Poots uiríslithe ag DUP Donaldson agus an páirtí scoilte go dona

Tá sé soiléir go raibh an páirtí chomh míthrócaireach in aghaidh Edwin Poots is a bhí seisean in aghaidh Arlene Foster

Poots uiríslithe ag DUP Donaldson agus an páirtí scoilte go dona

Dá mbeadh breith ar a aithreachas ag Edwin Poots an staonfadh sé ón gceannairc in aghaidh Arlene Foster? D’éirigh leis í a ruaigeadh as ceannaireacht an DUP agus as céad-aireacht Stormont anuraidh ach bua Piorrach ab ea é.

Níor mhair a ról mar cheannaire ach trí seachtaine sular ruaig oifigigh an pháirtí é. Dé hAoine seo caite d’uirísligh na hoifigigh é arís, go poiblí, nuair a thug siad an t-eiteachas dó mar iarrthóir do thoghchán an Tionóil. Má ceapadh go raibh leigheas nó maolú ar an teannas sa pháirtí, ar an nimh fiú amháin, a nochtadh os comhair an tsaoil nuair a toghadh Poots ina cheannaire anuraidh is léir anois nach amhlaidh an scéal.

D’eascair an dráma is deireanaí as sceanairt na bliana seo caite. ‘Sé an t-athrú ceannaireachta faoi ndear an iomarca iarrthóirí do Stormont a bheith ag an DUP i nGleann an Lagáin agus Poots curtha ar deoraíocht sa tóir ar ainmniúchán ó na comharsana béal dorais san Dún Theas, an gar nach bhfuair sé.

Nuair a tháinig Jeffrey Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots d’fhógair sé go bhfillfeadh sé ó Westminster le bheith ina Chéad-Aire in Stormont. Níorbh fhéidir é a chomhthoghadh i dtoghcheantar ar bith ó shin ceal folúntais agus bhí Jeffrey Donaldson diongbháilte gur i nGleann an Lagáin a sheasfadh sé i dtoghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine. Tá sé ina fheisire Parlaiminte do Ghleann an Lagáin ó 1997 nuair a toghadh é don UUP mar chomharba ar iarcheannaire an pháirtí sin, a mheantóir Jim Molyneaux.

Bhí laghdú mór ar fharasbarr Donaldson san olltoghchán in 2019 ach is é rogha na coitiantachta é le bheith ar cheann an chomhairimh sa Bhealtaine. Dhá shuíochán Tionóil a bhí ag an DUP, ag Paul Givan agus Edwin Poots. Bhí Paul Givan chun tosaigh ar Poots in 2017 agus tá aithne níos fearr air anois ós é an Chéad-Aire. D’fhág sé sin go raibh cinneadh le déanamh faoi chúrsa Poots.

Tá dhá insint ar an méid a tharla. Bhí an Teachta Jim Wells díroghnaithe ag an bpáirtí san Dún Theas ach chuir sé in iúl do Donaldson gur mhian leis go mbeadh a chara, ó eite shoiscéalach an DUP, Edwin Poots, mar iarrthóir ina áit. Chreid Poots go raibh margadh aige le Jeffrey Donaldson gurb é a roghnófaí.

I leagan an pháirtí den scéal, níor deineadh margadh ar bith agus bhí Poots in iomaíocht le Diane Forsyth d’ainmniúchán. Chruthaigh sise go maith nuair a sheas sí do Westminster in 2019. Sí Forsyth, cuntasóir agus máthair triúir, a bhfuil cairdeas idir a muintir agus Jeffrey Donaldson, a fuair an t-ainmniúchán.

Ní hé seo an chéad dreas iomarbhá idir an bheirt. Bhí Forsyth ar dhuine de na daoine a d’éirigh as an DUP de bharr thoghadh Edwin Poots ina cheannaire anuraidh, í ag caint ar bhulaíocht agus cultúr frithbhan sa pháirtí. Fearadh an cogadh cathartha sa pháirtí go hoscailte ag an am, glúin eile sa pháirtí ag diúltú do na seanfhondúirí Paisleyacha, Poots agus Jim Wells.

D’fhill Forsyth agus a hathair, ar comhairleoir áitiúil é, chomh maith le daoine eile nuair a ruaigeadh Poots mar cheannaire, agus iad báúil le Jeffrey Donaldson. Thréaslaigh Arlene Foster a scéal go croíúil le Forsyth ar Twitter agus cé a thógfadh ar an iarcheannaire é má fuair sí blas ar an díoltas.

Chuaigh Jim Wells i mbun feachtais láithreach chun an t-ainmniúchán a chealú agus Poots a chur in áit Forsyth. Teastaíonn uaidh go gcuirfidh ardchomhairle an pháirtí cinneadh na n-oifigeach ar ceal ag cruinniú seachtain ón Aoine. Mheas roinnt go seasfadh Edwin Poots i nGleann an Lagáin i ndiaidh na teipe san Dún Theas, ach dúirt foinsí ar labhair sé leo nach raibh sé ar intinn aige é sin a dhéanamh.

Is léir nach raibh in íomhá an aontais sa pháirtí le tamall ach ceirín ar chneá na bliana seo caite. Bhí an nasc idir an Eaglais Shaor Phreispitéireach a bhunaigh Ian Paisley agus a pháirtí polaitíochta, an DUP, docht daingean ar feadh na mblianta. Tá an ceangal imithe i laige le tamall agus leithéidí Jim Wells ag cur i leith na cinnireachta reatha go bhfuil siad ag iarraidh gach rian den tionchar morálta sin a ghlanadh ar shiúl.

Seans gur áibhéil cuid de na gearáin ó Wells, tá roinnt daoine ón eite shoiscéalach fós sa pháirtí. Is cosúil gurb iad na vótóirí atá ag imeacht ón DUP chuig an TUV atá Jeffrey Donaldson ag iarraidh a mhealladh ar ais agus is le claonta traidisiúnta an DUP atá luí ag formhór an dreama sin. Ar an láimh eile má tá sé ag súil le tacaíocht ón óige nó ag súil le daoine a choinneáil ón UUP, caithfidh sé íomhá níos comhaimseartha a chothú don pháirtí, mórán mar atá ar siúl aige sa Dún Theas.

Cibé, tá sé soiléir go raibh an páirtí chomh míthrócaireach in aghaidh Poots, a nAire Talmhaíochta in Stormont, is a bhí seisean in aghaidh Arlene Foster. Tá sé soiléir freisin go leanfaidh an choraíocht idir eití difriúla an DUP.

Tig leis an bhfaicsean is cumhachtaí anois deireadh a chur le ré Edwin Poots ach ní buntáiste don pháirtí é a bheith ag tabhairt aghaidh ar thoghchán is é scoilte go nimhneach.

Fág freagra ar 'Poots uiríslithe ag DUP Donaldson agus an páirtí scoilte go dona'