
Tá an focal ‘police’ le feiceáil ar chultacha bhaill armtha an Gharda Síochána lena “shoiléiriú do náisiúnaigh choigríche agus do thurasóirí eachtrannacha’ gur seirbhís phóilíneachta ata iontu”.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána an méid sin le Tuairisc.ie nuair a fiafraíodh den eagraíocht cén fáth a raibh an focal Béarla le feiceáil ar bhrollach na nGardaí armtha a bhí ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na ndúnmharuithe sa chathair an tseachtain seo caite.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé beartaithe le roinnt blianta anuas an focal ‘police’ a scríobh ar chultacha bhaill an Aonaid Phráinnfhreagartha ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
Tógadh an cinneadh, a dúirt an t-urlabhraí “lena chinntiú go dtuigeann amhrastaigh gur baill den Gharda Síochána, an tseirbhís phóilíneachta, atá ann nuair atá Garda ag caitheamh culaith speisialta, nach gnáthchulaith de chuid an fhórsa í”.
“D’aithneodh formhór na ndaoine Garda ina ghnáthchulaith, is furasta é a aithint,” a dúirt sé.
Dúradh gur tógadh an cinneadh toisc nach bhfuil aon chosúlacht ag an bhfocal ‘Garda’ leis na focail atá in úsáid i mórtheangacha eile an domhain le ‘póilín’ a chur in iúl.
padraig
Fuascailt na faidhbe agat fein ansin ‘poilini’ a scriobh…’politie’ ata i bPleimeannais air mar shampla agus is fada ó bheith béasach cuid acu. Baineadh alt na Gaeilge amach as ‘an Post’ freisin le heagla nach mbeadh fhios againne duramain na tire seo cad a bhi i gceist, bhfuil aon dream eile ar chlar na cruinne seo chomh buailte basctha linn?
Pól Réamonn
Ar féachaint ar an éide, an veain agus na gunnaí agus ní léir go bhfuil siad na póilíní atá i gceist, ansin níl aon phointe ann an focal i mBéarla a scríobh.
Tomás Ó hÓgáin
Ráiméis ó ‘urlabhraí gan ainm’ gráin áidh orthu, ag déanamh cinntí dúra gan tuiscint gan éirim ag tagairt dóibh do ‘sláinte agus sábháilteacht’, ‘árachas’. Meatacháin lofa.
Daoine aonair gan ainm sa chóras in Éirinn ag déanamh cinntí a bhaineann leis an bpobal agus an tír ar fad…… náireach, leibideach, ainnis… plus ca change! plus ca change!
Fearn
Seo an fhorbairt: An Garda Síochána go An Garda . Anois: An Garda go Police ?
Tagaim leis an trí thrácht roimhe seo. Cúl le cine , meath mórtais agus sodar I ndiaidh fhaisean an domhain béarlabháigh
Eilis Ní Anluain
Tá leaganacha den bhfocal garda i dteangacha eile. Agus mar a luaitear thuas tá póilin againn i nGaeilge. Tá sé cosúil leis nós atá ag teacht isteach, ag polaiteoirí agus ag iarrthóiri toghchána ‘the national parliament’ a thabhairt ar an Dáil. Ní fada go mbeidh MP acu ar TD agus prime minister ar an taoiseach!