Poots éirithe as tar éis trí seachtaine mar cheannaire ar an DUP

Tá an DUP in aimhréidh ó mhaidin mar gheall ar an margadh faoin reachtaíocht Ghaeilge a rinneadh aréir agus ceapachán na gcéad-airí in Stormont inniu

Poots éirithe as tar éis trí seachtaine mar cheannaire ar an DUP

Tá Edwin Poots éirithe as mar cheannaire ar an DUP mar gheall ar éirí amach sa pháirtí i dtaobh margadh faoin nGaeilge.

Trí seachtaine ó shin a ceapadh ina cheannaire Poots i ndiaidh dó féin agus a lucht tacaíochta éirí amach in aghaidh Arlene Foster.

Tá an DUP in aimhréidh ó mhaidin mar gheall ar an margadh faoin reachtaíocht Ghaeilge a rinneadh aréir agus ceapachán na gcéad-airí in Stormont inniu.

Aontaíodh aréir go n-ainmneofaí céad-aire agus leaschéad-aire ar an tuiscint go dtabharfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura mbeadh sé déanta in Stormont féin faoin am sin.

Ceapadh Paul Givan mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann agus athcheapadh Michelle O’Neill Shinn Féin ina LeasChéad-Aire.

Ach chuir baill shinsearacha den DUP, amhail Jeffrey Donaldson, Sammy Wilson agus Gregory Campbell, a míshástacht faoin margadh in iúl do Poots.

Rinne siad iarracht stop a chur leis an bpróiseas ainmniúcháin ach chuaigh Poots ar aghaidh leis ag meán lae inniu.

Bhí aighneas mór sa DUP faoin am sin, áfach, agus tuairiscíodh gur vótáil tromlach mór de bhaill tionóil an pháirtí in aghaidh dul chun cinn le hainmniúchán Paul Givan.

Bhí cruinniú eile ag oifigigh an pháirtí i mBeál Feirste anocht chun an chonspóid a phlé. Nuair a d’fhág sé an cruinniú sin, chuir Poots ráiteas amach ag fógairt go raibh sé ag éirí as.

Dúirt sé go raibh iarrtha aige ar chathaoirleach an pháirtí tús a chur leis an bpróiseas chun chun ceannaire nua a thoghadh.

Dúirt sé gur “tréimhse dheacair a bhí ann don pháirtí agus don tír”.

Leanfaidh sé ar aghaidh mar cheannaire nó go dtoghfar a chomharba, a dúirt Poots.

Fág freagra ar 'Poots éirithe as tar éis trí seachtaine mar cheannaire ar an DUP'

  • An Teanga Bheo

    Téagar agus smideanna beaga anois ba ghearr an seasamh aige é, easaontas sa bpáirtí silim.