le Swift agus scríobhann Swift síos iad, ceann ar cheann. Creideann Ackermann go bhfuil anamchara aige agus cá bhfios, amach anseo, leannán? Ní thuigeann sé an croí fuar atá in Swift, an dúil chraosach atá aige a bheith ina scríbhneoir. Ar chuimhní cinn Ackermann a bhunaíonn Swift a chéad leabhar, leabhar a mholtar go mór, agus leabhar a scriosann clú Ackermann.

Is cuma le Swift; tá a leabhar i gcló agus a ainm i mbéal an phobail. Baineann sé úsáid as Ackermann; tugann droim láimhe leis agus aimsíonn scríbhneoir eile agus scríbhneoir eile ina dhiaidh sin. Is cuma le Swift cé acu fear nó bean atá roimhe a fhad is gur féidir leis é féin a chur i lár an aonaigh liteartha. Is cuma leis scéal daoine eile a ghoid: ‘What are you writing?’ I asked him. ‘The story you just told her,’ he said. ‘It’s a good one. I thought I might use it for something.’

‘As it happens,’ I said, ‘after they left I thought the same thing. That it might make for an interesting opening for a novel. I was working through some possibilities in my mind.’ He lifted his notebook and waved it in the air triumphantly. ‘Sorry, Erich,’ he said, ‘it’s mine now. I wrote it down first!’

Is go cumasach a chuireann Boyne síos ar Swift, mar a chruthaíonn sé an carachtar agus mar a bhaineann an carachtar sin úsáid as a chraiceann – go liteartha – lena shlí bheatha féin a chur chun cinn.

Tá an leabhar líon lán le sleachta iontacha scríbhneoireachta, píosaí a chuireann síos ar an chollaíocht shantach idir daoine agus píosaí a chuireann síos ar shíceolaíocht an scríbhneora, ar an díth mhór sin in anam scríbhneoirí, ar an phaisean gan cheansú go mbeadh leabhar i gcló agus clú agus cáil orthu dá réir sin.

Lena chois sin, éiríonn le Boyne cliar eile carachtar a chur i láthair an léitheora atá inchreidte, carachtair ghonta dhaonna a chuireann leis an scéal agus a thugann léargas ar mheon Swift agus a chuireann síos go mothálach ar a ainmhianta uafásacha agus ar an scrios a dhéanann sé ar an chomhluadar a chastar air. (Leoga, scríobhann Boyne mír an-bhreá ar fad faoin scríbhneoir Gore Vidal agus creideann tú, creideann tú i do chroí istigh, gur tharla an eachtra, gur casadh Vidal agus Swift ar a chéile.)

Níl an leabhar saor ó locht ar fad, ámh. Mhothaigh mé go raibh críoch an scéil rud beag áiféiseach, go ndeachaigh an insint ó stiúir sna leathanaigh dheiridh, go raibh sé i gcontúirt fabhalscéal simplí a dhéanamh d’úrscéal tomhaiste. Ní mian liom an scéal a mhilleadh – nó tá cor nó dhó ann a bhainfeadh preab as an léitheoir – ach, ach, ach…

Arú, fút féin atá sé. Léigh agus déan do mhachnamh ar an phortráid seo den ealaíontóir mar shúmaire agus mar striapach.

Fág freagra ar 'Portráid den ealaíontóir mar shúmaire agus mar striapach…'